Éire sa bhFichiú hAois
Sa bhliain 1913, d’aithin Constance Markievicz, ball de theaghlach ardaicmeach Angla-Éireannach trí ‘ghluaiseacht mhóra’ in Éirinn: an ghluaiseacht náisiúnta, gluaiseacht na mban agus gluaiseacht an lucht oibre. Ní raibh intisin ach eiseamláir amháin ar dhóichí ná a mhalairt nach mbeadh aon chomhbhá aici le neamhspleáchas na hÉireann toisc an chúlra dar de í, ach ar ghabh paisean agus an diancheannairc pholaitíochta a bhí ag úscadh i mblianta tosaigh den fhichiú haois lastuas di. D’aithin Markievicz trí shraith i nuapholaitíocht na hÉireann, ach bhí a thuilleadh acu ann, lena n-áirítear dianghluaiseacht na nAontachtóirí i gCúige Uladh in aghaidh fhéinrialach, réabhlóidithe rúnda an IRB (Bráithreachas Poblachtánach na hÉireann) a raibh cultúr, stair agus córas oideachais leithleach agus Gaelach á gcraobhscaoileadh acu.
Ar a shon sin, níorbh fhollas go raibh staid réamhréabhlóideach in Éirinn sa deich mbliain roimh Éirí Amach 1916. Bhí 103 suíochán toghcheantair ag Éirinn i Westminster agus 75 acu sin ag Páirtí Parlaiminte na hÉireann (IPP), páirtí measarthach faoi cheannas John Redmond. Théarnaigh an páirtí i mblianta tosaigh an fhichiú haois tar éis bháis agus turnaimh pholaitiúil Charles Stewart Parnell in 1891. D’athaontaigh siad in 1900 agus mheáigh siad ar féinriail a ghnóthú d’Éirinn trí mhodhanna bunreachtúla agus d’éirigh leo a leithéid de ghealltanas a shniogadh as rialtas Shasana i 1912. Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach cuireadh forghníomhú na féinrialach ar ceal nó go mbeadh an choinbhliocht thart, agus bhí súil ag na náisiúnaigh go dtabharfaí neamhaird ar fhreasúra na n-aontachtóirí.
Tríd is tríd bhí saoirse cainte ag muintir na hÉireann, cead tionóil agus eagrúcháin acu agus meáin éagsúla acu a bhí saor ó chinsearacht (den chuid is mó). Ghabh rialtas na Breataine cuid mhaith tionscnamh chun ranna éagsúla den phobal a shásamh; íocadh pinsean le daoine os cionn 70 bliain d’aois agus ba chosúil gur léiriú é an tAcht um Ollscolaíocht Náisiúnta na hÉireann, 1908, go raibh an Eaglais Chaitliceach níos muiníní aisti féin anois is a rá gur géilleadh dá cuid éileamh i réimse an oideachais. Ba leis na feirmeoirí a gcuid talún féin, ceannaíodh thart ar 11 milliún acra de thoradh ar Achtanna na Talún i mblianta deireanacha an naoú haois déag agus i mblianta tosaigh an fhichiú haois. Ar thosú don Chéad Chogadh Domhanda chuaigh an t-éileamh breise ar bhia as Éirinn chun tairbhe do lucht talmhaíochta. Níor cuireadh coinscríobh i bhfeidhm in Éirinn ach fós féin liostáil roinnt mhaith Éireannach fir in arm Shasana dá ndeoin féin agus throid os cionn 200,000 acu sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí Constáblacht Ríoga na hÉireann (RIC) - Caitlicigh ab ea a bhformhór agus urraim ag an bpobal dóibh - i bhfeighil ar oileán a bhí saor ó choireanna tromchúiseanna den chuid is mó.
