Iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC)
Chuaigh an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) in ionad foirmeacha cosúil le E111 agus E128 ar an 1 Meitheamh 2004.
Tá saoránaigh na hÉireann i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha san Aontas Eorpach (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má bhaineann tinneas nó gortú leat agus tú ag fanacht ann go sealadach. Tá Cárta amháin ag teastáil i gcomhair gach duine den teaghlach.