Gearán a dhéanamh maidir le Sábháilteacht Bhia
Tá caighdeán ard sa chuid is mó den bhia a cheannaítear sna siopaí agus a itear i mbialanna. Go hannamh, áfach, bíonn cásanna ann nuair nach bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán sláinteachais in asraon bia nó den tuairim nach bhfuil an bia a cheannaigh nó a d'ith tú sábháilte. Níos tromchúisí fós, d'fhéadfadh tú a bheith tinn de bharr bia nach bhfuil sábháilte. Sna cásanna sin, tá sé de cheart agat gearán foirmiúil a dhéanamh leis na húdaráis. Tá áis ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann le gur féidir leat gearán a dhéanamh maidir le sábháilteacht bhia ar líne.