Ó thaobh amháin de, mar sin, dhealraigh na blianta roimh an Éirí Amach ar chuid de na blianta ba shíochánta agus ba rachmasaí i stair na hÉireann. Ar a lán slite ní mór féachaint faoi chab na lice chun ‘na dronga a bhí dealaithe amach’ a shroichint .i. na sluaite sin a d’fhógair cogadh ar Impireacht na Breataine in Aibreán 1916 agus a raibh na gluaiseachtaí a d’aithin Markievicz ag déanamh ionadaíochta orthu. Bíodh gur cuireadh an cheannairc faoi chois agus na cinnirí chun báis, tharla dá chionn sin claochló i dtuairim an phobail chun gur éirigh le Sinn Féin (gluaiseacht pholaitiúil a tháinig chun cinn i 1905 faoi cheannaireacht Arthur Griffith) forlámhas a bhaint amach i dtoghchán ginearálta 1918, Éamonn de Valera mar uachtarán acu, agus Cogadh na Saoirse i 1919 dá éis sin. Is é a bhí sa choinbhliocht mhíleata idir fórsaí armtha na Breataine agus Óglaigh na hÉireann (IRA) coimhlintí treallchogaíochta ó am go chéile agus iad arna maoirsiú ag stiúrthóir eagrúcháin agus faisnéise an IRA, Micheal Collins, agus iarrachtaí comhthreomhara ag rialtas féinfhógartha ar Phoblacht na hÉireann - an chéad Dáil a tionóladh Eanair 1919 - chun Poblacht neamhspleách a bhaint amach d’Éirinn. Lena linn sin uile, chruthaigh an tAcht um Rialú na hÉireann,1920, parlaimint ar leithligh do na sé chontae i dTuaisceart Éireann a chuir críochdheighilt an oileáin ar an bhfód.
Tharla idirbheartaíochtaí de chionn an tsosa lámhaigh idir an IRA agus fórsaí na Breataine, mí Iúil 1921, a thug ar thoscairí ó rialtas na hÉireann agus na Breataine an Conradh Angla-Éireannach, 6 Nollaig, a shíniú. Thosaigh na cainteanna crosta, gangaideacha, a lean síniú an Chonartha, an 14 Nollaig 1921, agus chríochnaigh in Eanair 1922 nuair a dhaingnigh an Dáil an Conradh le 64 vóta in aghaidh 57, agus is dá éis sin a thosaigh Cogadh na gCarad, Meitheamh 1922. Chuir sos lámhaigh deireadh leis sin, Bealtaine 1923, agus na poblachtánaigh a bhí i gcoinne an chonartha curtha de dhroim seoil ag arm an tSaorstáit nua. Coinbhliocht ab ea an cogadh sin nach raibh acmhainní, saighdiúirí ná tacaíocht an phobail ag na poblachtánaigh chuige a chuirfeadh ar a gcumas é a bhuachaint, ach is é ba thrúig bháis do Michael Collins, Ardcheannasaí ar fhórsaí an rialtais um an taca sin.
Rinne páirtí nua - Cumann na nGaedhal - ionadaíocht ar an mbunaíocht a bhí i bhfabhar an Chonartha agus ghlac ceannas ar an Saorstát sna 1920dí agus í mar fheidhm orthu dlisteanacht na coitiantachta a ghnóthú. Níor mhór an scóp a bhí ann ná ní lú an cíocras a bhí ar dhaoine chun raidiciúlacht eacnamaíochta i mblianta úd na 1920dí. Dhírigh beartais eacnamaíochta Chumann na nGaedhael ar thrádáil talmhaíochta a uasmhéadú tráth a bhí 53% d’oibrithe na tíre fostaithe in earnáil na talmhaíochta. Bhí an bhochtaineacht forleathan; léirigh daonáireamh na bliana 1926 go raibh cónaí ar 800,000 sa Saorstát faoi dhála róphlódaithe. Ó thaobh na polaitíochta de ba é dlaoi mhullaigh a gcuid beartas an t-imeallú nach beag a rinneadh ar an bpoblachtánachas foiréigneach; a chinntiú go mbeadh tosaíocht ag an bparlaimint, ag an daonlathas agus ag Arm an tSaorstáit; fórsa neamharmtha póilíneachta in Éirinn -an Garda Síochana - agus státseirbhís éifeachtúil a chruthú nár bhain le polaitíocht
Scoir Éamonn de Valera ó pháirtí frithchonartha Shinn Féin chun páirtí nua a chruthú, Fianna Fáil, ar tháinig ann dó i 1926 agus chuaigh isteach sa Dáil i 1927. Tháinig siad i gcumhacht tar éis an olltoghcháin i 1932. Bhí an páirtí chomh héiritheach sin de chionn gur gheall siad go n-úsáidfidís an Conradh chun neamhspleáchas na hÉireann a dhlúthú, chun freastal ar riachtanais na bhfeirmeoirí beaga agus an lucht oibre agus gheall siad go gcuirfí deireadh le críochdheighilt na tíre. Bíodh gur scaoileadh saor cuid mhaith príosúnach de chuid na bPoblachtánach theastaigh ó de Valera gan a bheith bainteach leis an IRA sna 1930dí agus níor leasc leis reachtaíocht éigeandála a ritheadh san 1920dí a úsáid chun poblachtánaigh míliteacha a imeallú. Deimhniú eile ab ea é sin go raibh an daonlathas curtha ar bhonn seasmhach in Éirinn, agus ba é an dála céanna é maidir leis an bhfrithbheartaíocht éifeachtúil a tionscnaíodh in aghaidh na Léinte Gorma, drong luathfhaisisteach de thacóirí míshásta as Cumann na nGaedhael arbh iad ba mhó a bhí thíos le cogadh eacnamaíochta de Valera le Sasana toisc gur dhiúltaigh sé leanúint leis na hanáidí feirme a íoc le rialtas Shasana.
