Geografaíocht na hÉireann

An tOllamh William Nolan

Folaíonn Poblacht na hÉireann 70,282 ciliméadar cearnach d’oileán na hÉireann, oileán a bhfuil achar 84,421 ciliméadar cearnach ar fad ann. Tá sí lonnaithe sa taobh thiar thuaidh is sia ó ilchríoch na hEorpa agus í idir 51° agus 55° den domhanleithead thuaidh agus 5° agus 10° den domhanfhad thiar.

Agus í á teanntú ag uiscí aintréana an Aigéin Atlantaigh a bhriseann ar a cuid cladach thuaidh, theas, agus thiar, ba iad na teagmhálacha a bhí aici lena comharsa anoir thar chúngbhealach Mhuir Éireann, an Ríocht Aontaithe, a mhúnlaigh a cuid staire agus a geografaíocht trí chéile.

Agus í á tuargaint gan staonadh ag ionraí, mar a bhí, na Lochlannaigh sa naoú haois, na hAngla-Normannaigh sa 12 haois agus na Sasanaigh Nua ó 1500 i leith, níor éirigh le Sasana an t-oileán a chomhshamhlú le Sasana go dtí an concas deiridh san seachtú haois déag. Faoin tráth sin ba mhó an inimirce a rinne cóilínigh ó Shasana agus ó Alba den chuid is mó go dtí an taobh ó thuaidh den oileán seachas áit ar bith eile faoin tír. Ba dhóichíde iad siúd a bheith ina bPreispitéirigh agus ina nAnglacánaigh as los an Reifirméisin. Ba é a bhí i ndán do gheografaíocht na hÉireann as sin amach go mbeadh an t-idirdhealú reiligiúnda agus eitneach ina gcomharthaí sóirt aici dá bharr sin.

Nuair a thriail náisiúnaigh an t-oileán a athghabháil mar stát neamhspleách, ardcheannasach i ndeireadh an naoú haois déag agus i dtosach an fhichiú haois, chuir sliochtaigh na luathimirceach a gcosa i bhfeac in aghaidh aidhmeanna den sórt sin. Ar bhigil an Chéad Chogaidh Dhomhanda ba bheag amhras a bhí ar rialtas Shasana ná gur ghá pobal a bhí Protastúnach ó thalamh agus bá láidir leis an mBreatain acu, a dhealú amach i dTuaisceart na hÉireann sula mbronnfaí féinrialtas ar an gcuid eile den tír. Bhris cogaí amach as a los sin ach de réir fhorálacha an Achta um Rialú Éireann (1920) rinneadh an t-oileán a chríochdheighilt idir Tuaisceart na hÉireann - a comhshnaidhmeadh leis an Ríocht Aontaithe - agus Saorstát na hÉireann. Taispeánann mapa na linne seo an teorainn idirnáisiúnta talún a chaolaíonn go guagach trí thír na ndroimlíní lastuaidh den lár-réigiún a cheanglaíonn Loch Cairlinne i Muir na hÉireann le Doire Cholmcille ar chósta an Atlantaigh. Tá Tuaisceart na hÉireann lastuaidh den líne sin agus Poblacht na hÉireann laisteas (ó 1949).

Cuireadh críochdheighilt ar bun a bhuíochas le córas réigiúnach nó leis an mbonn contae a bhí faoin rialtas áitiúil agus a d’eascair beagán ar bheagán ón dara haois déag. Bunaíodh na contaetha ar chóras rialtais na síreanna agus chomhlíonadar feidhmeanna cineachta riaracháin i ndáil le ceartas, sláinte, cánachas agus infreastruchtúr ginearálta. Fabhraíodh de réir a chéile iad agus ba de thoradh ar choncas a cuireadh ar bun iad. Sír ab ea Baile Átha Cliath faoi na 1190dí ach níor cruthaíodh an contae deireanach - Cill Mhantáin - go dtí 1606.

Toisc gur múnlaíodh iad thar thréimhse fhada ar chúiseanna polaitiúla, tá na contaetha an-éagothrom ó thaobh scála agus daonra. Tá na contaetha is mó, mar atá Dún na nGall, Maigh Eo, an Ghaillimh, Ciarraí agus Corcaigh ar scaradh gabhail ar an Atlantach agus tá Contae Bhaile Átha Cliath agus Lú i bhfad níos lú ar an gcósta thoir ach, de bharr cúinsí geografaíochta agus staire, tá líon daoine i bhfad níos mó iontu. Chuidigh bailte na gcontaetha le líonra de lárlimistéir ar fud na tíre a chruthú agus mórionaid chumhachta réigiúnacha is ea iad i ndáil le forbairt eacnamaíochta nua-aimseartha.

Ó na 1970dí anall cruthaíodh socruithe nua spasúla de thoradh ar an mbéim a leagadh ar phleanáil fhisiciúil ach, mar mhaithe le cúiseanna tionsclaíochta nó talmhaíochta, ba ar eiseamláirí na seanmhúnlaí a bunaíodh iad de ghnáth. Ar shon nach bhfuil an contae préamhaithe go doimhin i seanreacht Ghaelach na hÉireann is é atá mar fhócas anois againn don chomhfhiosacht réigiúnach agus, go fiú, don tírghrá réigiúnach. Paradocsa iontach is ea é i ngeografaíocht chultúr na hÉireann go bhfuil borradh agus fás i gcónaí faoin gcomhartha concais sin ó thaobh réimse aigne, toisc gur ghlac Cumann Lúthchleas Gael go pragmatach (a bunaíodh in 1884 chun na cluichí dúchais a athnuachan) le haonad an chontae mar bhonn eagrúcháin.

De réir torthaí an daonáirimh is déanaí clasaíonn 88% den cheithre mhilliún duine in Éirinn iad féin mar bhaill den Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Sórt stát ionadach ab ea an Eaglais Chaitliceach riamh anall a d’fheidhmigh córas cothreomhar rialtais, geall leis, a bhuíochas leis an 1,000 paróiste a bhí aici ar fud na tíre agus iad á mbainistiú ag a cuid sagart. Bhí na séipéil mar phríomhthionóntaí in áiteanna iargúlta faoin tuath agus sna bruachbhailte rábacha. Mar thoradh ar bhorradh mór daonra sna 1970dí, bunaíodh thart ar 90 paróiste nua Caitliceach i mór-réigiún Bhaile Átha Cliath, rud a chruthaíonn mothú leanúnachais sna hárasáin ardstóracha agus sna hionaid siopadóireachta gan chuimse. D’imir an inimirce a tharla le déanaí athrú ar an gcruth reiligiúnda sa phobal ach níor athraigh ó bhonn é, go príomha toisc gur ó thíortha Caitliceacha mórán de na hinimircigh ar an mórchóir, mar atá an Bhrasaíl agus an Pholainn.

Níl aon traidisiún dúchasach cartagrafaíochta in Éirinn sa tslí gur faoi na hallúraigh a fágadh an phribhléid luathmhapaí na hÉireann a dhéanamh agus geografaíocht na hintíre a fhionachadh. Go deimhin ba é Ptolemy, geografaí ón nGréig, a ghaibhnigh an chéad léiriú den oileán ina cheardlann i gCathair Alastair. Saothar mall leadránach ab ea é Éire a chur ar an mapa agus níor tháinig ann don tír inaitheanta nua-aimseartha nó gur foilsíodh an Hiberniae Delineatio le William Petty i Londain sa bhliain 1685. Ina dhiaidh sin thaispeáin an 1,906 bileog a d’fhoilsigh an tSuirbhéireacht Ordanáis, troscán an oileáin go mionsonraithe nuair a bhí an daonra in airde láin sular scuab an Gorta Mór mórán de chun siúil.

Tá éagsúlacht mhíchuibheasach ag roinnt le geografaíocht na hÉireann - í arna leagan síos ag an ngeolaíocht, arna cruthú ag an ngeomoirfeolaíocht agus arna claochló ag fórsaí daonna; tá fad chósta 2,797 ciliméadar san oileán mara seo. Tá an tír 303 cileaméadar ar fhad ó Cheann Mhálainne i nDún na nGall go dtí Carn Uí Néid i gCorcaigh agus 274 cm ar leithead ó Bhinn Éadair i mBaile Átha Cliath go dtí Ceann Léime na Gaillimhe. Tírdhreacha mórthaibhseacha is ea imill chósta an Atlantaigh fhiáin agus aillte arda ar a bhfuaid anseo is ansiúd, mar atá Sliabh Léig, Sliabh Mór (Oileán Acla), Inis Mór agus Aillte an Mhothair - lomimeall na bóchna féin. Éiríonn beanna caola intíre lastuas de bhratphortaigh agus déanann faobhar cosanta sléibhe a mhúnlaíonn beatha an duine agus an aimsir trí chéile. Tá ceithre cinn de bheanna na hÉireann atá os cionn 3,000 troigh (900 méadar) sna Cruacha Dubha i gCiarraí. Ar bhólaí scéirdiúla an Atlantaigh chéanna is ea a ghaibhnigh feirmeoirí na goirt agus mhair trí gach caolchuid agus gach ainnise dá olcas nó go ndearna speal an Ghorta Mhóir, 1845-1849, agus gach ar lean é scrios ar an daonra.

