![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
AN CEANN COMHAIRLECATHAOIRLEACHIs é an chéad ghnó de chuid Dála nua tar éis Olltoghcháin an Ceann Comhairle (Cathaoirleach) a thoghadh as a Comhaltas féin agus is é an Ceann Comhairle a bhíonn i gceannas go cothrom agus le húdarás ar ghnó agus imeachtaí an Tí. Leagann Buan-Orduithe (Rialacha) Dháil Éireann amach cumhachtaí agus dualgais an Cheann Comhairle i dtaca le gnó Parlaiminte e.g. seoladh ceart díospóireachta, Ceisteanna Parlaiminte, leasuithe ar Bhillí agus ar thairiscintí, iompar mí-ordúil. Faoin mBunreacht, toghann Dáil Éireann Leas-Cheann Comhairle (Leas-Chathaoirleach) freisin. Déanann an Ceann Comhairle suí gach lae a oscailt go foirmiúil tríd an bpaidir oifigiúil a léamh. Is é an Ceann Comhairle an t-aon bhreitheamh ar ord agus tá réimse cumhachtaí agus feidhmeanna aige, eadhon
Cumhacht thábhachtach atá forchoimeádta don Cheann Comhairle ná glacadh le tairiscint chun clabhsúr a chur le díospóireacht agus an cheist a chur nuair is leor, dar leis, an plé atá déanta ar an gceist. I dtaca le gnó ginearálta Dháil Éireann, tá dualgais éagsúla ar an gCeann Comhairle. Bíonn gach suí den Teach faoi rialú Riar Oibre a ullmhaítear faoina stiúradh. Déantar tairiscintí, leasuithe agus Ceisteanna Parlaiminte a scrúdú ceann ar cheann lena áirithiú go gcomhlíonann siad na Buan-Orduithe agus fasaigh. Tá rogha ag an gCeann Comhairle leis an fógra foirmiúil is gá le haghaidh tairiscintí agus leasuithe a ghiorrú. De bharr struchtúr páirtithe na hionadaíochta polaitiúla i nDáil Éireann, déanann an Ceann Comhairle iarracht ar ionadaíocht chothrom a thabhairt do na Páirthithe go léir ar a n-áirítear Comhaltaí Neamhspleácha. Ar ghabháil i mbun oifige mar Cheann Comhairle agus lena shainról maidir le bheith i gceannas na n-imeachtaí go cothrom a áirithiú, bíonn sé de nós ag an gCeann Comhairle coinneáil amach ó pháirt ghníomhach a ghlacadh sa pholaitíocht ach bíonn sé saor i gcónaí chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann mhuintir a Dháilcheantair. Tugann an Bunreacht aitheantas don sainról seo agus tá socrú ann go bhféadtar Ceann Comhairle atá ag dul as oifig, agus ar mian leis bheith ina chomhalta den Dáil nua, a thoghadh go huathoibríoch. Is é an Ceann Comhairle atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bhreithníonn cúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus a mholann aon bhreisiú nó leasú a mheastar is gá ar na Buan-Orduithe. Féadfaidh an Coiste breithniú a dhéanamh freisin ar phribhléidí Comhaltaí agus tuarascáil a thabhairt don Teach. Cé go mbíonn imeachtaí an Tí faoi rialú na mBuan-Orduithe ní cód iomlán den nós imeachta laethúil iad. Ní mór iad a léamh, sa chomhthéacs inar chuir an Chathaoir i bhfeidhm iad nó inar fhorbair an Chathaoir iad thar na blianta. Is í an phríomhfhoinse dó sin ná "Rialuithe na Cathaoireach" mar a thugtar orthu, agus is é atá iontu sin na cinntí ag an gCathaoir ar ábhair nach luaitear go sonrach sna Buan-Orduithe nó a thugann feidhm do na Buan-Orduithe in imthosca sonracha. Beidh na cinntí sin déanta thar thréimse fada ama agus ag riar maith de Chathaoirligh éagsúla (cibé acu mar Cheann Comhairle nó mar Leas-Cheann Comhairle). Ní gá don Chathaoir a bheith faoi cheangal ag Rialuithe a rinneadh cheana ach, ar aon ócáid ar leith, is dóigh de go leanfar de Rialú ar mhaithe le comhsheasmhacht. Faoi Airteagal 15.11 2o den Bhunreacht, más ionann líon na vótaí ar an dá thaobh beidh ag an gCeann Comhairle vóta cinniúna nach foláir dó a thabhairt. Chun cuidiú leis i bhfeidhmiú a chuid dualgas parlaiminte, ainmníonn an Ceann Comhairle painéal Cathaoirleach sealadach as comhaltas na Dála. Foráiltear leis an mBunreacht go ndéanfaidh an Ceann Comhairle aon Bhille atá, dar leis, ina Bhille Airgid a dheimhniú mar Bhille Airgid agus faoi chuimsiú cosaintí bunreachtúla áirithe ní bheidh dul thar an deimhniú sin. Is é tábhacht an nós imeachta sin nach féidir le Seanad Éireann ach moltaí a dhéanamh ar Bhille Airgid, ní féidir leis leasuithe a dhéanamh, agus ní foláir dó é a rith laistigh de 21 lá (murab ionann agus 90 lá nuair nach Bille Airgid é). Déanann an Ceann Comhairle ionadaíocht thar ceann Dháil Éireann ag cruinnithe idirnáisiúnta parlaiminteach (An tAontas Idirpharlaiminteach), ag Comhdhálacha de Chinn Pharlaiminte, ag Comhairle na hEorpa, ag Parlaimint na hEorpa agus is é an t-óstach oifigiúil é le linn do thoscaireachtaí parlaiminte a bheith ar cuairt sa tír. I gcás Uachtarán na hÉireann a bheith as láthair nó ar míthreoir go sealadach, bíonn an Ceann Comhairle ina chomhalta den Choimisiún a oibríonn cumhachtaí agus feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán. Tá an Ceann Comhairle ina chomhalta freisin den Chomhairle Stáit a thugann cabhair agus comhairle don Uachtarán maidir le hoibriú agus comhlíonadh cumhachtaí áirithe atá aici. Bíonn sé ina Chathaoirleach ex officio ar Choimisiún na Státseirbhíse, ar an gCoimisiún um Cheapacháin Áitiúla agus ar an gComhairle a bunaíodh chun aitheantas a thabhairt do ghníomhartha crógachta. Faoi na hAchtanna Toghcháin, is Comhalta ex officio an Ceann Comhairle den Bhord Achomhairc a bunaíodh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le haon amhras, díospóid nó ceist a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le Clár na bPáirtithe Polaitíochta. Is Comhalta ex officio an Ceann Comhairle den Bhord Achomhairc a bunaíodh chun achomhairc in aghaidh chinntí Cheann Comhairimh an tSeanaid faoi Acht Thoghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947, a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu. |