Ba chosúil gur dheimhnigh Comhdháil Chorp Chríost i mBaile Átha Cliath i 1932 in onóir don tSaicraimint Naofa go raibh muintir na hÉireann aontaithe go láidir i ndáil lena gcreideamh Caitliceach - cibé ar bith scéal é faoin bpolaitíocht - agus milliún móidíní ag plúchadh isteach i lár Bhaile Átha Cliath. Thóg Fianna Fáil chomh maith ar an reachtaíocht a fabhraíodh sna 1920dí chun móráltacht Chaitiliceach na hÉireann a chosaint tríd an gcinsireacht, agus allmhairiú litríochta agus cultúir ó thar lear á dhímholadh acu maraon le cosc a chur ar fhrithghiniúnaigh a dhíol nó a allmhairiú.
Níor éirigh le beartais eacnamaíochta Fhianna Fáil an leordhóthanacht a gealladh in earnálacha na tionsclaíochta agus na talmhaíochta a bhaint amach toisc iad a bheith ag brath ar iompórtálacha i gcomhair amhábhair tionsclaíochta agus ar Shasana lena dtáirgí talmhaíochta a easportáil chuici. Tógadh thart ar 80,000 teach (faoin tuath agus sna cathracha) idir 1932 agus 1942 mar thoradh ar chlár gníomhach tithíochta ach bhí galair agus dearóile go borb i gcónaí; b’ionann ráta báis na naíonán in Éirinn sna 1930dí agus beagnach 7% de na breitheanna, ráta an-ard maidir leis na caighdeáin san Eoraip agus chiallaigh droch-chúinsí maireachtála go raibh an Eitinn ina fadhb thromchúiseach i gcónaí go dtí na 1950dí.
Réitíodh an cogadh eacnamaíochta ar deireadh i 1938 tríd an gcomhaontú Trádála Angla-Éireannach, rud a chosain agus a rialaigh an trádáil easportála idir an dá thír. Lasmuigh de thionscnaimh eile i gcaidrimh Angla-Éireannacha agus an Conradh a dhíchur, go háirithe an mionn dílseachta agus an tAcht Caidrimh Eachtraigh a chealú i 1936, rud a chuir deireadh le ról na corónach i gcúrsaí na hÉireann, bhí ar chumas de Valera - dála a chomharbaí - coinneáil le seasamh neamhspleách i dtaca lena bheartais eachtracha chomh maith. Bhain rialtais sna 1920dí agus sna 1930dí earraíocht as Conradh na Náisiún - eagras ar ghabh an Saorstát leis i 1923 - chun a seasamh idináisiúnta a shainmhíniú, agus bhí an Saorstát ina chomhalta de Chomhairle an Chonartha ó 1930-33.
Leagáid shuntasach eile a bhain le sealbhaíocht oifige Fhianna Fáil ab ea Bunreacht na hÉireann, 1937. D’fhéach an bunreacht le bunbhrí an daonlathais shaolta liobrálaigh a chomhcheangal le béim a leagan ar luachanna an teaghlaigh agus le braistint phobail. In airteagal 2 agus 3 áitíodh sa bhunreacht go raibh 32 contae in oileán na hÉireann in ionad 26 an tSaorstáit. Níor cealaíodh na hairteagail sin nó gur vótáil na toghthóirí d’aon ghuth i bhfabhar Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Doiciméad ab ea an bunreacht a mhair go pointe áirithe toisc go raibh scóp ann le hathbhreithniú agus athrú a fheidhmiú de dhroim reifrinn maraon leis an tiomantas atá ann do chearta daonna.
