![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
CATHAOIRLEACHSHEANAD ÉIREANN |
|
| Ar theacht le chéile den chéad uair dó tar éis Olltoghcháin toghann Seanad Éireann Cathaoirleach agus is é an Cathaoirleach a bhíonn i gceannas go cothrom agus le húdarás ar ghnó agus imeachtaí an Tí.. | ![]() |
| Leagann
Buan-Orduithe (Rialacha) Sheanad Éireann amach
cumhachtaí agus dualgais an Chathaoirligh i dtaca le
gnó Parlaiminte e.g. seoladh díospóireachta, leasuithe
ar Bhillí agus ar thairiscintí, iompar mí-ordúil.
Faoin mBunreacht, toghann Seanad Éireann
Leas-Chathaoirleach freisin. Is é an Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh ar ord agus tá réimse cumhachtaí agus feidhmeanna aige, eadhon
Cumhacht thábhachtach atá forchoimeádta don Chathaoirleach ná glacadh le tairiscint chun clabhsúr a chur le díospóireacht agus an cheist a chur nuair is leor, dar leis, an plé atá déanta ar an gceist. I dtaca le gnó ginearálta an tSeanaid, tá dualgais éagsúla ar an gCathaoirleach. Bíonn gach suí den Teach faoi rialú Riar Oibre a ullmhaítear faoina stiúradh. Déantar tairiscintí agus leasuithe a scrúdú ceann ar cheann lena áirithiú go gcomhlíonann siad na Buan-Orduithe agus fasaigh. Tá rogha ag an gCathaoirleach, leis, an fógra foirmiúil is gá le haghaidh tairiscintí agus leasuithe a ghiorrú. Is é an Cathaoirleach atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bhreithníonn cúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus a mholann aon bhreisiú nó leasú a mheastar is gá ar na Buan-Orduithe. Féadfaidh an Coiste breithniú a dhéanamh freisin ar phribhléidí Comhaltaí agus tuarascáil a thabhairt don Teach. Cé go mbíonn imeachtaí an Tí faoi rialú na mBuan-Orduithe ní cód iomlán den nós imeachta laethúil iad. Ní mór iad a léamh sa chomhthéacs inar chuir a Chathaoir i bhfeidhm iad nó inar fhorbair an Chathaoir iad thar na blianta. Is í an phríomhfhoinse dó sin ná "Rialuithe na Cathaoireach" mar a thugtar orthu, agus is é atá iontu sin na cinntí ag an gCathaoir ar ábhair nach luaitear go sonrach sna Buan-Orduithe nó a thugann feidhm do na Buan-Orduithe in imthosca sonracha. Beidh na cinntí sin déanta thar thréimse fada ama agus ag riar maith de Chathaoirligh éagsúla (cibé acu mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach). Ní gá don Chathaoir bheith faoi cheangal ag Rialuithe a rinneadh cheana ach, ar aon ócáid ar leith, is dóigh de go leanfar de Rialú ar mhaithe le comhsheasmhacht. Faoi Airteagal 15.11 2o den Bhunreacht, más ionann líon na vótaí ar an dá thaobh beidh ag an gCathaoirleach vóta cinniúna nach foláir dó a thabhairt. Chun cuidiú leis i bhfeidhmiú a chuid dualgas parlaiminte, ainmníonn an Cathaoirleach painéal Cathaoirleach sealadach as comhaltas an tSeanaid. Déanann an Cathaoirleach ionadaíocht thar ceann Sheanad Éireann ag cruinnithe idirnáisiúnta parlaiminteach, ag Comhdhálacha de Chinn Pharlaiminte, ag Comhairle na hEorpa agus ag Parlaimint na hEorpa agus, i gcomhar leis an gCeann Comhairle, is comhóstach é le linn do thoscaireachtaí parlaiminte coigríche a bheith ar cuairt ar Éirinn. I gcás Uachtarán na hÉireann a bheith as láthair nó ar míthreoir go sealadach, bíonn an Cathaoirleach ina chomhalta den Choimisiún a oibríonn cumhachtaí agus feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán. Tá an Cathaoirleach ina chomhalta freisin den Chomhairle Stáit a thugann cabhair agus comhairle don Uachtarán maidir le hoibriú cumhachtaí áirithe atá aici. Faoi na hAchtanna Toghcháin, is Comhalta ex officio an Cathaoirleach den Bhord Achomhairc a bunaíodh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le haon amhras, díospóid nó ceist a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le Clár na bPáirtithe Polaitíochta. Is Comhalta ex officio an Cathaoirleach, leis, den Bhord Achomhairc a bunaíodh chun achomhairc in aghaidh chinntí Cheann Comhairimh an tSeanaid faoi Acht Thoghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947, a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu. |