Tags
Déan Cuardach ar Bhunachar Sonraí Deartha Oifig na bPaitinní
Ciallaíonn dearadh an chuma atá ar chuid de tháirge nó ar an táirge iomlán mar thoradh ar na gnéithe, go háirithe, na línte, na himlínte, an dath, an cruth, an uigeacht nó na hábhair den táirge féin nó a mhaisiú. Ceadaíonn clár agus bunachar sonraí deartha ar líne Oifig na bPaitinní rochtain ar chlár agus ar bhunachar sonraí leictreonach na hOifige a bunaíodh faoin Acht um Dhearaí Tionscail, 2001.