Siúd is gur tugadh urraim agus tacaíocht fhorleathan do de Valera sa bhaile mar gheall ar gur sheas sé le prionsabal na neodrachta i rith an dara cogadh domhanda, bhí an neodracht chéanna débhríoch a dóthain chun go bhféadfaí comhoibriú le Sasana cuid mhaith. Ach i ndeireadh thiar ba shaincheisteanna eacnamaíochta agus sóisialta a chuir clabhsúr ar chéad-dreas cumhachta de Valera gan an dearóile choitianta faoin tír a bhac, agus ba dhíol suntais é go raibh claonadh sa pháirtí nua a thug dúshlán dá raibh bainte amach ag Fianna Fáil i 1948 agus a bhuaigh 10 suíochán .i. Clann na Poblachta, gealltanais Fhianna Fáil a scáthánú ó bhlianta tosaigh na 1930dí. De bharr a theacht chun cinn siúd is ea a tháinig ann don chéad rialtas idirpháirtíoch (comhrialtas).
Mhair an rialtas sin go dtí 1951 agus chuidigh siad le Fine Gael (ainm nua ar Chumann na nGaedhael tar éis 1934) agus le Páirtí an Lucht Oibre a léiriú an tábhacht a bhí ann go bhféadfaí malairt rialtais ar Fhianna Fáil a thairiscint, agus an bhainteacht a bhí ag iarrthóirí neamhspleácha agus iarrthóirí de chuid na bhfeirmeoirí le polaitíocht na hÉireann i gcónaí. Rinne an comhrialtas sin dul chun cinn nach beag faoi cheannas John A Costello (Fine Gael) le smaoineamh an bhuiséid chaipitil a fhorbairt agus d’fhógair siad Poblacht na hÉireann i 1949, ach cuireadh de dhroim seoil faoi dheoidh iad de cheal comhfhreagrachta.
Cúis amháin ab ea é sin gur diúltaíodh don Scéim Mháthar agus Linbh de chuid Noel Browne .i. iarracht ar chúram sláinte liachta in aisce a bhunú, rud a léirigh go raibh cuid mhaith Éireannach ar aon aigne ag cur i gcoinne coincheap an stáit leasa shóisialaigh. Easaontas maidir le praghas an bhainne a chuir turnamh an rialtais sin faoi deara i ndeireadh thiar, rud a léirigh nach saincheisteanna faoi fhlaithes ná faoi chaidrimh Angla-Éireannacha a bhí i dtosach áite níos mó i bpolaitíocht na hÉireann.
Bhí na 1950dí faoi chrann smola ag an spealadh eacnamaíochta, ag an imirce agus ag an dífhostaíocht.Tháinig Fianna Fáil i gcumhacht athuair i 1951, tháinig comhrialtas i gcomharbacht orthu ansin agus iad i gcumhacht ó 1954-5, agus dá éis sin coinníodh rialtas Fhianna Fáil i gcumhacht go dtí 1973. Níorbh aon dufair chultúir í Éire sna blianta úd; bhí a liacht sin mórghníomh sna healaíona agus sa scríobhneoireacht, amharclanna a bhí in airde réime, cuireadh iliomad féilte ar bun a bhíonn sa tsiúl fós, lena n-áirítear féile Cheoldramaíochta Chorcaí agus féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, chomh maith le gearrscéalaithe as Éirinn, agus ní lú ná a d’imigh aon lagtrá ar shárshaothar na n-úrscéalaithe agus na bhfilí. Bhí géarcheistiú ar siúl anois chomh maith faoi cad ba bhun leis an tearcfhorbairt bhuanseasmhach, óir ba le linn na 1950dí a rinne an imirce díobháil don tsícé náisiúnta agus do chúlchríocha na tuaithe chun go rabhthas go mór in amhras faoi reitric an tsaoil ídéalaigh faoin tuath agus buanna na leordhóthanachta. Sa tréimhse iarchogaíochta, go dtí 1981, ghlan breis is 500,000 duine amach as Poblacht na hÉireann. I 1958 féin d’imigh beagnach 60,000 duine an loch amach tráth a bhí daonra na Poblachta faoi bhun 4 mhilliún.
