![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
Traidisiún Parlaiminteach na hÉireannTéann traidisiún parlaiminteach na hÉireann níos faide siar ná stair scríofa na tíre. Is iomaí sampla de flaithis agus ríochtaí i bhfinscéalta agus annála na seanaimsire agus tá cur síos iontu sin ar eagrú shochaí na hÉireann de réir córais a mheasfaí le réasún a bheith "daonlathach" sa lá atá inniu ann. Bhí córas dlí na linne-Dlíthe na mBreithiúna- bunaithe go soiléir ar shocraíochtaí ciallmhara, praiticúla a d'éascaigh do dhaoine maireachtáil i gcomhar a chéile. Ceann de na himeachtaí is bunúsaí i stair na hÉireann ná teacht na Normannach go dtí an tír ó 1169 amach. D'éirigh leis na coilínigh Normannacha iad féin a lonnú sa cheantar cuíosach beag timpeall Bhaile Átha Cliath agus i gcuid de Chúige Laighean ar ar tugadh an Pháil, áit ar thug siad isteach sochaí, dlíthe agus parlaimint den chineál feodach céanna a bhí curtha ar bun acu i Sasana. Ó 1172 go dtí an nua-thréimhse mhoch d'éirigh le sochaí thraidisiúnta na hÉireann maireachtáil taobh leis na limistéir a bhí faoi riail na Normannach, agus is beag nach raibh na Gaeil dhúchasacha neamhspleách ar fad ó thaobh eagrú polaitiúil agus cúrsaí laethúla de. Ní dhearnadh iarracht comhbheartaithe an tír go léir a chur faoin gcóras rialtais Sasanach agus faoi rialú parlaiminte i mBaile Átha Cliath go dtí go luath sa 16ú haois. Is é an deireadh a bhí air sin ná gur bhris airm na Banríona Eilís I airm dhúchasacha na hÉireann ag Cath Chionn tSáile i 1601 agus gur tharla "Teitheadh na nIarlaí", an tráth a d'imigh a raibh fágtha de phríomhthaoisigh na hÉireann go dtí mór-roinn na hEorpa. Ar theacht i réim don Rí Séamus I agus é mar pholasaí aige spreagadh a thabhairt do choilínigh nua cur fúthu in Éirinn, ba ghearr go raibh scoilt pholaitiúil ann. De bhrí gur díshealbhaíodh na Gaeil dhúchasacha faoi phlandáil Shéamus I sa taobh ó thuaidh tharla éirí amach i measc Ghaeil Uladh agus fuair siad tacaíocht ó na "Sean-Sasanaigh" Caitliceacha. Mar thoradh air sin bhí "Parlaimint Chill Chainnigh" ann i 1641 agus ba é sin an chéad iarracht chun comhlacht lárnach a bhunú a bheadh ionadaitheach do thromlach mhuintir na hÉireann. D'fhág an suaitheadh a tharla i lár agus i ndeireadh an 17ú haois go raibh an chumhacht go léir i seilbh na Cinsealachta Protastúnaí. Cuireadh sraith Péindlíthe i bhfeidhm agus faoi cheann amháin acu rinneadh Caitlicigh a eisiamh go hiomlán ó pharlaimint na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Tháinig smaointe nua polaitiúla chun cinn mar gheall ar thionchar agus eiseamláir Chogadh na Saoirse i Meiriceá agus tharla athrú tábhachtach bunreachtúil de bharr bhrú ón gCinsealacht Phrotastúnach í féin le haghaidh athchóiriú. I 1782 tugadh neamhspleáchas reachtach do Pharlaimint na hÉireann, a bhí faoi cheannas Westminster ó thaobh dlí de. Ach níor mhair an pharlaimint neamhspléach Éireannach seo ach seal 18 mbliana. Mar fhreagra ar leathnú smaointe réabhlóideacha Réabhlóid na Fraince agus éirí amach na nÉireannach Aontaithe i 1798, d'áitigh an Rialtas i Londain ar an bparlaimint i mBaile Átha Cliath vótáil chun deireadh a chur léi féin faoi Acht Aontais 1800. Uaidh sin go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1922 shuigh Teachtaí Parlaiminte na hÉireann i dTeach na gComóntach i Westminster. Bhí athruithe tábhachtacha ag tarlú go luath sa 19ú haois sa mhéid is go