Ginealas na hÉireann
Is fada riamh go raibh tábhacht ar leith ag gabháil leis an nGinealas in Éirinn: cuimsítear tuairiscí ar ghinealaigh na scothaicme dúchais i gcuid mhór de na lámhscríbhinní Gaeilge atá tagtha anall ó na meánaoiseanna chugainn. Ó thaobh amháin de, níl ach dlisteanú á dhéanamh ag lucht an chinsil ar a gcuid cumhachta sa méid sin, rud a bhfuil taithí fud fad an domhain air. D’fhéadfadh go raibh baint ag gné eile de luathschochaí na hÉireann leis chomh maith, áfach. De réir an Fhéineachais, ní do theaghlaigh ná do dhaoine ar leithligh a dílsíodh an réadmhaoin ach don derbhfhine .i. mórfhine inar cuimsíodh col seisreacha, sliochtaigh an aon tsin-seanathar amháin. I bhfocail eile, bhraith cibé maoin a d’fhéadfadh a bheith agat ar na daoine a bhí gaolta leat. Tá an meon sin i leith an ghinealais, agus é dírithe ar an gaol atá san am i láthair ann, fós mar dhlúth is inneach i gcultúr na hÉireann. Is é an freagra a thug mo mháthair féin, a d’fhéadfadh a gaolta a chur isteach óna cuimhne - a bhí, dar leat, scaipthe ar fud Oirthear na Gaillimhe agus Tuaisceart Chontae Roscomáin trí chéile geall leis - ar mo chuid ceisteanna faoina seanmhuintir agus a sin-seanmhuintir ná ‘Cad chuige a dteastaíonn uait dul amach orthu siúd? Nach bhfuil siad go léir curtha caillte?’ In ainneoin na n-athruithe in Éirinn le fiche bliain anuas, féadann móriarmhairtí fós a bheith ag gabháil le gaolta sínte an teaghlaigh.
Díothú Oifig na dTaifead Poiblí
Tá méid áirithe miotas a d’fhéadfadh ciotaí a dhéanamh don duine a dteastaíonn uaidh taighde a dhéanamh ar shinsearaigh in Éirinn. An ceann is mó a luíonn leis an bhfírinne shearbh ná gur díthíodh gach taifead i 1922. Ní fhágann sin ná go raibh ar thit amach go huafásach. D’úsáid na fórsaí frith-Chonartha i gcogadh na gcarad an seomra daingean in Oifig na dTaifead Poiblí de chuid na hÉireann, mar a raibh i dtaisce formhór mór de thaifid riaracháin oileán seo na hÉireann ón 14 haois anall, mar stóras lón lámhaigh. Phléasc na muinisin agus rinne ciota fogha de na taifid ar fad tar éis do shliogán a thuirlingt istigh ann. Níor tháinig slán ach an beagán taifead sin i Seomra Léitheoireachta an OTP ag tús na coinbhleachta.
Ó thaobh an ghinealais de, ba iad seo a leanas na cailliúintí ba shuntasaí:
- tuairisceáin daonáirimh an 19 haois a bhí tagtha slán,
- timpeall ar dhá thrian de chláir na bparóistí réamh-1870 de chuid Eaglais na hÉireann.
- gach uacht a tháinig slán agus a ndearnadh probháid uirthi in Éirinn.
Bíodh go bhfuil laincis fós ar chúrsaí taighde in Éirinn, go háirithe de bharr gur cailleadh na tuairisceáin daonáirimh, tháinig gach taifead eile nach raibh in OTP sa bhliain 1922 slán. Áirítear orthu sin cláir na bparóistí nár bhain le hEaglais na hÉireann, cláir shibhialta breitheanna, póstaí agus básanna, cláir réadmhaoine agus daonáirimh níos déanaí. Agus tá coimrithe, athscríbhinní agus blúirí de na bunleaganacha i gcomhair cuid mhaith den ábhar a díothaíodh. De dhéanta na fírinne, agus sinn ag iarraidh an ceann is fearr a chur ar an scéal, d’fhéadfaí a rá gurb amhlaidh a shimpligh tubaist sin 1922 taighde ar thaifid de chuid na hÉireann, ach ar an gcuma chéanna nach mór inar ‘simplíodh’ Éire tar éis cuairt Chromaill i 1649.
An bhfuil taifid na hÉireann ‘deacair’?
