Samhailchomharthaí na hÉireann

Nicola Gordon Bowe

Tá aird agus díospóireacht tarraingthe ag an bpáirt ríthábhachtach ar féidir do shamhailchomharthaí a imirt i léirshamhlú an náisiúin. Cibé acu an gceanglaítear samhailchomharthaí leis an ardmhian polaitíochta nó le coinbhliocht, le mórtas rómánsúil náisiúnta, leis na mórghníomhartha a cuireadh i gcrích roimh seo, leis an gcéannacht chomhchoiteann a bhraitear, nó le cine a phearsantú, féadfaidh an stair a ghabhann leo agus an úsáid leantach a bhaintear astu mórán a insint dúinn faoi stair na tíre atá sa treis.

Is mar seo a leanas a scríobh Ewan Morris,

‘Déantar samhailchomharthaí a dhealú amach ó chomharthaí eile trí thrí cinn de thréithe thábhachtacha: an fuinneamh mothálach a bhíonn a iompar acu, an gréasán casta comhcheangal a roinntear leo, ón uair gur léiriú is ea iad ar smaointe nó ar mhothúcháin atá deacair a chur in iúl i bhfocail amháin, muna bhfuil sé sin dodhéanta.’

Chomh maith leis sin, is é a chiallaíonn débhríochas na samhailchomharthaí, ‘i gcás shamhailchomharthaí náisiúnta, beidh iliomad léirmhíniú ann ar luachanna agus ar idéil an náisiúin a bhfuil siad ag seasamh dóibh’, agus is é ‘an cumasc saibhir sin de bhríonna agus de chomhcheangail a dhúisíonn siad ionainn ’faoi deara an chumhacht a bhíonn acu chun ‘braistint sainiúlachta leanúnach agus seasmhach’ a mhúscailt.

An chuid is mó de na samhailchomharthaí a chomhcheanglaítear le hÉirinn agus lena léiriúchán, is amhlaidh a ceapadh iad nó a rinneadh iad a athbheochan d’fhonn spiorad an Éirí Amach i 1798 a chur i bhfís agus ar tharraing na hÉireannaigh Óga gnaoi an phobail orthu sna 1840dí agus a daingníodh le linn na hAthbheochana Ceiltí.

Maille leis an athmhúscailt suime a tharla sa Ghaeilge, sa cheol, sa litríocht, san ailtireacht, sa dealbhadóireacht agus sna healaíona feidhmeacha, bhí ról ríthábhachtach le híomhánna na hÉireann maidir le sainmhíniú a dhéanamh ar an tréimhse fhadaithe sin de náisiúnachas spleodrach cultúir agus polaitíochta a chuaigh i dtreise i rith an dara leath den 19 haois agus a raibh bunú an tSaorstáit nua mar bharrbhuaic air i 1922.

Idir an dá linn, dhearbhaigh an chéad trádmharc náisiúnta riamh a tugadh isteach i 1906, a raibh móitíf na litreach ‘E’ stílithe comhfhite agus ‘Déanta in Éirinn’ inscríte air, go rabhthas ag tacú le saothar croídhíchill bundúchasach. Ach dhearbhaigh Dealg na Teamhrach, a ndearnadh iliomad leaganacha de san 8 haois agus a aimsíodh i 1850, agus fáinne an ‘Chladaigh’, go raibh comhbhá ag lucht a gcaite leis an náisiúnachas, agus b’in ionua ag dath an ghúna a bheifí a chaitheamh chomh maith le haon oiriúintí eile.

