Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie

Oireachtas home page

REACHTAÍOCHT


Forálann Bunreacht na hÉireann, faoi réir oibleagáidí chomhaltas an Aontais Eorpaigh, gur don Oireachtas (Parlaimint) amháin, arb é atá ann an tUachtarán agus dhá Theach, Dáil Éireann agus Seanad Éireann, a dhílsítear an t-aon chumhacht chun dlíthe a dhéanamh don Stát. Leabharlann
Tugann an Bunreacht príomhaíocht do Dháil Éireann, arb é an teach atá tofa go díreach é, i dtaca le reachtaíocht a rith agus forálann sé nach dtig leis an Seanad moill gan teorainn a chur le hachtú reachtaíochta. Maidir le Billí chun an Bunreacht a leasú agus Billí Airgid .i. reachtaíocht airgeadais, is i nDáil Éireann amháin is féidir iad a thionscnamh. Féadfaidh Seanad Éireann moltaí a dhéanamh i leith Billí Airgid (ní féidir leis leasuithe a dhéanamh) agus caithfear iad seo a dhéanamh faoi cheann 21 lá.

Achtanna uile an Oireachtais, tosaíonn siad mar Bhillí, ar tograí iad le haghaidh reachtaíochta: na cinn sin is infheidhme i leith na saoránach i gcoitinne, gairtear Billí Poiblí díobh agus iad sin a chuirtear ar aghaidh ó údaráis áitiúla agus ó chomhlachtaí nó daoine príobháideacha chun a gcríoch féin, Billí Príobháideacha a ghairtear díobh. Is annamh a bhíonn Billí Príobháideacha ann agus déileáiltear leo faoi nósanna imeachta ar leithligh.

Sula dtugann an Dáil nó an Seanad Bille Rialtais isteach, beidh an Rialtas tar éis glacadh lena bhfuil ann. Beidh próis chomhairliúcháin curtha i gcrích roimh ré le Ranna Rialtais agus le grúpaí ar dhóigh go ndéanfadh an Bille difear dóibh. Uaireanta foilseoidh an Rialtas Páipéar Uaine, ar plédhoiciméad a bheidh ann, ina leagfaidh sé amach a chuid smaointe agus ina lorgóidh sé tuairimí ó phearsana aonair agus ó eagraíochtaí iomchuí. Ní mór Billí a dhréachtú ar mhodh foirmiúil agus is iad na Dréachtóirí Parlaiminte, atá ar fostú ag Oifig an Ard-Aighne, a thugann faoin obair sin a dhéanamh.

Is iondúil gurb é an Rialtas a thionscnóidh reachtaíocht i gceann den dá Theach ach ceadaítear chomh maith faoi nósanna imeachta parlaiminte do pháirtithe Freasúra agus do Chomhaltaí neamhspleácha Billí a thabhairt isteach; "Billí Comhaltaí Príobháideacha" a thugtar orthu seo. I mórthromlach na gcásanna, ní éiríonn le Billí Comhaltaí Príobháideacha dul níos faide ná an Dara Céim, ach tharla gur ritheadh dornán beag díobh.

Tá nósanna imeachta comhionanna ag an dá Theach le Billí a phróiseáil. Sa Dáil amháin, áfach, is féidir tionscnamh a dhéanamh maidir le Billí Airgid, a dhéileálann le cánachas agus caiteachas agus Billí chun an Bunreacht a leasú. Seachas sin, féadtar tús a chur leis an bpróis reachtaíochta i gceachtar den dá Theach. Cúig chéim atá ann maidir le breithniú Bille, arb iad an dara céim agus an tríú céim na cinn is tábhachtaí.

Is é atá sa Dara Céim de Bhille ná díospóireacht ghinearálta ar phrionsabail an Bhille agus tig le Comhaltaí trácht a dhéanamh, ní hamháin ar a bhfuil sa Bhille ach ar a bhféadfaí a chur isteach sa Bhille go hiomchuí. Ag an Tríú Céim (An Coiste) scrúdaítear an Bille alt ar alt agus bíonn sé de cheart ag gach Teach an Bille a mhodhnú ar mhodh leasaithe. Aire nó Aire Stáit amháin, áfach, a fhéadfaidh leasú a thairiscint i gceachtar Teach ar leasú é a mbeadh de thoradh air muirear airgid a fhorchur ar an bpobal nó ar Bhoird Stáit nó muirear dá leithéid a mhéadú. Tig le hAirí agus le hAirí Stáit freastal ar an Seanad agus éisteacht a fháil ann; déantar leasuithe Rialtais ar Bhillí a thairiscint ón gCathaoir sa Seanad. Féadtar leasuithe breise, a thagann den Tríú Céim, a dhéanamh ar an mBille ag an gCeathrú Céim (An Tuarascáil) agus ag an gCúigiú Céim ní bhíonn sa díospóireacht ach trácht ar ábhar an Bhille.

Ó thráth go chéile, déanfaidh na Comhaltaí vótáil fhoirmiúil ar cheist atá faoi bhráid an Tí - is é sin, scarfaidh siad chun go ndéanfar iad a chomhaireamh in dhá phasáiste, iad siúd atá ag vótáil ar son na ceiste (Tá) agus ina haghaidh (Níl).

Nuair a ritear Bille trí gach Céim i dTeach amháin, déantar é a chur síos don dara Céim sa Teach eile. Chomh luath agus a bhíonn Bille rite ag an dá Theach, déanann an Taoiseach cóip pháir de, arna ullmhú in Oifig Thithe an Oireachtais, a thairgeadh don Uachtarán chun a lámh a chur leis agus é a fhógairt ina dhlí. Déantar ansin an téacs sínithe a chur isteach ina iris in Oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí.

Forálann an Bunreacht, i gcás go dtairgtear Bille chun go gcuirfidh an tUachtarán a lámh leis, gur cead don Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, an cheist i dtaobh an Bille nó aon fhorálacha de a bheith míbhunreachtúil a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí. Má chinneann an Chúirt Uachtarach amhlaidh diúltaíonn an tUachtarán a lámh a chur leis an mBille. Thairis sin, má dhéanann tromlach den Seanad i bhfochair trian ar a laghad den Dáil.


Oireachtas home pageContact PageTop of Page

HomeSearchHelpInformation on IrelandLinks