Bhíothas in amhras leis faoi tslí ar glacadh le forlámhas na cléire gan aon agó, mar nach raibh an snáithe aontachta a shníomh siad tar éis a raibh d’achrainn pholaitíochta ann i mblianta tosaigh an fhichiú haois chomh mór i gceist sa saol a thuilleadh. I dtreo dheireadh na gcaogaidí ba mhó a bhí Éire ag teacht faoi anáil chúrsaí ón taobh amuigh agus faoi fhorbairt eacnamaíocht Chéinseach mar a léiríodh i gCláir um Fhorbairt Eacnamaíoch a tosaíodh i 1958 agus a chuir deireadh go deo le haon leagan a bhí fós ann le suáilcí an leithlise chultúir agus eacnamaíochta.
Léiriú ar bhuanna eacnamaíocht níos oscailte ab ea an rachmas a tiomsaíodh sna 1960dí agus an titim sa ráta dífhostaíochta maraon le trádáil láidir easpórtála a fhorbairt. Nuair a scoir de Valera i 1959 thosaigh Seán Lemass ar chlaochló a fhorghníomhú agus luigh muintir na hÉireann amach orthu féin chun gur éirigh leo a bheith ar comhchéim le roinnt mhaith eacnamaíochtaí in Iarthar na hEorpa. Léiríodh an tiomantas a bhí ann i leith córas oideachais na hÉireann a athrú - córas a raibh mar mhisean tiarnasach aige an Ghaeilge a athbhunú ach ar theip air - trí shaormheánoideachas a thabhairt isteach i 1967 agus rochtain níos fearr ar bhreisoideachas a nascadh le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta as sin amach. Bhí iomrá ar na 1960dí agus na 1970dí leis mar gur tháinig gluaiseacht um shaoirse na mban chun cinn, gluaiseacht ar éirigh léi dúshlán roinnt dlíthe a rinne leathchuma ar mhná a thabhairt agus a chinntigh go mbunófaí An Chomhairle um Stádas na mBan.
Chuir Lemass ceann le haitheantas a thabhairt don Stát a bhí i dTuaisceart Éireann nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Thuaisceart Éireann Terence O Neill, Eanair 1965. Níos faide ó bhaile ba é an leas náisiúnta ba bhun le rannpháirtíocht na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe ach bhí tionchar ar bheartas na NA fairis sin aici. I dtús aimsire glacadh le seasamh a bhí frithchumannach, i bhfábhar an Iarthair agus na Críostaíochta ach rinne cur chuige níos neamhspleáí de sin i gcomhthéacs teannas inmheánach a laghdú, cur in aghaidh na cinedheighilte agus eadránú a dhéanamh i ndíospóidí. Filleadh faoi dheoidh ar an lé a bhí leis an Iarthar d’fhonn caidrimh idir Éire agus na Stáit Aontaithe agus baill an EEC a chomhchuibhiú, mar mhaithe le cúiseanna eacnamaíochta go príomha.
Rannpháirtí tábhachtach ab ea Éire sa Chonradh in aghaidh Iomadú Núicléach 1968, faoi mar tharla, go mórmhór mar thoradh ar thionscnamh Frank Aiken, an tAire Gnóthaí Eachtracha. Ba le linn na tréimhse chéanna a tháinig rannpháirtíocht na hÉireann chun cinn chun an tsíocháin a choimeád (bhí arm na hÉireann rannpháirteach i misean na NA chun an tsíocháin a choimeád sa Chongó ó 1960-64) agus aithníodh gur san EEC - cumhacht a bhí ag teacht i gcrann - a bhí todhchaí polaitiúil agus eacnamaíochta na hÉireann go háirithe nuair a chinn Sasana ar bhallraíocht a iarraidh i 1961.
D’éirigh le Fine Gael agus an Lucht Oibre Fianna Fáil a bhriseadh as cumhacht i 1973, agus ba mhó go mór ag an gcomhrialtas sin cúrsaí slándála mar gheall ar ghéarú na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann. In ainneoin gur bhain Fianna Fáil tromlach mór parlaiminte amach faoin bpobalóir Jack Lynch i 1977, comharthaí sóirt ar an 25 bliain deireanach den aois seo ab ea na comhrialtais, lena n-áirítear Fine Gael agus An Lucht Oibre, (1982-7) agus Fianna Fáil agus An Lucht Oibre (1992-95). Bhí páirtí beag nua - An Páirtí Daonlathach inar cuimsíodh easaontaigh ó Fhianna Fáil a bhí in aghaidh Charles Haughey (ceannaire Fhianna Fáil ó 1979-91) - ábalta ar bhuntáiste a bhaint as uimhríocht na Dála nuair a bunaíodh é i 1985 agus iad tiomanta do bheartais eacnamaíochta agus shóisialta a bhí liobrálach.
