Tags
Seol Tograí Seisiún Eolaíochta chuig Fóram Oscailte Euroscience 2012
Beidh Fóram Oscailte Euroscience (ESOF) ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 11-15 Iúil 2012. Is cruinniú idirdhisciplíneach uile-Eorpach an ESOF a bhíonn ar siúl faoi choimirce Euroscience, ag a bhfuil sé de chuspóir:
- an dul chun cinn is déanaí a thaispeáint san eolaíocht agus sa teicneolaíocht.
- Cómhrá a spreagadh ar fheidhm na heolaíochta agus na teicneolaíochta sa tsochaí agus sa bheartas sóisialta.
- Suim, díocas agus díospóireacht phoiblí a spreagadh agus a mhúscailt faoin eolaíocht agus faoin teicneolaíocht.
Tionólfaidh an t-imeacht 6,000 eolaí, ceannasaí gnó, oifigeach rialtais agus meán idirnáisiúnta chun plé a dhéanamh ar conas is fearr eolaíocht Eorpach a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le gach ceann de na mórdhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear Fuinneamh, Athrú Aeráide, Bia agus Sláinte. Tá Aighneachtaí Sláinte á lorg faoi láthair don chlár eolaíochta. Féadtar tograí a sheoladh isteach tríd an láithreán gréasáin seo.
Téigh chuig an tseirbhís seo anois
Tagged with: taighde
