Tags
Ríomhsheirbhísí Comh-aireachta (Faoi Chosc) (‘eCabinet’)
Rinne córas Ríomhsheirbhísí Comh-aireachta mórdhifríocht don bhealach a réitíonn agus a scaipeann Ranna tograí don Chomh-aireacht Ó bunaíodh an Stát, rinneadh gnó Comh-aireachta a réiteach ar an mbealach céanna. Shuigh státseirbhíseach chun boird agus dhréachtaigh sé/sí ar pháipéar (ar scáileán dá éis sin) togra agus seoladh seo de láimh chuig daoine ina Roinn féin agus d’iomprófaí é seo de láimh ar fud na cathrach go dtí Ranna Rialtais eile go dtabharfadh Airí agus Ranna eile breithniúcháin air. Sheolfadh gach ceann de na Ranna seo a mbreithniúcháin ar ais arís de láimh, ina dhiaidh sin, chuig an mbunRoinn agus mar sin de. Ba phróiseas dlúthshaothair é ónar theastaigh athrú go géar. Déantar an próiseas iomlán a bhainistiú anois le cnaipe a chliceáil mar gheall go ngluaiseann faisnéis go slán idir Ranna agus oifigí. Éascaíonn seo:
- Deireadh a chur le dáileadh de láimh
- Faisnéis ar chlár agus ar cháipéis atá i mbun forbartha
- Comhtháthú riachtanais Lámhleabhar na Comh-aireachta isteach i sreabha oibre
- Cuimsiú treorach le haghaidh úsáideoirí i sreabhadh oibre
- Sruthlíniú próiseas i Rúnaíocht an Rialtais
- Cruthú carltannú comhiomlán leictreonach Pháipéir na Comh-aireachta agus luach iarmharach cuardaigh
Tagged with: cabinet business