rabhthas ag éirí as úsáid a bhaint as na péindlíthe i gcoinne na gCaitliceach. Is é a lean as an bpróiseas ná gur bhain Dónall Ó Conaill Fuascailt na gCaitliceach amach i 1829 sa chaoi gur ceadaíodh do Chaitlicigh suíocháin a thógáil sa Pharlaimint agus leas a bhaint as cearta sibhialta agus creidimh eile a bhí á gceilt orthu le fada. Chuir sé sin dlús le gníomhaíocht agus forbairt pholaitiúil sa tír. Sa tréimhse i ndiaidh Fhuascailt na gCaitliceach tháinig páirtí cumhachtach Éireannach chun cinn agus Rialtas Dúchais mar chuspóir aige. Issac Butt, Charles Stewart Parnell agus Seán Mac Réamoinn, i ndiaidh a chéile, a bhí ina gceannairí ar an bPáirtí, agus in éineacht le straitéisithe polaitíochta cumasacha eile, choinnigh siad ceist "Rialtas Dúchais" chun tosaigh sa pholaitíocht ar feadh tréimhse tuairim is 40 bliain. Sa deireadh, nuair a bhíothas ar tí Rialtas Dúchais a bhaint amach chuir tosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda moill le feidhmiú an Bhille faoi Rialtas Dúchais. Agus ba é an cliseadh sin go díreach a spreag ceannairí éirí amach 1916 agus na daoine a tháinig ina ndiaidh. San olltoghchán a d'fhógair na Briotanaigh i mí na Nollag 1918 ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí polasaí radacach maidir le staonadh ag Sinn Féin-is é sin an páirtí a d'eagraigh Art Ó Gríofa i dtosach. Thug an páirtí an tír leo agus 73 shuíochán á mbaint acu as an 105 cheann a bhí ag Éirinn i bparlaimint Westminister. Mar chomhlíonadh ar a ghealltanas chun tionól ionadaitheach Éireannach a chur ar bun i mBaile Átha Cliath, tháinig naoi nduine is fiche d'ionadaithe tofa Shinn Féin le chéile agus chinn siad go gcomhdhéanfadh siad iad féin mar chéad Dáil Éireann i dtaca leis an gcuid eile díobh, bhí 35 dhuine i bpríosún, bhí ceathrar 'ar a dteitheadh' agus ní raibh cúigear in ann a bheith i láthair. Tháinig an Chéad Dáil le chéile i Seomra Cruinn Theach an Ard-Mhéara ar an 21 Eanáir 1919. Dhaingnigh na comhaltaí a bhí i láthair Forógra Phoblacht na hÉireann 1916 agus rith siad Dearbhú Neamhspleáchais. Ar chothrom 50 bliain na Chéad Dála d'fhill comhaltaí na Dála agus an tSeanaid ar Sheomra Cruinn Theach Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, áit ar thug Uachtarán na hÉireann na haimsire sin, Éamon de Valera (a bhí ina chomhalta de chuid Shinn Féin sa chéad Dáil ) aitheasc don tionól. Ba í sin an t-aon uair a shuigh na Tithe in ionad seachas Teach Laighean ó bunaíodh an Stát. Bhí Cogadh na Saoirse ann ar feadh trí bliana ina dhiaidh sin. Bhí Éire fós faoi riail fhoirmiúil Westminster i rith an ama sin. Tar éis Olltoghcháin eile i mí na Bealtaine 1921, dhiúltaigh ionadaithe Shinn Féin glacadh le Parlaimint do Dheisceart na hÉireann a bhí á géilleadh ag an mBreatain. Ina ionad sin chuir siad an Dara Dáil ar bun mar a bhí déanta ag na Teachtaí a tháinig rompu i gcás na Chéad Dála. I ndiaidh Chonradh Angla-Éireannach Mhí na Nollag 1921- nuair a d'aithin an Bhreatain neamhspleáchas na hÉireann mar Shaorstát Éireann a mbeadh sé chontae is fiche de dhá chontae is tríocha na tíre faoina dhlínse - toghadh an tríú Dáil i Meitheamh 1922. D'achtaigh sí sin Bunreacht lenar socraíodh go mbunófaí an dara Teach parlaiminteach Seanad Éireann. Tháinig an Seanad le chéile den chéad uair ar an 11 Nollaig,1922. Ó 1922 i leith, is é Teach Laighean suíomh Dháil Éireann agus Sheanad Éireann. (sliocht as 'Tithe an Oireachtais') |