Is liosta le háireamh iad léiriúcháin ar Éirinn amhail Hibernia faoina fallaingeacha uaine, nó cailín na hÉireann atá mílítheach ach dochloíte, leochaileacht mhealltach inti, gruaigh chiardhubh aici, an chláirseach sreangtha nó gan a bheith, nó í arna hathcheapadh ina foirm bhunaidh, an tseamróg, grian adhmhaidine na bhFianna (laochra iomráiteacha a bhí bainteach leis an laoch ón taobh thall .i. Fionn mac Cumhaill) agus na Fianna ina dhiaidh sin, an cloigtheach (a ndearna an t-ársaitheoir George Petrie anailís i gcéaduair ar fhoirm mhistéireach an chloigthúir de chuid na luathchríostaíochta in 1833), an chros Cheilteach, an fothrach séipéil, an cú faoil (a rinneadh a athphórú sa 19 haois, agus aithris á déanamh ar chúnna iomráiteacha Fhionn agus Oisín) agus Lámh Dhearg Uladh (a chéadúsáid Aodh Ramhar Ó Néill i gContae Thír Eoghain sa 14 haois).Tháinig siad sin roimh an seanchaí, fear píce Loch Garman, Domhnall Ó Conaill an Fuascailteoir, na naoimh a rinne iontaisí amhail Naomh Pádraig (éarlamh na hÉireann faoi na 1780dí), Naomh Colmcille agus Naomh Bríd, íocóin sheasmhacha ata fite fuaite le hÉirinn.

D’fhéadfaí íomhánna siombalacha dá leithéid a fháil i bpátrúin chumdaithe fhoirmeálta chomhfhite agus ceann dragain ar a mbarr, agus iad arna n-ionchorprú i bhfoirgnimh phoiblí agus i ndealbhóireacht de chuid an 19 haois idir thuata agus eaglasta. Áirítear ar na solaoidí sin Teach J.O Meara ar chéanna Bhaile Átha Cliath, proscenium Halla Cuimhneacháin an Athar Maitiú i Sráid na hEaglaise, Baile Átha Cliath, agus aghaidheanna stucó na bhfoirgneamh leis an gceardaí Pat McAuliffe ó Thuaisceart Chiarraí; seodra a snoíodh as dair phortaigh, cuimhneacháin agus troscáin iontlaise; poirceallán ó Bhéal Leice; airgead agus earraí gloine ceiliúrtha agus sainmharc na cláirsí á iompar ar a mbarr acu; meirgí bróidnithe, clúdaigh leabhar agus léiriúcháin agus éagsúlacht shaibhir d’ábhar clóite gearrshaolach. Aithníodh iad sin faoin tráth seo mar shamhailchomharthaí ar Éirinn in amharc-íomhánna an phobail, sa cheol agus sa litríocht faoi thosach an 19 haois.

Mar shampla, d’úsáid an file agus an tÉireannach Aontaithe ó Bhéal Feirste William Drennan an buafhocal ina gcuirtear síos ar Éirinn mar ‘an tOileán Iathghlas’ an chéaduair sa dán dá chuid ‘When Erin First Rose’, sa bhliain 1795. Fiú amháin an bratach trí dhath, ainm an phobail ar an mbratach uaine, bán agus oráiste a ghlac an Saorstát chuici féin i 1922, is ag cruinnithe de Chónaidhm na hÉireann in 1848 a chonacthas ar dtús é.

Úsáideadh íomháineachas spreagúil rómánsaíochta in The Nation (1842-) nuachtán Thomáis Dáibhís, an tÉireannach Aontaithe, d’aon ghnó chun pobal a bhí in ísle brí agus curtha chun fáin a ghríosadh agus d’fhonn taiscumar dinimiciúil a thógáil mar a bhféadfadh an traidisiún dul chun cinn ábharthach agus fás intleachtúil/spioradálta a thál. Tháinig ann do shamhailchomharthaí mar An Claidheamh Soluis mar ghaireas inphrionta i 1903 agus é arna lámhphriontáil ag Dun Emer Press de chuid Yeats mar theideal ar nuachtán Chonradh na Gaeilge, ar cheann den chéad cheithre stampa shaora a bhain leis an Saorstát agus mar shainmharc cuimhneacháin airgid i 1926.

