Tags
Rochtain a Fháil ar Líonra Staitisticí na hEarnála Poiblí
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ina n-óstach ar bhunachair shonraí ar líne d’eagraíochtaí eile den Earnáil Phoiblí. Cuireann an tionscnamh seo “ionad ilfhreastail” ar fáil chun staitisticí a bhainistiú agus a scaipeadh. Faoi láthair, tá ag na heagraíochtaí a leanas den Earnáil Phoiblí bunachair shonraí a bhfuil an CSO ina n-óstach orthu atá go hiomlán feidhmiúil:
- an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
- an Roinn Oideachais agus Scileanna
- an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
- Oifig Forbartha Muirí na hÉireann
- Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann
