Houses of the Oireachtas new Web site: www.oireachtas.ie

Oireachtas home page

SEANADÓIRÍ


Click here for the English version.

Tá dhá theach i bParlaimint na hÉireann (an tOireachtas), Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Seanadóirí a thugtar ar chomhaltaí de Sheanad Éireann (an Seanad) agus tugtar léargas ginearálta ar a gcuid oibre sa bhileog seo.

Ní foláir Olltoghchán a bheith ann laistigh de 90 lá tar éis lánscoir do Dháil Éireann. Seasca comhalta atá i Seanad Éireann arna chomhdhéanamh mar a leanas:

  1. Ainmníonn an Taoiseach aon chomhalta dhéag.
  2. Toghtar triúr is daichead as cúig Rolla atá ionadaitheach do ghnóthaí gairme eadhon:- An tSaíocht Náisiúnta agus Oideachas, Talmhaíocht, Oibreachas, Tionscal agus Tráchtáil agus Riarachán Poiblí.
  3. Toghann céimithe de chuid dhá ollscoil seisear:-

Go teoiriciúil, ní aithníonn Seanad Éireann cleamhnachtaí páirtithe. Ó tharla, áfach, gurb é atá i dtoghlach na rollaí ná comhaltaí na Dála nuathofa, comhaltaí an tSeanaid atá ag dul as oifig, comhaltaí na gComhairlí Contae agus na gComhairlí Contaebhuirge, bíonn comhdhéanamh Sheanad Éireann, lena n-áirítear na comhaltaí a ainmníonn an Taoiseach, ar aon dul go hiondúil le neart na bpáirtithe i nDáil Éireann. Go praiticiúil, roinnfidh Seanadóirí ina ngrúpaí, ag tabhairt tacaíochta do ghnó an Rialtais agus ag cur ina choinne le linn vótála ar cheisteanna. Ina theannta sin, déantar foráil sa Bhunreacht nach dleathach níos mó ná beirt Seanadóirí a bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus feidhmíodh an fhoráil sin faoi dhó le seasca bliain anuas.

Is gnách le Seanad Éireann teacht le chéile Dé Céadaoin agus Déardaoin agus is é a phríomhghnó ná athbhreithniú a dhéanamh ar Reachtaíocht a tháinig chuige ó Dháil Éireann. Le blianta beaga anuas, áfach, tá níos mó feidhme bainte ag an Rialtas as Seanad Éireann chun reachtaíocht a thionscnamh. Tig le Seanad Éireann reachtaíocht a thionscnamh nó a athbhreithniú ach tá srian lena ról reachtach sa mhéid nach féidir leis Billí Airgid i.e. reachtaíocht airgeadais, a thionscnamh agus sa mhéid nach dtig leis ach moltaí, seachas leasuithe, a dhéanamh i leith Billí dá leithéid. Is cosaint Seanad Éireann in aghaidh reachtaíocht a rith róthapa de bhrí go gcaithfear Bille Dála a scrúdú sa Seanad freisin. Le cois an róil reachtaigh atá aige, déanann Seanad Éireann díospóireacht ar cheisteanna tábhachta. Go deimhin féin, ó tharla go bhfuil an Rialtas freagrach go bunreachtúil do Dháil Éireann, tá níos mó saoirse ag an Seanad i dtaca le díospóireacht a dhéanamh ar na ceisteanna seo mar nach mbíonn cinniúint an Rialtais i dtreis. Thairis sin, ní féidir le Seanad Éireann moill gan teorainn a chur le reachtaíocht atá rite ag Dáil Éireann cheana féin agus ní thig leis Billí chun an Bunreacht a leasú a thionscnamh.

Áirítear i ngnáthlá oibre an tSeanadóra taighde a dhéanamh agus óráidí a ullmhú le haghaidh díospóireachtaí ar cheisteanna sóisialta, eacnamaíocha agus airgeadais, leasuithe ar Bhillí a dhréachtú agus moltaí le haghaidh reachtaíochta nua a scrúdú, páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar Bhillí agus ar ábhair thábhachtacha eile, vóta a chaitheamh ar cheisteanna sa Teach, uiríll a dhéanamh thar ceann pearsana aonair agus daoine eile chuig Airí Rialtais. Le blianta beaga anuas, áfach, tá córas dea-eagraithe Comhchoistí bunaithe (i.e Coistí den dá Theach a shuíonn agus a vótálann le chéile) agus dá bharr seo tá deiseanna breise faighte ag Comhaltaí den dá Theach bheith níos rannpháirtí fós in obair shainiúil pharlaiminte sna réimsí seo a leanas: Gnóthaí Eachtracha, Gnóthaí Eorpacha, An Ghaeilge, Fiontair Stáit, Cearta na mBan, Cúrsaí an Teaghlaigh, Forbairt Inmharthana agus Mionghnóthaí agus Seirbhísí. I dteannta a ndualgas parlaiminteach, bíonn seanadóirí ar fáil chun cúnamh a thabhairt do dhaoine den phobal a bhfuil comhairle nó treoir faoi riarachán Stáit ag teastáil uathu. Is minic Seanadóirí ina gcomhaltaí de Bhoird Sláinte, d'údaráis áitiúla agus de choistí gairmoideachais agus iarrann na meáin chumarsáide orthu go minic a dtuairimí a thabhairt ar cheisteanna reatha polaitíochta agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar chláir theilifíse agus raidió.

Tugtar cearta áirithe do chomhaltaí, le dlí (e.g. cúnamh rúnaíochta, míleáiste, cothú, liúntais phoist agus teileafóin) chun cabhrú leo déileáil go héifeachtach lena ndualgais mar Sheanadóirí agus reachtóirí.


Oireachtas home pageContact PageTop of Page

HomeSearchHelpInformation on IrelandLinks