I 1941, rinne Gabriel Hayes figiúr de Lugh - Dia ársa an tsolais - a shnoíomh gona chafarr sciathánach chun an Eitlíocht a shiombalú ag teilgean scuaine eitleán ar aghaidh fhoirgneamh na Roinne nua Talmhaíochta is Tráchála i mBaile Átha Cliath. Bhí muc dhubh agus bradán feasa na bhfinscéalta (a rinne John Kindness a athnuachan le déanaí i bhfoirm mhórthomhais ceirmeach cois Abhainn an Lagáin i mBéal Feirste) ar na híomhánna a mhol coiste comhairleach W.B. Yeats go conspóideach i 1926 do dhearaí nua mona na hÉireann. Agus iad meáite ar shamhailchomharthaí seanchaite an mhórphobail a sheachaint bheartaíodar ar chapall, bhradán, tharbh, cú faoil, giorrfhia, cearc, muc agus creabhar, agus cúlra de chláirseach a buaileadh idir 1928-1971 mar chúlra ar gach ceann acu a úsáid.

Teistiméireacht ab ae an chláirseach Ghaelach (le cordaí sreinge) a léiríodh chomh luath leis an 11 haois, ar an ról oirirc a bhí ag an gcláirseoir leis na cianta sa saol Gaelach, sa tslí gur aithníodh an chláirseach mar shamhailchomhartha náisiúnta na hÉireann ón 13 haois amach ar a laghad, bíodh go raibh sí imithe chun síogaíochta faoin 18 haois. Tháinig suaitheantas na cláirsí slán, ní ina foirm dúchais Éireannach, ach coróin uirthi agus í arna maisiú ag maighdean sciathánach, mar shamhailchomhartha ar Éirinn faoi rialú Shasana ó na blianta deireanacha den 17 haois nó go ndearna an péintéir ó Chorcaigh Daniel Maclise í a athbheochan go fáthchiallach sna 1840dí, mar léiriú ar ‘The Harp that Once through Tara’s Halls’ agus ‘The Origin of the Harp’, ó chnuasach íogair Thomas Moore go dtugtar Foinn na hÉireann orthu.

Sa bhliain 1854, péinteáladh cláirseach a bhí sreangbhriste agus í snoite go hálainn a léirigh Maclise, í á coinneáil go ciúin ag cláirseoir-fhile de chuid na mbard, é mar fhinné doilíosach ar phósadh Aoife - iníon Rí athríte Laighean - le Strongbow i dtagairt ársa do chláirseach ‘Bhriain Bhorú’ ón 14 haois, mar a gaireadh di, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bíonn an gléas íocónach sin, an chláirseach Ghaelach is sia a mhaireann agus eiseamláir do shuaitheantas stát na hÉireann, le feiceáil ar an mona, ar an Séala Mór, ar cháipeisí an Rialtais agus mar shamhailchomhartha de chúige stairiúil Laighean. Agus an chlairseach ina hucht ag figiúr beag baineannach mistéireach ar leiriú í ar cheol ársa na hÉireann, feictear í san ómós snoite a rinne Oliver Sheppard sa bhliain 1909 don fhile náisiúnta rómánsúil J.C. Mangan, in aice le ceann bán marmair Róisín Duibh agus a ndearna an scoláire Gaelach George Sigerson cur síos uirthi mar ‘an tsamhailchomhartha álainn againn den Éirinn idéalach’. Rinne an tírghráthóir Patrick Pearse cur síos ar an gceann céanna mar atá ‘an t-ionchollú is fearr de mhilseacht iontach Chaitlín Ní Uallacháin a greanadh fós i marmar, nó a péinteáladh ar chanbhás.’