Bhí staid eacnamaíochta na tíre guagach i gcónaí i ndiaidh d’Éirinn dul isteach san EEC i 1972 ar caitheadh vóta 83% ar a shon, agus ba dhíol suntais go raibh ar Éirinn beartais a fhorbairt maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta nach raibh déanta aici roimhe sin aici. Bhí iarmhairtí tromchúiseacha agus dearfa ag an mballraíocht chéanna i dtaca le stádas na mban i bpobal na hÉireann i réimse cearta comhionannais, ráite gur glacadh le treoir um chomhionannas pá i 1975 agus an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta i 1977. Chuaigh cistí réigiúnacha agus struchtúrtha go mór chun tairbhe na hÉireann ina theannta sin.
Faoi bhlianta deireanacha na 1980dí ní raibh má gáinne idir na páirtithe polaitíochta maidir le beartais eacnamaíochta agus shóisialta, agus féachadh ar thoghadh Mary Robinson - polaiteoir agus dlíodóir feiminigh - ina huachtarán i 1990 - mar chuid de léirscaoileadh níos leithne ar shochaí na hÉireann. Léirigh cuairt an Phápa John Paul II ar Éirinn i 1979 an bonn láidir, mar a mheasadh, a bhí faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn i gcónaí, bíodh go raibh ag teip ar a cumas le saol collaí agus móráltachta na ndaoine a ordú de réir a chéile, agus faoi dheireadh na haoise níor choireanna níos mó iad frithghiniúnaigh, colscaradh ná gníomhartha homaighnéasacha agus ‘clár na liobrálach’, faoi mar a tugadh air, arna chomhlanú acu, ach ba chnámh spairne i gcónaí é an ginmhilleadh.
Teistiméireacht ab ea teacht chun cinn an ‘Tíogair Cheiltigh’ sna 1990dí go raibh Éire ar cheann de na heacnamaíochtaí ba mhó a raibh borradh fúithi ar domhan, borradh a bhí bunoscionn glan le tearcfhorbairt chomparáideach na heacnamaíochta tar éis neamhspleáchas a bhaint amach. Ó 1987 go dtí deireadh na haoise bhí an fás eacnamaíochta (GNP) os cionn 5% ar an meán, agus os 10% i mblianta áirithe. Laistigh d’aon deich mbliana amháin tháinig fás 20% ar an bhfostaíocht agus idir 1987 agus 2003 thit líon na ndaoine dífhostaithe ó 17% go dtí 4%. Tharla an claochló sin de bharr gur ghlac an rialtas cur chuige dírithe i leith a gcuid beartas eacnamaíochta, de bharr cánacha corparáideacha iomaíocha a thabhairt isteach, rochtain níos fearr ar oideachas tríú leibhéal, rannpháirtíocht níos mó ag mná pósta sa líon saothair (bhí 53% de mhná pósta ag obair faoi 2006 i gcomparáid le 8% i 1971) agus comhpháirtíochtaí sóisialta idir rialtais agus ceardchumainn. Faoin mbliain 1997, bhí beagnach leath de na poist déantúsaíochta i gcomhlachtaí faoi úinéireacht eachtrannach, rud a léirigh a thábhachtaí a bhí cur chuige a bhí dírithe ar fhás, agus maoiniú ón AE ag tacú leis ach ina theannta sin an tábhacht a bhain leis na tionscnaimh oideachais sna 1960dí.
Léitheoireacht Bhreise:
- Terence Brown: Ireland: A Social and cultural history 1922-85 (London, Fontana, 1981)
- Diarmaid Ferriter: The Transformation of Ireland 1900-2000 (London, Profile, 2004)
- Dermot Keogh: Twentieth Century Ireland: Nation and State (Dublin, Gill and Macmillan, 1994)
- Joe Lee: Ireland 1912-85: Politics and Society (Cambridge University Press, 1989)
- Cormac O’Grada: A Rocky Road: The Irish economy since the 1920s (Manchester University Press, 1997)
- Paul Sweeney: The Celtic Tiger: Ireland’s economic miracle explained (Dublin, Oak Tree Press, 1998)
- John H Whyte: Church and State in modern Ireland 1923-79 (Dublin, Gill and MacMillan, 1984)