Léigh faoi Chlár Scagthástála Spota Fola Naíonán FSS

Déantar scagthástáil ar gach naíonán a bheirtear in Éirinn le haghaidh sé riocht go luath i ndiaidh na breithe. Tugtar ‘Tástáil Phrioctha na Sáile’ air seo go minic. Is éard a bhíonn i gceist leis ná braon fola a fháil ó sháil an linbh, agus é a chur ar aghaidh lena thástáil ag lárshaotharlann atá lonnaithe in Ospidéal Ollscolaíoch na Leanaí, Sráid Teampaill. Is é an chúis go ndéantar scagthástáil a chinntiú go sainaithnítear agus go gcuirtear cóir leighis ar aon leanaí ar a bhfuil na riochtanna annamha seo a luaithe is féidir.

Téigh chuig an tseirbhís seo anois

Tagged with: