![]() |
| Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie |
TRÁTH NA gCEISTEANNACuirtear tréimhse ama áirithe ar fáil i nDáil Éireann a thosaíonn ar 2.30pm Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin, tréimhse ar ceadmhach do Theachtaí lena linn ceisteanna a chur ar Chomhaltaí den Rialtas faoi ábhair a bhaineann le cúrsaí poiblí i ndáil lena Ranna nó faoi ábhair riaracháin a bhfuil freagracht oifigiúil orthu ina leith. Tugtar Tráth na gCeisteanna ar an nós imeachta seo go coitianta agus tá sé ar cheann de na nósanna imeachta is tábhachtaí agus is mó clú a úsáideann Comhaltaí chun an Rialtas a dhéanamh cuntasach do Dháil Éireann. Freagraíonn an Taoiseach ceisteanna ar an Máirt agus ar an gCéadaoin amháin agus freagraíonn Comhaltaí eile den Rialtas Ceisteanna ina seal de réir róta laethúil chomhaontaithe. Tarlaíonn an róta céanna gach cúig seachtaine nó mar sin, rud a áirithíonn go mbíonn an deis ag Teachtaí gach Aire a cheistiú go rialta. Bíonn na Comhaltaí teoranta do dhá cheist ó bhéal an duine ar gach Aire. Is féidir cúig cheist ó bhéal a ainmniú i gcomhair freagra tosaíochta gach lá. Déantar iad sin a roinnt ar na Páirtithe de réir líon na suíochán atá ag na Páirtithe. Ní gá gach Ceist a fhreagairt ó bhéal. Tá nós imeachta ann faoinar ceadmhach do Chomhaltaí ceisteanna a chur isteach i gcomhair freagra scríofa chuig comhaltaí den Rialtas. Níl aon teorainn leis an líon Ceisteanna den sórt sin is ceadmhach do Chomhalta a chur. Sa bhliain 1994, freagraíodh 3180 ceist ó bhéal agus 7861 ceist scríofa. Bíonn gá le fógra trí lá i gcás ceisteanna scríofa agus leis an bhfógra céanna i gcás Ceisteanna Tosaíochta, ach fógra ceithre lá a bhíonn riachtanach i gcás ceisteanna ó bhéal. Ar an lá féin, is gnách go mbíonn gearrphlé ar gach ceist trí mheán ceisteanna forlíontacha a cheadaítear le discréid an Cheann Comhairle. Sular ceadmhach Ceist a thaispeáint ar Riar na hOibre a ullmhaítear faoi stiúir an Cheann Comhairle, scrúdaítear í chun a dheimhniú go bhfuil sí de réir Bhuan-Orduithe (Rialacha) an Tí. I gcás Ceisteanna ó Bhéal nach sroichtear, is féidir freagra scríofa a thabhairt nó is féidir iad a choimeád siar go dtí an chéad uair eile a bheidh an tAire iomchuí ag freagairt Ceisteanna ó Bhéal. Ó am go chéile, is mian le Teachtaí Ceisteanna a chur faoi nithe a mbaineann tábhacht phráinneach phoiblí leo agus atá tar éis teacht chun cinn go tobann agus tá de chumhacht ag an gCeann Comhairle faoi na Buan-Orduithe Ceisteanna den sórt sin a ghlacadh ar fhógra an-ghearr. Má ghlacann an Ceann Comhairle leis na Ceisteanna sin, ar a dtugtar Ceisteanna ar Fhógra Príobháideach, pléitear iad i ndeireadh Thráth na gCeisteanna. Bíonn Tráth na gCeisteanna tráthúil i gcónaí agus conspóideach uaireanta agus déantar tuairisciú substaintiúil air sna meáin chumarsáide dá bharr sin. Ón mbliain 1994 i leith, craolann RTÉ, an stáisiún náisiúnta craolacháin, 90 nóiméad gach maidin de Thráth na gCeisteanna a bhí ann an lá roimhe sin. |