Tags
Úsáid Seirbhís ÍMAT Aon Tráth Aon Lá na gCoimisinéirí Ioncaim (‘PAYE Anytime‘)
Is é ÍMAT Aon Tráth Aon Lá Seirbhís Ar Líne Choimisinéirí Ioncaim na hÉireann d’fhostaithe. Cuireann an áis idirghníomhach seo modh tapa, slán agus costéifeachtúil ar fáil do dhaoine a íocann cáin faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), chun a gcuid cánach a bhainistiú ar líne.Féadfaidh úsáideoirí cláraithe:
- Féach ar do thaifead cánach
- Réimse fairsing creidmheasanna cánach a éileamh: muirir sheirbhíse, suibscríbhinní ceardchumainn agus Creidmheas Cíosa etc.
- Déan iarratas ar aisíocaíochtaí cánach, lena n-áirítear costais sláinte
- Ioncam breise a dhearbhú
- Iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú dliteanas cánach do bhlianta roimhe seo
- Creidmheasanna idir tú féin agus do chéile a ath-leithdháileadh
- Do chomhfhreagras a sheol tú chuig na Coimisinéirí Ioncaim a rianú
I measc na Sochar lena mbaineann Seirbhís ÍMAT Aon Tráth Aon Lá a úsáid, tá an méid a leanas:
- Do ghnóthaí féin cánach a bhainistiú ar bhealach tapa, furasta, saor in aisce agus slán
- Nuashonrú láithreach do chreidmheasanna cánach
- Aisíocaíochtaí meara
- Rochtain shlán 24 x 7 x 365
- Neamhdhíobhálach don chomhshaol
Ní féidir le líon beag custaiméirí athbhreithniú a éileamh trí leas a bhaint as ÍMAT Aon Tráth Aon Lá, ar nós iad seo a leanas>
