Iarratas a dhéanamh ar Íocaíochtaí agus ar Aisghabhálacha Iomarcaíochta
Tarlaíonn iomarcaíocht in Éirinn nuair a chailleann tú do phost ar chúinsí cosúil le dúnadh gnó nó laghdú ar líon na mball foirne.
Leagann dlí na hÉireann síos teidlíocht íosta ar íocaíocht iomarcaíochta d'fhostaithe le tréimhse seirbhíse ar leith leis an bhfostóir.
Tháinig Ailt 7, 11 agus 12 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 2003 i bhfeidhm ar an 10 Aibreán, 2005.
Déanann Alt 7 foráil i gcomhair foirm iomarcaíochta chuimsitheach nua (ar a dtugtar Foirm RP50) a thugann le chéile agus a théann in ionad na foirmeacha RP1 (Fógra Iomarcaíochta), RP2 (Deimhniú Iomarcaíochta), RP3 (Éileamh ar Lacáiste) agus RP14 (Iarratas an Fhostaí ar Chnapshuim ón gCiste Árachais Sóisialta). Tá an fhoirm nua mar bhunús le héileamh ar bith ar lacáiste/chnapshuim ón 10 Aibreán, 2005 ar aghaidh.
Gheobhaidh fostaí a fhaigheann fógra iomarcaíochta ar nó i ndiaidh an 10 Aibreán, 2005 a f(h)ógra iomarcaíochta ar Fhoirm RP50. Bainfear úsáid as an bhfoirm seo freisin chun taifead a dhéanamh ar an tsuim iomarcaíochta reachtúil a fhaigheann an fostaí ón bhfostóir agus bainfidh an fostóir úsáid as chun lacáiste a éileamh ón gCiste Árachais Sóisialta. Níor chóir na seanFhoirmeacha (RP1, RP2, RP3 agus RP14) a úsáid i leith iomarcaíochtaí nuair a bhíonn dáta an fhógra ar nó i ndiaidh an 10 Aibreán, 2005