Ceisteanna Coitianta

Tá freagraí thíos ar na ceisteanna is minice a chuireann ár gcuid cuairteoirí. Is féidir freagra a fháil ar an gcuid is mó de na ceisteanna a bhaineann le teidlíochtaí ar an suíomh gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh..

Más mian leat rud a mholadh le cur leis an liosta seo nó leasú a dhéanamh air, seol ríomhphost chugainn ag support@www.gov.ie, le do thoil..

Cá bhfaighidh mé faisnéis maidir le Saoránacht na hÉireann?

Tá faisnéis maidir le Saoránacht na hÉireann le fáil sa rannóg saoránachta ar shuíomh idirlín na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Conas a gheobhaidh mé amach faoi mo shinsir?

Tá suíomhanna idirlín ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ag an gCartlann Náisiúnta araon a bhfuil faisnéis maidir le Ginealas orthu.

Cá bhfaighidh mé faisnéis turasóireachta?

Ó Fháilte Éireann.

Cá bhfaighidh mé faisnéis maidir le Cánachas na hÉireann?

Gheobhaidh tú faisnéis faoi chánachas ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cá bhfaighidh mé faisnéis maidir le taisteal thar lear?

Is féidir teacht ar fhaisnéis maidir le Taisteal Thar Lear sa rannóg um Chomhairle Taistil ar shuíomh idirlín na Roinne Gnóthaí Eachtracha.