![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
An Rialtas sa Pharlaimint |
|
| Ar thionól Dála nua tar éis Olltoghcháin, cromtar ar Rialtas a chur le chéile agus ainmníonn Dáil Éireann daoine lena gceapadh ag an Uachtarán mar Thaoiseach. Vótáiltear ar na hainmniúcháin faoi seach go dtí go gcomhaontaítear ar dhuine amháin. De ghnáth, beidh ainmní dá gcuid féin ag gach ceann de na páirtithe polaitíochta, nó comhghuaillíocht de pháirtithe, agus beidh tacaíocht thromlach na gComhaltaí ag an té a fhaigheann an t-ainmniúchán. | ![]() |
| Ainmníonn
an Taoiseach na comhaltaí eile den Rialtas agus sannann
Ranna Stáit dóibh. Arna gceadú ag Dáil Éireann,
déanann an tUachtarán iad a cheapadh go foirmiúil agus
tugann a séala Oifige dóibh. De réir an Bhunreachta,
áfach, i gcás nach bhfuil tacaíocht thromlach na Dála
ag Rialtas a thuilleadh, is féidir Rialtas comharbais a
cheapadh gan Olltoghchán. Is don Rialtas atá cumhacht fheidhme an Stáit dílsithe agus tá an Rialtas freagrach do Dháil Éireann. Bíonn 7 gComhalta, ar a laghad, agus 15 Chomhalta, ar a mhéid, sa Rialtas. Ní foláir don Taoiseach, don Tánaiste agus don Aire Airgeadais a bheith ina gComhaltaí de Dháil Éireann. Tá foráil sa Bhunreacht, nach mbaintear feidhm aisti ach go hannamh, lena gceadaítear beirt Chomhaltaí de Sheanad Éireann, ar a mhéid, a cheapadh mar Chomhaltaí den Rialtas. Cruinníonn an Rialtas agus gníomhaíonn sé mar chomhúdarás. Cuidíonn Airí Stáit, nach Comhaltaí den Rialtas iad, leis na hAirí Rialtais ina gcuid oibre parlaiminte agus roinne. I láthair na huaire, tá seacht nAire Stáit déag ann. De réir Bhuan-Orduithe (Rialacha) Dháil Éireann, is é an Taoiseach a chinneann an t-ord ina nglacfar gnó an Rialtais gach lá ach is é an rud a tharlaíonn dáiríre ná gur tar éis plé idir Aoirí na bPáirtithe a chinntear riar na hoibre sin. Is é príomhghnó an Rialtais ná cúram agus bainistí an airgeadais phoiblí, riarachán na Ranna Stáit agus reachtaíocht a rith ar mhaithe le leas eacnamaíoch, airgeadais agus sóisialta an phobail. Baineann gnó airgeadais an Rialtais go príomha le
Leis na díospóireachtaí bliantúla ar na Meastacháin, tugtar deiseanna do na Comhaltaí oibriúcháin laethúla na Ranna Stáit a scrúdú go mion. Leis an Acht Leithreasa, tugtar éifeacht reachtúil do Mheastacháin na Ranna. Tugtar éifeacht láithreach dhlíthiúil don Bhuiséad bliantúil le rúin airgeadais de chuid Dháil Éireann agus déantar na rúin sin a chorprú san Acht Airgeadais faoi cheann ceithre mhí ó Lá an Bhuiséid. Dá dteipfeadh ar Rialtas a Bhuiséad nó aon fhoráil ann a rith trí Dháil Éireann, thitfeadh an Rialtas sin agus d'fhéadfaí an Dáil a lánscor dá bharr seo. Is féidir le Comhaltaí beartas agus riarachán an Rialtais a scrúdú le Ceisteanna Parlaiminte foirmiúla agus is féidir na Ceisteanna sin a dhíriú ar Chomhaltaí den Rialtas faoi chúrsaí poiblí a bhaineann lena Ranna nó faoi ábhair riaracháin a bhfuil freagracht oifigiúil orthu ina leith. Ina theannta sin, is féidir díospóireacht níos leithne a bheith sna Tithe ar ghníomhaíocht agus ar bheartas an Rialtais. Is éard a bhíonn i gclár reachtaíochta Rialtais (Billí) ná moltaí i gcomhair reachtaíochta nua ar fad nó i gcomhair leasuithe ar an dlí atá ann cheana féin. Tá nósanna imeachta cosúla sa dá Theach chun scrúdú a dhéanamh ar Bhille le linn dó a bheith á rith sa Teach. Is féidir le ceachtar den dá Theach leasuithe a dhéanamh, ach amháin i gcás Billí Airgid, .i. Billí a bhaineann le hábhair airgeadais, nach féidir le Seanad Éireann ach moltaí a dhéanamh ina leith. Leis an dlí reachtúil, is minic a tharmligtear an chumhacht d'Airí Ionstraimí Reachtúla a dhéanamh, ar a dtugtar freisin reachtaíocht tharmligthe nó thánaisteach. Modh éifeachtach é seo chun an dlí reachtúil a fheidhmiú gan am na Parlaiminte a mheilt. Is ag an bParlaimint a bhíonn an rialú i gcónaí, áfach, sa mhéid gur féidir le ceachtar den dá Theach nó iad araon Ionstraimí Reachtúla a neamhniú de réir mar is iomchuí. Rinneadh timpeall ar 465 Ionstraim Reachtúil sa bhliain 1994. Cé go gcinneann gach Teach a chuid nósanna imeachta féin chun a ghnó a rialú, bíonn gá le tacaíocht an Rialtais i gcomhair nósanna imeachta nua. Le túsbhearta le blianta beaga anuas, bunaíodh sraith coistí reachtaíochta agus sainchoistí eile i raon leathan beartais agus riaracháin. Dá bharr sin, bíonn deis níos fearr ag Comhaltaí páirt níos gníomhaí agus níos éifeachtaí a ghlacadh in obair na Parlaiminte. D'ainneoin nach bhfuil aon fhreagracht dhíreach bhunreachtúil ar an Rialtas do Sheanad Éireann, scrúdaítear moltaí reachtaíochta an Rialtais i Seanad Éireann de bhua gur cuid bhunaidh den Oireachtas é an Teach sin. Ina theannta sin, bíonn ceart freastail bunreachtúil i Seanad Éireann ag Comhaltaí den Rialtas agus bíonn siad féin nó Aire Stáit i láthair nuair a bhíonn an Teach sin ag plé le Billí nó i mbun díospóireachtaí faoi ghnéithe de bheartas agus de riarachán an Rialtais. |