Miotas eile fós é go bhfuil deacracht as an ngnáth ag baint le taifid na hÉireann a úsáid. Is é fírinne an scéil ná gurbh é a bhí sa Ríocht Aontaithe ná Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. I bhfocail eile, dhá chuid den aon tír amháin ab ea an dá oileán ó 1800 go dtí 1922. An chéad iarmhairt a lean é sin nach bhfuil aon taifead oifigiúil ar an imirce go dtí an Bhreatain, ón uair nach raibh ar bun ag na hÉireannaigh sa Bhreatain i dtaca an ama sin ach bogadh ó thaobh amháin go taobh eile den tír. Ach an iarmhairt ba thábhachtaí do thaighdeoirí go bhfuil cosúlachtaí láidre idir córais taifid na Breataine agus na hÉireann, go háirithe i bhformáidí thaifead éagsúil na gclár sibhialta, sna córais a úsáidtear chun daonáirimh a dhéanamh agus, go pointe áirithe, i gcóras na bparóistí.
Tá taifid de chuid na hÉireann an-lárnaithe chomh maith - féadfar gach ábhar suime nach mór a fháil sna hinstitiúidí i mBaile Átha Cliath. Is iad cláir de chuid eaglais na n-easaontóirí Uladh na haon phríomhthaifid réamh-1922 a choimeádtar lasmuigh de Bhaile Átha Cliath amháin in Oifig na dTaifead Poiblí de chuid Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste.
Cén t-eolas a bheidh uait chun tabhairt faoi?
An áit, an áit, an áit. Agus an áit. Is é an contae bunaidh, ar a bheag, a bheidh uait muna raibh sloinne aduain ar fad ar do shinsearach, agus b’fhéidir nach mbeidh an contae nó an paróiste féin sainiúil a dhóthain más sloinne comónta é. Tá formhór mór de thaifid na hÉireann roimh na 1860dí suíomhshonrach agus toisc go mbítear ag braith go mór ar bhlúirí nó ar ionadaigh dhaonáireamh áitiúil - toradh amháin ar thubaist 1922 - d’fhéadfadh cuntais chlár atá bunoscionn go maith le chéile a bheith ann fiú ag na paróistí comharsanachta. Folaíonn an dá threoirleabhar chaighdeánacha ar an sórt sin taighde, Tracing Your Irish Ancestors óm pheann féin (Gill & Macmillan, 3ú eagrán, 2006) agus Irish Records de chuid James Ryan (Flyleaf Press, 2 eagrán, 1998) liostaí mionsonraithe de réir an chontae a thaispeánann na taifid a slánaíodh.
Agus áit bhunaidh de chuid na hÉireann á lorg agat
B’fhéidir nár mhór duit dul ag bolaíocht thart. Maidir le Meiriceá Thuaidh de, d’fhéadfadh go soláthródh taifid eadóirseachta, cuntais iarbháis, taifid reilige agus adhlactha agus taifid mhíleata leideanna ríthábhachtacha. Soláthraíonn torthaí daonáirimh ó 1841 go dtí 1891 de chuid na Breataine áit bhreithe ar leithligh uaireanta ach ‘Éire’ is ea a thugtar níos minicí ná a mhalairt. Slí amháin chun teacht timpeall air sin ná teaghlaigh Éireannacha eile sa cheantar céanna a scrúdú: bhí imircigh ó na limistéir chéanna in Éirinn an-leanúnach ar a chéile agus d’fhanaidís i bhfochair a chéile de ghnáth. Tá seans maith ann gurb é an contae bunaidh a cuireadh síos do chuid de na comharsana an ceann a bhaineann le hábhar. Ráite go bhfuil an oiread sin de na torthaí sin ón 19 haois ar-líne anois, is fusa go mór cor i bhfad níos leithne a thabhairt.
Ach nuair is eolas faoi áit in Éirinn a bhíonn i dtreis, cuirtear an ghnáthchomhairle le haghaidh taighde ar ghinealas i bhfeidhm agus tú ag dul i mbun oibre .i. caintigh le do sheanmháthair. Féadfar fuirseadh gan aird a sheachaint thiar in eirbeall ach traidisiún an teaghlaigh a dhíchódú.
Foinsí de chuid na hÉireann
Nuair a bhíonn tú ar tí taighde ar thaifid de chuid na hÉireann a dhéanamh is é is dóichíde go n-úsáidfidh tú ceann amháin den cheithre chatagóir mhóra a bhaineann leis an uile dhuine, geall leis. Is iad seo a leanas iad:
- Taifid shibhialta
- Taifid daonáirimh
- Taifid de chuid na hEaglaise
- Taifid réadmhaoine
Taifid Shibhialta
Tosaíodh ar na póstaí neamhchaitliceacha a chlárú in Éirinn in 1845. Rinneadh gach breith, gach bás agus pósadh a chlárú in Éirinn ó 1864. Is iad na príomhphointí rochtana orhtu ná Oifig an Chláraitheora Ghinearálta de chuid Thuaisceart Éireann agus Oifig an Chláraitheora Ghinearálta i mBaile Átha Cliath. Tá cóipeanna micreascannáin de gach taifead breithe sa 19 haois geall leis i Leabharlann Stair an Teaghlaigh le hEaglais Chríost de chuid Naoimh na Laethanta Deireanacha (NLD), ar féidir iad a scrúdú ar a líonra .i. Ionad Stair an Teaghlaigh - tá Ionad den sórt sin ag gach teampall de chuid NLD. Tá an chéad 12 bhliain de thaifid bhreitheanna na hÉireann, 1864-1875, mar chuid d’Innéacs Ginealais idirnáisiúnta acu agus iad ar fáil dá bhrí sin trí phríomhlíonra NLD, www.familysearch.org.
Taifid Daonáirimh
Is iad na tuairisceáin chuimsitheacha is luaithe a slánaíodh ná ceanna na mblianta 1901 agus 1911 agus iad ar fáil ar mhicreascannán i gCartlann Náisiúnta na hÉireann agus tríd na NLD. I bhfad na haimsire féadfar iad sin uile a rochtain saor in aisce tar éis ag www.census.nationalarchives.ie. Cuimsítear tuairisceáin na bliana 1911 do Bhaile Átha Cliath sa suíomh faoi láthair.
Taifid Eaglasta
Sular tosaíodh ar chlárú sibhialta le haghaidh gach duine in 1864, ba iad na taifid eaglasta amháin, geall leis, an t-aon fhoinse dhíreach le heolas teaghlaigh a fháil.
Caitliceach Rómhánach: Caitlicigh ab ea formhór mór de mhuintir na hÉireann agus is iad na tuairisceáin de chuid na hEaglaise Caitlicí an fhoinse is tábhachtaí ar fad maidir le heolas a fháil ar ghinealas na hÉireann. I ndiaidh dóibh cuid mhaith blianta a chaitheamh ar mhicreascannáin a dhéanamh tá cóipeanna de gach clár a slánaíodh, geall leis, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ceadaítear don phobal taighde a dhéanamh maidir leo, cé is moite de na tuairisceáin a bhaineann le deoise Chaisil agus Imligh a fholaíonn codanna de chontae Thiobraid Árann agus Luimnigh agus atá iata ar ordú ón Ardeaspag. Ní féidir iad sin a rochtain ach amháin trí thaighde íoctha i dTaighde Stair an Teaghlaigh de chuid Thiobraid Árann.
Tá micreascannáin de thart ar 40% de na cláir i Leabharlann Stair an Teaghlaigh de chuid NLD atá ar fáil trí líonra Leabharlann Stair an Teaghlaigh agus tá athscríbhinní de 12 pharóiste sa CD British Isles Vital Records Index, 2 hEagrán, a bhformhór i gContae Roscomáin.
Fairis sin, tá athscríbhinní bunachair de 85% nach mór de chláir na gCaitliceach ar líonra an ionaid oidhreachta áitiúil, ach níl fáil orthu sin ach trí thaighde a choimisiúnú. Féadfar A liosta an-bhunúsach de na hionaid a fháil ag www.irish-roots.net
Féadfar forbhreathnú ar na cóipeanna éagsúla de na taifid a fháil ag www.irishtimes.com/ancestor/browse/counties/rcmaps.
Eaglais na hÉireann: Nuair a díbhunaíodh Eaglais na hÉireann in 1869, rinneadh taifid phoiblí de chláir a póstaí roimh 1845, maraon le cláir a baistí agus a hadhlacthaí roimh 1870. Dá bharr sin, coimeádadh thart ar dhá thrian de na cláir uile in OTP sa bhliain 1922 agus díothaíodh iad sin uile. Ar an dea-uair, bhíothas tar éis mórán athscríbhinní a dhéanamh. Tríd is tríd slánaíodh roinnt ábhar le haghaidh 60% de na paróistí a bhain le hEaglais na hÉireann, a bheag nó a mhór. Tá cóipeanna mícreascannáin i gCartlann Náisiúnta na hÉireann agus in Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann de na cláir uile a slánaíodh geall leis. Coimeádtar an chuid is mó de na bunfhoinsí i Leabharlann Chomhlucht Ionadaíoch na hEaglaise i mBaile Átha Cliath.
Preispitéireach: Go ginearálta, tosaíonn cláir na bPreispitéireach i bhfad níos déanaí ná na cinn a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Is minic luath-thaifid bhaistí, phóstaí agus bhásanna na bPreispitéireach ar fáil i gcláir an pharóiste áitiúil de chuid Eaglais na hÉireann. Taobh amuigh de na taifid atá ar coimeád go háitiúil is in Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann atá príomh-bhailiúcháin chlár na bPreispitéireach in Éirinn, agus Cumann Staire na bPreispitéireach i mBéal Feirste.
