Óráid anóráid an Aire Catherine Martin ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge Aire Catherine Martin ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
Is mian liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach duine i gConradh na Gaeilge as an gcuireadh a thug sibh dom a bheith anseo libh le Ard Fheis na bliana seo 2021 a sheoladh go hoifigiúil.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú agus mo bhuíochas a ghlacadh le Foras na Gaeilge agus leis na heagrais Ghaeilge go léir, as ucht an sárobair atá ar bun acu i gcur chun cinn ár dteanga dúchais. Airím anois go bhfuil go leor den na beartais fad-théarmach atá leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge ag teacht chun cinn go tréan, rud a thugann dóchas dom faoi thodhcaí na teanga:
• Tá Plean Gníomhaíochta uailmhianach don Gaeilge á chur i bhfeidhm againn;
• Tá an próiseas pleanála teanga ag teacht faoi bhláth na Gaeltachtaí éagsúla, sna Líonraí Gaeilge agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta;
• Tá Bille Teanga nua atá uailmhianach ina chuid aidhmeanna á thabhairt againn tríd an Oireachtas faoi láthair;
• Le hachtú an Bhille seo, beidh struchtúr bunaithe faoina mbeidh cohort mór daoine le Gaeilge le fostú sa seirbhís phoiblí le freastal ar phobal na Gaeilge;
• Tacóidh na struchtúr seo leis an bpróiseas pleanála teanga atá faoi bhláth.
Agus muid ag maireachtáil i dtréimhse dhúshlánach an phandéim COVID-19, tá mórán oibre ar siúl.
I mí Dheireadh Fómhair 2020, foilsíodh an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge. Tugtar léargas inti ar an méid atá bainte amach ag thart ar seasca páirtí sna hearnálacha stáit, leath stáit agus dheonach, chun cúram a dhéanamh den 180 beart atá luaite sa Phlean thar an tréimhse ó Iúil 2018 go Meitheamh 2019.
Tá obair tosaithe ar dhréachtú an dara tuairisc bhliantúil don tréimhse Iúil 2019 go dtí Nollaig 2020 agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le cur faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na míosa seo chugainn. Tagann sé seo leis an ngealltanas a rinneadh nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta i mí an Mheithimh 2018 go bhfoilseofaí a leithéid de thuairisc go bliantúil.
Tuigim go raibh tionchar ag COVID-19 ar obair na n-eagraíochtaí Gaeilge ar fad. Ach is ábhar misnigh domsa go léiríonn an chéad tuairisc go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ar na bearta atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta. Baineann na bearta seo, dár ndóigh, leis na naoi réimse faoi leith mar a leagtar amach iad sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge.
Tá obair den scoth ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fostaíocht a chruthú do phobal na Gaeltachta agus chuir an Rialtas airgead suntasach breise isteach san eagraíocht chuige sin anuraidh agus i mbliana. Cé gur tháinig laghdú ar líon na bhfostaithe i gcliant chomhlachtaí an Údarás le bliain anuas, d’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos measa mura raibh €8m curtha isteach againn san eagraíocht i lár na bliana seo caite. Tá sé mar thosaíocht agam féin agus ag an Aire Stáit Chambers go gcuirfear tús chomh luath agus is féidir leis an athbhreithniú ar Údarás na Gaeltachta, mar atá geallta sa Chlár Rialtais agus tá obair idir lámha againn chuige sin.
Ó thaobh na Pleanála Teanga de, cuireadh soláthar breise de €1.3m ar fáil don phróiseas i mBuiséad 2021, rud a fhágann go mbeidh €5m in iomlán ar fáil don phróiseas i mbliana. As an 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá pleananna do scór acu faofa anois agus tá 22 Oifigigh Phleanála Teanga agus Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga ceaptha. Anuas air sin, tá an chéad Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag cur plean teanga i bhfeidhm i mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceaptha do Leitir Ceanainn le déanaí.
Ceadaíodh Plean Teanga i leith an trí Líonraí Gaeilge, Inis, Cluain Dolcáin agus Baile Locha Riach anuraidh. Tá sé mar chuspóir ag mo Roinn na 6 phlean i leith na Limistéir Pleanála Teanga deiridh a cheadú faoi dheireadh na bliana seo. Tá 2 Phlean Teanga ceadaithe i leith na mBailte Seirbhíse Gaeltachta Daingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn agus beidh Foras na Gaeilge agus Údaras na Gaeltachta ag tacú leis na gCeanneagraíochtaí agus iad ag cur i bhfeidhm na bpleananna seo, agus ag tacú leis an bPleanáil Teanga trí chéile.
Cuireadh tús le Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i mí Eanáir. Leanfar ar aghaidh leis an bplé ar feadh tréimhse eile chun leasuithe an Rialtais agus leasuithe an freasúra a phlé.
Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus cur le líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa seirbhís phoiblí. Tá an Rialtas tiomanta na spriocanna seo a bhaint amach.
Tá leasuithe á mholadh ag an Rialtas ar an mBille, ina measc, go mbeidh 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030. Anuas air sin, ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis bhunú an Choiste Chomhairligh.
Mar atá sonraithe sa Bhille, agus an Phlean Náisiúnta á chur i dtoll a chéile acu, beidh an Coiste Comhairleach ag tabhairt airde ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Cuirfear béim san obair seo ar sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Anuas air sin, tá dualgais ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bPríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgas orthu faoin mBille seo, nuair a achtófar é. Beidh an tAire in ann rialacháin a fhorodú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann leis seo clúdaithe sna caighdeáin.
Chomh maith leis seo, teastaíonn ón Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil agus tráchtaireachtaí a sholáthar ina leith. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is dul chun cinn a bheadh anseo agus chuideodh sé go mór le Comhlachtaí Poiblí a gcuid dualgas ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh.
Rinneadh an-obair ar an mBille seo agus ar na leasuithe atá faoi bhráid na Dála faoi láthair. Ba mhaith liom an deis a thapú mo bhuíochas a ghabháil le Conradh na Gaeilge as ucht an ionchur a bhí agaibh sa phróiseas sin agus tréaslaím libh as ucht na hoibre atá déanta agaibh ó foilsíodh an Bille nua agus as bhur gcomhoibriú i gcónaí.
Tá achtú an Bhille seo rí-thábhachtach don Ghaeilge. Cuideoidh sé leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an Stáit agus ag an bpobal an Ghaeilge a láidriú agus a neartú don chéad ghlúin eile. Má chuirtear i bhfeidhm i gceart é, táim muiníneach go mbeidh seirbhísí Gaeilge d’ard-chaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche, dár ndóigh, ach cuireann an Bille seo bunsraith reachtúil faoi struchtúir nua sa Státchóras le dul i ngleic leis na laigí atá ann faoi láthair.
Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn sa Rialtas leis an gclár oibre atá leagtha amach dúinn fhéin. Is ar bhonn chéimiúil atá sé á dhéanamh agus i gcomhpháirtíocht le pobail Ghaeltachta, le comhlachtaí stáit agus leis an earnáil dheonach ach go háirithe. Tá, agus beidh, deacrachtaí agus dúshláin le sárú againn agus muid ag obair ar son an phobail teanga ach is ag obair as lámha a chéile a thiocfaimid ar réitigh ar na deacrachtaí sin.
Maidir le cúrsaí airgid, ní raibh muid ach Roinnt seachtainí ag feidhmiú mar Rialtas nuair a ceadaíodh maoiniú breise do mo Roinn mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil 2020. San áireamh ansin, bhí soláthar caipitil de €8m breise d'Údarás na Gaeltachta chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.
Cuireadh €14.8m breise ar fháil sa cháinaisnéis d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbliana agus ciallaíonn sé sin go bhfuil maoiniú iomlán d’os cionn €78m ar fáil anois don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana.
Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil €3.5m breise ó allúntas na Roinne do na Meáin ag dul go TG4, rud a chuirfidh go mór le cur i bhfeidhm ghealltanais áirithe atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Leis an gcistíocht bhreise seo, beifear in ann níos mó airgid a dháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair den scoth ar bun acu ar son na teanga.
Mar fhocal scor, ba cheart dom an fhorbairt atá beartaithe d’Uimhir 6 Sráid Fhearcair a lua. Tá cead pleanála chuige faighte le déanaí, dár ndóigh, agus tá Julian agus oifigigh mo Roinne ag obriú as lámha a chéile faoi láthair ar mhaithe le pacáiste maoinithe a chur le chéile. Sin dúshlán dúinn don bhliain atá amach romhainn ach táim dóchasach go n-éireoidh leis na hiarrachtaí atá ar bun chuige sin.
Tá pobal na Gaeilge san Ard-Chathair ag fás an t-am ar fad, mar a léiríonn cinneadh an Aire Oideachais maidir le dhá Ghaelscoil nua an lá cheana. Ní mór dúinn a bheith réidh le freastal ar na pobail nua uirbeacha seo, mar atá á dhéanamh againn tríd an infheistíocht mhór in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, mar shampla. Ach is í an Ghaeltacht tobar an dúchais do na pobail uirbeacha seo sna bailte agus sna cathracha timpeall na tíre, agus níor chóir dúinn ár bhfócas ar an nGaeltacht a chailleadh dá bharr.
Ba mhaith liom tréaslú arís libh as ucht an sar-obair atá ar bun agaibh i gcur chun cinn na Gaeilge, agus go háirithe sa tréimhse dhúshlánach reatha.
Guím gach rath ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2021.
Go raibh maith agaibh.