![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
TEACHTA DÁLA |
|
| Tá dhá
Theach i bParlaimint na hÉireann (An tOireachtas), Dáil
Éireann agus Seanad Éireann. Tugann an leathanach seo
léargas ginearálta ar obair Chomhaltaí Dháil
Éireann. Saoránaigh atá ocht mbliana déag d'aois agus os a chionn a thoghann Comhaltaí de Dháil Éireann. Teachta Dála a thugtar ar Chomhalta go hoifigiúil; de ghnáth tugtar "TD" nó "Teachta" ar Chomhalta. |
![]() |
| De
réir dlí ní mór Olltoghchán do Dháil Éireann a
bheith ann uair amháin ar a laghad gach cúig bliana.
Chun críocha toghchán, tá an tír roinnte i gceantair
ar a dtugtar dáilcheantair, a dtoghann gach ceann acu
triúr, ceathrar nó cúigear Comhaltaí. Faoin
mBunreacht caithfidh Comhalta amháin ar a laghad a
bheith ann do gach 20,000 go 30,000 duine agus faoi
láthair tá 166 Comhalta ann ar ionadaithe iad do 41
Dáilcheantar. Ní foláir na Dáilcheantair a athmheas
uair amháin ar a laghad gach dhá bhliain déag. Go
praiticiúil, déantar na dáilcheantair a athmheas ar
fhoilsiú thorthaí gach daonáirimh. Glactar
daonáireamh gach cúigiú bliain de ghnáth agus ansin
déanann Coimisiún neamhspleách scéim athmheasta
dáilcheantar a leagan amach más gá. Déanann Teachtaí ionadaíocht thar ceann na toghlachta iomláine laistigh dá ndáilcheantair agus soláthraíonn siad nascadh riachtanach daonlathach idir muintir na ndáilcheantar, an Rialtas agus an Pharlaimint. Féadfaidh Teachta bheith ina chomhalta de Pháirtí Rialtais nó den Fhreasúra nó féadfaidh sé nó sí suí mar Theachta Neamhspleách. Tá an-éagsúlacht ag baint le hobair an Teachta. De bhreis ar a bpríomhobair mar Chomhaltaí de Dháil Éireann, is minic a bhíonn Teachtaí ina gcomhaltaí d'údaráis áitiúla, de bhoird sláinte agus de Choistí Gairmoideachais. Déanfaidh Teachtaí a gcuid ama a roinnt, mar sin, idir riachtanais a nDáilcheantair, mar a gcoinníonn siad dlúthnaisc leis an bpobal áitiúil, le grúpaí agus le heagraíochtaí áitiúla, agus freastal ar chruinnithe de Dháil Éireann agus den iliomad sainchoistí dá cuid. Reáchtálann Teachtaí clinicí comhairleacha ina nDáilcheantair go rialta agus cuireann na clinicí sin ar chumas mhuintir na nDáilcheantar bualadh leo go pearsanta. Go han-mhinic bíonn cabhair ag teastáil maidir le fadhb phearsanta / theaghlaigh le Roinn Rialtais, le húdarás áitiúil nó le bord sláinte. Más gá, bainfidh an Teachta leas as nósanna imeachta Dháil Éireann (e.g. Ceist Pharlaiminte) chun déileáil leis an ábhar. Tionóltar cruinnithe de Dháil Éireann de ghnáth i seisiún iomlánach Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin. Áirítear i ngnáth-lá oibre an Teachta i nDáil Éireann taighde a dhéanamh agus óráidí a ullmhú le haghaidh díospóireachtaí ar cheisteanna sóisialta, eacnamaíochta, airgeadais agus buiséid, leasuithe ar reachtaíocht nua a dhréachtú agus moltaí le haghaidh reachtaíochta nua a scrúdú, páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar Bhillí agus ar ábhair thábhachtacha eile, vóta a chaitheamh ar cheisteanna sa Teach, freastal ar Thráth na gCeist, páirt a ghlacadh in imeachtaí aon cheann de na 19 gCoiste agus uiríollacha a dhéanamh ó bhéal nó i scríbhinn thar ceann mhuintir an Dáilcheantair chuig Airí nó Ranna Rialtais. I dtaca le hobair Choiste, tá sainchóras Coistí ag Dáil Éireann a thugann comhairle ar réimse leathan ábhar, mar shampla, reachtaíocht, cúrsaí sóisialta, eacnamaíocht agus airgeadas. Obair eile a dhéanann na Coistí sin ná reachtaíocht a phróiseáil agus caiteachas Rialtais a scrúdú. Le blianta beaga anuas, tá córas dea-eagraithe Comhchoistí bunaithe (i.e. Coistí den dá Theach a shuíonn agus a vótálann le chéile) agus dá bharr seo tá deiseanna breise faighte ag Teachtaí bheith níos rannpháirtí fós in obair shainiúil pharlaiminte sna réimsí seo a leanas: Gnóthaí Eachtracha, Gnóthaí Eorpacha, An Ghaeilge, Fiontair Stáit, Cearta na mBan, Cúrsaí an Teaghlaigh, Forbairt Inmharthana agus Mionghnóthaí agus Seirbhísí. Is minic a bhíonn Teachta ina Chomhalta de níos mó ná aon Choiste amháin nó tig leis nó léi a bheith ina C(h)athaoirleach ar Choiste fiú. Bíonn ról polaitiúil idirnáisiúnta ag Teachtaí leis trína gcomhaltas i gcomhlachtaí idirnáisiúnta, e.g. Comhairle na hEorpa, Comhlacht Idir-Pharlaiminteach na Breataine agus na hÉireann agus cumainn pharlaiminteacha eile agus iarrann Teilifís agus Raidió náisiúnta agus idirnáisiúnta orthu go minic páirt a ghlacadh i gcláir chúrsaí reatha. Tugtar cearta áirithe do Chomhaltaí le dlí (e.g. cúnamh rúnaíochta, míleáiste, cothú, liúntais phoist agus teileafóin) chun a chur ar a gcumas déileáil go héifeachtach lena gcuid dualgas mar ionadaithe poiblí agus reachtóirí. |