Macalla eile fós ab ea portráid chré-umha Sheppard de Bhás Cúchulainn (1912) ón Rúraíocht, ar fhís shlánaitheach an Phiarsaigh den íobairt laochúil agus a bhí mar shamhailchomhartha ar ‘spiorad neamhchloíte na hÉireann’ ar Aonach Domhanda Nua Eabhrac i 1939. Ar an Aonach céanna, ba léiriú í fuinneog mhór dhaite a rinne Evie Hone - My Four Green Fields (1938/9) - a coimisiníodh do phailiún rialtas na hÉireann, ar airm cúig chúigí ársa na hÉireann i ndeardh saor íonteibí, ‘samhailchomharthaí agus teibíochtaí á sní le chéile i gcomhchuibhiú le chéile’. Chuaigh sí i bhfeidhm chomh mór sin ar an lucht feachan gur admhaigh siad’ d’fhéadfaí Caitlín Ní hUallacháin a chur i bhfís ar shlí níos dinimiciúla ná mar a dhéanfadh cailín faoina seál.’

Choinnigh Hone seamróg shingil iathghlas amháin ag bun a cláirsí órga agus Cúige Laighean á siombalú aici. Dar le Sheehy gurb í an tseamróg an tsamhailchomhartha Éireannach is ‘follasái’, is so-aitheanta agus is coitianta. Ina thuairisc abartha ar éabhlóid an chultais uilechoitinn faoin ‘uaine a chaitheamh’ (in ionad gorm bunaidh an araltais) déanann Nelson éabhlóid na haireachtála faoi phlanda na seamróige, nó an tseamair óg, a ríomh ó bhia na mbochtán go dtí suaitheantas maoithneach náisiúnta. Luann sé an chéad tuairisc a foillsíodh faoin ‘tseamróg’ a bheith á caitheamh ar Lá Fhéile Pádraig 1689, bíodh gur ceangal samhailteach amháin atá aici leis an naomh agus leis an Tríonóid, agus an móréileamh níos mó a bhí air tar éis do na hÉireannaigh Aontaithe agus na hÓglaigh glacadh léi faoi dheireadh an 18 haois. Rinne an bailéad de chuid Thomas Moore ‘Oh the Shamrock’ (1812) ‘diagú uileláithreach na seamróige’ a sheoladh sa dara leath den 19 haois agus ‘an glacadh i ngach aon bhall léi mar shuaitheantas na hÉireann agus na nÉireannach’, ar ghlac an Stát, an Eaglais agus an choitiantacht léi thar gach páirtí polaitíochta.

Faoi mar a nocht tochailtí seandalaíochta sa 19 haois na hArdchrosa snoite greanta i gCluain Mhic Nóis agus i Mainistir Bhuithe, Ardeaglais Rómhanúil-Ibearnach i gCluain Fearta, na heaglaisí cloiche, na cloigthithe, agus na mainistreacha móra, e.g. i nGleann dá Loch, cuireadh go mór leis an mórtas náisiúnta a bhí ag daoine as móréachtaí na hÉireann anallód, a bhí ligthe i ndearmad, rud a sholáthraigh iliomad féidearthachtaí aithriseacha do thionscal forásach na gcuimhneachán. Áiríodh ar na nithe eile a aimsíodh cumhdaigh cheardúla, scrínte, iliomad miotalóireacht óir fíorálainn ón gCré-umhaois réamh-Chríostaí, agus seoda lonracha ríchasta amhail Dealg na Teamhrach, Cros Chonga agus Cailís Ardach. Thairg leabhair mhóra dhathmhaisithe a tháinig slán ó na luathmheánaoiseanna amhail Leabhar Cheanannais agus Leabhar Dharú, Cathach Cholm Cille agus Annála na gCeithre Máistrí eiseamláirí ar a bhféadfaí script ar leithligh Ghaelach den seanchló a bhunú, a úsáidtear go dtí an lá atá inniu.