Dreach eile ar fad is ea an cósta thoir, mar atá tránna ísle agus dumhcha gainimh ar a gcúl, gona chinntíre creagacha go headrannach ó Loch Garman aníos go dtí Contae Lú. An chuid seo den tír an log ab ansa le hinimircigh chun teacht i dtír le fada riamh agus tá na dúthaí méithe máguaird ar maos le hiarsmaí seandálaíochta agus staire. Agus smionagar ón oighearaois mar bharr ithreach anuas air, is talamh curadóireachta níos mó ná 80% de thalamh uile Chontae na Mí, Chill Dara, Bhaile Átha Cliath, Lú, Loch Garman agus Chontae na hIarmhí. Grán ab ea airgead na meánaoise a chruthaigh an farasbarr chun saol na bhfuíoll a choinneáil le háitritheoirí na mbailte mar ar lonnaigh na hionróirí, ar an mórchóir. Sa dúthaigh maguaird is ea a tógadh tithe móra na hÉireann ar thírdhreacha sciamhacha agus gleannta na n-aibhneacha á maisiú ar feadh na slí acu. Ach i dtírdhreach a raibh éagsúlacht shíoraí ag roinnt leis, rinneadh masaíf siosta agus eibhir de shléibhte Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath sa tslí gur chuma iad nó stáitse chúlra.

Tá idir shléibhte agus ghleannta mar radharc tíre i lárdheas na Poblachta. Is tríothu sin a shníonn aibhneacha go malltrialach tríd an talamh is fearr san Eoraip i línte comhthreomhara ag gabháil anoir - an tSláine, an Bhuire, an Niúr, an tSiúir, an Abha Mhór agus an Laoi. Nuair a shroicheann na haibhneacha béal na farraige is ann a théann na bailte ar ancaire. Topagrafaíocht atá níos measctha ach atá aonchineálach a chosnaíonn na bealaí ón lár go dtí an taobh ó thuaidh den oileán. Maolchnoic ísle atá dlúite ar a chéile agus iomrá orthu mar thopagrafaíocht ar chuma í nó ‘ciseán uibheacha’, a bhfuil paistí de thailte portaigh agus talamh fliuch riascach ag fulaing leo agus iad ag síneadh ó Loch Cairlinne go dtí Cuan Mó i gContae Mhaigh Eo. Limistéar é seo atá breac le feirmeacha beaga clasaiciúla agus iliomad gort iontu a bhfuil teorainn cháiréiseach thart orthu agus iad á gcosaint go héadmhar chomh maith lena n-áitribh agus a gcróite atá cuachta go cluthar istigh faoi dhreach na droimlinne.

Cé is moite den choillearnach - a raibh bánú ar fad déanta uirthi geall leis - a fholaíonn 9% de dhromchla na tíre i bplandálacha sprús Sitceach go mórmhór, ceann de thírdhreacha na tíre is suntasaí de chuid na Poblachta is ea na portaigh ardaithe (sna hísealchríocha) agus na bratphortaigh (sna hardchríocha). Agus 17% de dhromchla na tíre á fholú aici, tá an chuid is mó den mhóin dhonn bainte anois a bhuíochas le dianbhaint mheicniúil. Le linn an bhreosla agus an bhunfhoinse fuinnimh seo a bheith á gcartadh gan sámhnas, nochtadh roinnt rún seandálaíochta de chuid an náisiúin, agus luach do-áirithe acu, a bhí folaithe agus caomhnaithe sna bogaigh sin. B’fhéidir gurb iad na cinn is áille agus is leochaillí chomh maith ná na limistéir sin mar a bhfuil pábhálacha loma aolchloch dlúite ar a chéile ar chósta thiarláir an Chláir agus na Gaillimhe. Buaileann na léibhinn shnoite sin, idir thalamh íseal agus ard, leis an bhfarraige i mBá na Gaillimhe. Díreach ó dheas tá na comhstrataim ghuail i ndúire Shliabh Eilbhe, rud a chruthaíonn go raibh tarraing ar fhoinsí breosla sa tír tráth dá raibh. Ach cibé rud a bhronn an gheolaíocht orainn is é a bhain an gheomoirfeolaíocht dínn.

