![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
TITHE AN OIREACHTAIS |
|
| Is daonlathas parlaiminteach Éire. An tUachtarán agus dhá Theach atá sa Pharlaimint Náisiúnta (an tOireachtas): Dáil Éireann agus Seanad Éireann a thugtar ar an dá Theach sin agus is ó Bhunreacht na hÉireann, a d'achtaigh an Pobal ar an 1 Iúil, 1937, a chineann a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí. Tá Tithe an Oireachtais suite i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath. | ![]() |
Ní hionann an modh
toghcháin don dá Theach. Toghann an pobal na 166
Comhalta de Dháil Éireann go díreach. Déantar an 60
Comhalta de Sheanad Éireann a ainmniú nó a thoghadh
mar a leanas:
Tugann an Bunreacht cumhacht do gach ceann den dá Theach a Bhuan-Orduithe féin (Rialacha) a dhéanamh agus tá de chumhacht ag gach Teach acu pionós a cheapadh do lucht a sáraithe sin. Faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann le comhaltas den Chomhphobal tugtar don Oireachtas amháin an t-aon chumhacht chun dlíthe a dhéanamh. Tugtar aitheantas do phríomhaíocht Dháil Éireann maidir le nithe a bhaineann le reachtaíocht sa mhéid nach foláir olltoghchán a bheith ann don Seanad tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis lanscoir do Dháil Éireann. Ó thaobh reachtaíochta de, forálann an Bunreacht nach féidir le Seanad Éireann achtú reachtaíochta a mhoilliú gan teorainn. Is i nDáil Éireann amháin is féidir Billí chun an Bunreacht a leasú agus Billí Airgid i.e. reachtaíocht airgeadais, a thionscnamh. Tig le Seanad Éireann moltaí a dhéanamh (ach ní leasuithe) ar Bhillí Airgid agus ní mór iad sin a dhéanamh laistigh d'aon lá is fiche i gcomórtas le nócha lá i gcás Billí nach Billí Airgid. I dteannta a róil reachtaíochta, féadfaidh gach Teach beartas agus riarachán an Rialtais a scrúdú agus a cháineadh. Is é Dáil Éireann, áfach, an Teach as a roghnaítear an Rialtas (an Lucht Feidhmiúcháin) agus ar dó atá an Rialtas freagrach. Is é a tharlaíonn i gcás nach gcoimeádann an Rialtas tacaíocht thromlach na gcomhaltaí de Dháil Éireann ná lánscor na Dála agus Olltoghchán nó ceapadh Rialtais comharbais. Tá cumhachtaí comhlántacha ag na Tithe i réimsí áirithe e.g. Uachtarán, breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur as oifig, staid phráinne a dhearbhú agus a fhoirceannadh, dlíthe a dhéanamh agus Ionstraimí Reachtúla (i.e. cumhacht reachtaíochta a thugtar d'Airí) a neamhniú. Tá cumhachtaí tosaíochta nó eisiatacha ag an Seanad in dhá réimse, áfach,
Tig leis an Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, teachtaireacht nó aitheasc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i dtaobh aon ní a bhfuil tábhacht náisiúnta nó tábhacht phoiblí ann. Tá céannachtaí bunreachtúla ar leithligh ag na Tithe. Le blianta beaga anuas, áfach, tá córas dea-eagraithe Comhchoistí bunaithe (i.e Coistí den dá Theach a shuíonn agus a vótálann le chéile) agus dá bharr seo tá deiseanna breise faighte ag Comhaltaí den dá Theach bheith níos rannpháirtí fós in obair shainiúil pharlaiminte sna réimsí seo a leanas: Gnóthaí Eachtracha, Gnóthaí Eorpacha, An Ghaeilge, Fiontair Stáit, Cearta na mBan, Cúrsaí an Teaghlaigh, Forbairt Inmharthana agus Mionghnóthaí agus Seirbhísí. Tá Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanad Éireann ina gcomhaltaí ex officio den Chomhairle Stáit a thugann cabhair agus comhairle don Uachtarán maidir le hoibriú agus comhlíonadh cumhachtaí áirithe dá cuid agus, in éineacht leis an bPríomh-Bhreitheamh, is comhaltaí den Choimisiún iad a ghníomhaíonn má bhíonn an tUachtarán as láthair nó má bhíonn an tUachtarán ar éagumas go sealadach nó go buan. Déantar teilifísiú ar imeachtaí na dTithe agus na gcoistí parlaiminteacha. Déanann an craoltóir náisiúnta, Radio Telefís Éireann, imeachtaí a chraoladh beo ar ócáidí tábhachtacha e.g. Toghadh an Cheann Comhairle, an Taoisigh agus comhaltaí eile den Rialtas, na Ráitis Cháinaisnéise, aitheasc foirmiúil chun na dTithe ón Uachtarán nó ó Chinn Stáit/Rialtais atá ar cuairt. Thairis sin, le linn tuairisciú a dhéanamh ar ghnó na parlaiminte (lena n-áirítear Coistí) i gcláir nuachta nó pholaitíochta, baineann RTÉ leas mór as imeachtaí teilifísithe. |