Nuair a rinne scoláirí móra ársaíochta na linne staidéar ar na hiontais dhochreidte sin in Acadamh Ríoga na hÉireann, iad á dtaispeáint, á dtarraingt agus á n-athtairgeadh, sholáthraíodar foclóir breá de mhóitífeanna Gaelacha so-aitheanta, amhail bíseanna, triscéil, rachtáin, duail, dualaíocht mhíolchruthach agus litreoireacht, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar réimse leathan de dhéantúsáin chomhaimseartha. Thug siad spreagadh d’fhilí agus do scríbhneoirí amhail Standish O’ Grady, ar thug a athinsint shamhailteach ar ghníomhartha gaisce osnadúrtha Chú Chulainn agus a chomhaoistí (1880) maraon le Fionn agus a Pháirtithe (1892) beatha nua do mhiotaseolaíocht na hÉireann a bhí ag dul i léig.

Sa bhliain 1904, aistríodh an taispeántas ba mhó riamh de bhreis is 500 seod de chuid na hÉireann go dtí St Louis, Missouri, chun ‘ealaíon, stair agus saol sóisialta na hÉireann’ thar thréimhse 4000 bliain a léiriú ag an Louisiana Purchase Exposition. Agus é arna láithriú i measc mhacasamhla siombalacha de Chaisleán na Blarnan, Séipéal Cormaic, Tithe an Oireachtais, teaichín tuaithe, ardchros Cheilteach, geata Normannach, Halla Tionsclaíoch um Rómhánúil-Ibearnach a thbheochan, toisc gur éirigh chomh maith sin leis bhíothas den tuairim go raibh Éire nua neamhspleách a bhí ullamh le haghaidh forbairt tionsclaíoch, í ag tnúth lena raibh roimpi amach agus í teann as a stair á seoladh. Agus súil siar á caitheamh air d’fhéadfaí breathnú air mar thuar ar theacht na samhailchomhartha is déanaí de chuid na hÉireann céad bliain ina dhiaidh, mar atá, an Tíogar Ceilteach.

References and Further Reading:

  • Breffny, Brian de (ed.), Ireland: A Cultural Encyclopaedia (Thames & Hudson, London 1983)
  • Buckley, Anthony (ed.), Symbols in Northern Ireland (Institiúid don Léann Éireannach, Béal Feirste 1998)
  • Cleeve, Brian (ed.), W.B. Yeats and the Designing of Ireland’s Coinage (Dolmen Press, Dublin 1972)
  • Cullen, Fintan, Visual Politics. The Representation of Ireland 1750-1930 (Cork University Press, Cork 1997)
  • Hill, Judith, Irish Public Sculpture. A history (Irish Academic Press, Dublin 1998)
  • Kennedy, Brian P. and Gillespie, Raymond (eds.), Ireland. Art into History (Town House, Dublin 1994)
  • Lalor, Brian (ed.), The Encyclopaedia of Ireland (Gill & Macmillan, Dublin 2003)
  • McBride, Lawrence W. (ed.), Images, Icons and the Irish Nationalist Imagination (Four Courts Press, Dublin 1999)
  • McCartney, Clem and Bryson, Lucy, Clashing symbols? Tuarascáil ar úsáid bhratacha, aintiúin agus samhailchomharthaí náisiúnta eile i dTuaisceart Éireann (Institiúid don Léann Éireannach, Béal Feirste, 1994)
  • Miller, Liam and Kane, William (ed.), Postage Stamps of Ireland 1922-1982 (An Roinn Poist agus Telegrafa, Ard-Oifig an Phoist, BÁC 1983)
  • Morris, Ewan, Our Own Devices: National Symbols and Political Conflict in Twentieth-Century Ireland (Irish Academic Press, Dublin 2005)
  • Nelson, Charles, Shamrock. Botany and History of an Irish Myth (Boethius Press, Aberystwyth and Kilkenny 1991)
  • Sheehy, Jeanne, The Rediscovery of Ireland’s Past. The Celtic Revival 1830–1930 (Thames & Hudson, London 1980)