Tags
Tairiscint le haghaidh Ghnó an Rialtais
Tá an láithreán in ainm is bhieth mar áis lárnach do gach údarás conraitheoireachta na hearnála poiblí chun deiseanna soláthair agus dámhachtana a fhógairt. Léirítear ar an láithreán seo, ar bhonn laethúil, gach deis soláthair Éireannach den earnáil phoiblí atá á bhfógairt faoi láthair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU), mar aon le conarthaí ar luach níos ísle a uaslódáiltear chuig an láithreán ó údaráis bhronnta. Ag tráth ar bith, beidh gach deis oscailte ar an láithreán i bhfoirm Fógraí Tairisceana, Fógraí Táscacha Roimhe Seo (PIN) agus Fógraí faoi Dhámhachtain Conartha (CAN). Ina theannta sin, cuireann siad cáipéisí bainteachta tairisceana ar fáil (nuair is féidir) ar féidir iad a íoslódáil ón láithreán.
Téigh chuig an tseirbhís seo anois
Tagged with: fiontar, procurement