Sa bhliain 1841 bhí daonra taifeadta de 6,528,770 i bPoblacht na hÉireann a raibh a bhformhór mór gafa le cúrsaí talmhaíochta agus cónaí orthu amuigh faoin tuath. Laghdaigh an gorta agus an imirce an uimhir sin anuas go dtí 2,971,677 faoin uair go ndearnadh an chéad daonáireamh sa Saorstát neamhspleách nua i 1926. Faoi 1966 bhí cónaí ar bhreis is 50% den daonra taifeadta i gceantair uirbeacha chomhiomlána. Ón uair sin rinneadh muintir na sráideanna de mhuintir na ngort; thaispeáin daonáireamh na bliana 2002 go raibh breis is 65% den daonra lonnaithe i gceantair uirbeacha. Is de chionn athruithe móra struchtúrtha i gcúrsaí fostaíochta a tharla uirbiú den sórt sin. I 1950, mar shampla, chothaigh an talmhaíocht 43% den líon daoine a bhí ag obair; bhí 21% agus 36% faoi seach fostaithe sa tionsclaíocht agus sna seirbhísí. I 2004 ba iad seo a leanas na codanna comparáideacha den 1.6 milliún duine a bhí ag obair: 6.4% (sa talmhaíocht), 27.6% (sa tionsclaíocht) agus 66% (i seirbhísí). Cá hionadh mar sin go bhfuil thart ar dhá thrian den cheithre mhilliún duine sa tír ag maireachtáil i gcathracha tairsí. D’ainneoin a lán iarrachtaí chun difríochtaí spásúla ó thaobh dáileadh daonra a chomhionannú, tá an phríomhaíocht atá ag Baile Átha Cliath dosháraithe i gcónaí. I 2002 bhí daonra de bhreis is milliún i mBaile Átha Cliath i gcomparáid le 186,239 i gCorcaigh arb í an chéad dlús uirbeach eile is mó; 86,998 i gCathair Luinmnigh; 66,163 sa Ghaillimh agus 46,736 i bPort Láirge.

Bhí deireadh leis na dronga thar loch amach, scáthán duairc i gcónaí ar staid na heacnamaíochta in Éirinn, ó bhlianta tosaigh na 1990dí. Is mó den inimirce ná den eisimirce atá anois ann agus meastar gur saolaíodh thart ar 10% (400,000) den daonra atá anois againn lasmuigh den stát. Tá dlús daonra sách scáinte in Éirinn i gcomparáid le dlús de 244 sa Ríocht Aontaithe agus 349 san Ísiltír.

Ní fearr de léargas a fhaighmid ar gheografaíocht na hÉireann ag athrú ná na staitisticí taifeadta den mhéid talún a bhfuil prataí curtha ann, príomhbhia na tíre dar lena lán le fada riamh. In 1846 bhí prátaí curtha i 656,014 heicteáir go hachomair; 89,000 heicteáir in 1847; 150,000 i 1927 agus 12,100 sa bhlain 2006.

Tuilleadh léitheoireachta:

  • J.H. Andrews, Shapes of Ireland: mapaí agus lucht a ndéanta (Geography Publications, Baile Átha Cliath, 1997)
  • Acadamh Ríoga na hÉireann, Atlas of Ireland (Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1979);
  • Neil Buttimer, Colin Rynne agus Helen Guerin (eag.), The heritage of Ireland ( Collins Press, Corcaigh, 2000);
  • Lároifig Staidrimh,Farming since the famine (Baile Átha Cliath,1997):
  • Adrian Redmond (eag.)., That was then, this is now-Change in Ireland , 1949-1999 (Lároifig Staidrimh, Baile Átha Cliath, 2000);
  • T.W. Moody agus F.X. Martin (eag.), The course of Irish history ( Mercier Press,Cocaigh, 1967);
  • Brian Graham agus Lindsay Proudfoot, An historical geography of Ireland (Academic Press, Londain, 1993)
  • Brian Lalor (eag ginearálta) Encyclopedia of Ireland, (Gill agus McMillan BÁC 2003)
  • James Walsh, People and Place: a census atlas of the Republic of Ireland (NIRSA, Má Nuad, 2007)