Taifid Réadmhaoine
De bharr díothú na bliana 1922 tá tábhacht as an ngnáth le dhá bhailiúchán taifead ó lár agus ó thosach an 19ú haois, mar atá Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna ó 1823-1838 faoi seach, agus ‘Primary Evaluation’ na mblianta 1847-1868 de chuid Griffith.
Cuimsítear i Leabhair na nDeachúna suirbhé a rinneadh de réir an pharóiste chun a dhearbhú cé méid a chaithfeadh gach sealbhóir talún a bheadh faoi dhliteanas a íoc. Ní mó ná slán atá siad, agus mórán díolúintí iontu, ach is iad an t-aon ionadach daonáirimh atá ar fáil don tír don tréimhse sin iad. Tá cóipeanna micreascannáin ar fáil sa Chartlann Náisiúnta, an Leabharlann Náisiúnta, i NLD agus OTPTÉ (do na sé chontae i dTuaisceart Éireann).
Tá ‘Valuation’ Griffith i bhfad níos substaintiúla, agus taifead déanta ann ar gach áitritheoir réadmhaoine in Éirinn in imleabhair a leagadh amach de réir an chontae agus iad arna fhoilsiú idir 1847 agus 1868. B’fhéidir gur toisc gur foilsíodh na leabhair agus nach bhfuil aon chóipcheart ag gabháil leo gurb ann is mó a gheofar athscríbhinní agus innéacsanna thar aon fhoinse eile de chuid na hÉireann.Tá líon na sealbhóirí tí de réir an pharóiste shibhialta ar fáil ag www.irishtimes.com/ancestor/. A Féadfar teacht ar sheirbhís íocaíochta fara innéacs iomlán agus íomhánna scanta de na leathanaigh bhunaigh ag www.origins.net.
Tá sraith athleasuithe a rinneadh ar an ‘Valuation’ bunaidh san Oifig Luachála Talún, a fhéadfar a úsáid chun sinsearaigh a rianú anall go dtí lár an fhichiú haois.
Cad atá le foghlaim againn as ginealas na hÉireann?
Féadann taighde ar stair an teaghlaigh in Éirinn a bheith deacair, ach is féidir leis sásamh a thabhairt leis ar bhealaí nach mbeifí ag súil leo. Maidir le tír ina mbíonn argóintí neamhréitithe na stair ag déanamh cros i gcónaí, cuireann an dearcadh ón mbun aníos ar an stair a sholáthraíonn an ginealas, contráthachtaí doimhne i bhfís orainn go minic a dhéanann ciota fogha de loighic na dtreibheanna agus na staitisticí.i. bundúchasaigh Protastúnacha agus plandálaithe Caitliceacha, póstaí thar na gcultúir, teaghlaigh Ghaelacha agus sloinnte Gallda orthu, inimirce, soghluaiseacht shóisialta,... Má eiríonn leat dul siar fada do dhóthain, tháinig an uile dhuine againn as áit ar leithligh, agus ó dhuine ar leithligh. Múineann an ginealas nach ann do threibheanna ná do chiníocha íonghlana. An t-aon bhunfhírinne amháin a bhaineann leis go bhfuil gaol againne go léir le chéile mar thuilithe.
Léitheoireacht bhreise:
- Gorry, Paul & MacConghail, Máire, Tracing Irish ancestors, (London, Harper Collins, 1997) ISBN 0004720954
- Grenham, John, Tracing your Irish Ancestors, (3rd ed. Dublin, Gill & Macmillan, 2006) ISBN: 0 7171 2796 6
- Maxwell, Ian, How to Trace Your Irish Ancestors: (Oxford, Howto Books, 2008), ISBN 1845282345
- Ryan, James, Irish Records: Sources for Family & Local History, (2nd ed. Dublin, Flyleaf Press, 2000) ISBN 0-916489-79-0
Suímh:
- www.irishtimes.com/ancestor: suíomh ‘conas tabhairt faoi’, le mapaí agus liostaí foinsí
- www.census-nationalarchives.ie: daonáirimh 1901 and 1911, saorchead rochtana
- www.familysearch.org: port de chuid na Mormon, lena n-áirítear athscríbhinn i bpairt de bheireatais in Éirinn ó 1864-1875
- www.origins.net: suíomh ranníocaíochta fara cóip shármhaith de Valuation Griffith maraon le léirscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis.
- www.ancestryireland.com: tá rogha mhaith d’abhar ‘ranníocaíocht amháin’ ag Fundúireacht Staire Uladh.
- www.proni.gov.uk: féadfar sárábhar a thaighde in aisce’ lena n-áirítear liostaí saorshealbhóirí in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann agus Cúnant Uladh 1912.
- www.brsgenealogy.com: Ta cuardach ‘íoc ar amharc’ ar thaifid eaglasta do roinnt contaetha i suíomh Fhoras Stair an Teaghlaigh in Éirinn.