An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Raidió agus Teilifís
I gcás éigeandála móire, féadfar rabhaidh agus comhairle a eisiúint trí na meáin náisiúnta le hinsint duit céard atá le déanamh. Craoltar na teachtaireachtaí sin ar an raidió agus ar an teilifís náisiúnta de ghnáth. Ós rud é go mb'fhéidir nach mbeidh cumhacht ar fáil, tá sé tábhachtach raidió ceallraí a choinneáil agus éisteacht le stáisiúin raidió seirbhíse poiblí agus náisiúnta. Craolfaidh stáisiúin raidió áitiúla nuashonruithe tábhachtacha chomh maith. Nuair is féidir, taispeánfar faisnéis agus rabhaidh ar na príomhchainéil teilifíse náisiúnta freisin.
Na Meáin Shóisialta, mífhaisnéis, bréagfhaisnéis
Tá faisnéis i ngach áit timpeall orainn agus bíonn sé deacair in amanna a dhéanamh amach cé acu an bhfuil píosa faisnéise fíor nó bréagach.
Má tá tú ag léamh rud éigin nó ag breathnú ar rud éigin, is den tábhacht é tuiscint a bheith agat ar fhoinse na faisnéise sin.
Mura bhfuil tú cinnte cá as ar tháinig faisnéis ar leith, cuir í i gcomparáid lena bhfuil ag na foinsí iontaofa. Is éard atá i gceist le foinse iontaofa anseo ná láithreán gréasáin de chuid an Rialtais, comhlacht poiblí, nó eagraíocht nó saineolaí atá le trust.
Tá comhairle tugtha ag Tuiscint ar na Meáin, Éire agus Coimisiún na Meán maidir le cad atá le déanamh más mian leat a sheiceáil an bhfuil rud éigin cruinn:
Ná déan dóigh de do bharúil – léigh níos mó ná an cheannlíne amháin
Deartar ceannlínte le d'aird a tharraingt, ach ní bhíonn iomlán scéil iontu ná i bpostálacha gearra ar na meáin shóisialta. Más amhlaidh go bhfuil sé dochreidte, gach seans go bhfuil.
Smaoinigh - fiafraigh díot féin céard is cuspóir don fhaisnéis.
Cruthaítear faisnéis le:
- Rud éigin a insint dúinn (nuacht).
- Siamsaíocht a chur ar fáil dúinn (aoir, cartúin, físeáin ghreannmhara).
- Rud a chur ina luí orainn (fógraíocht).
Breathnaigh go géar ar stíl, guth agus foinse na faisnéise le cabhrú breithiúnas a thabhairt ar cé chomh hiontaofa nó cruinn is atá sí.
Seiceáil - faigh amach an bhfuil an fhaisnéis chéanna á tuairisciú áit ar bith eile
Mura n-éiríonn leat teacht ar an bhfaisnéis chéanna áit éigin eile, seans go bhfuil sé míchruinn, neamhiontaofa nó as dáta. Is fíor é sin go háirithe má bhaineann an fhaisnéis le scéal mór atá i mbéal an phobail.
Tuilleadh eolais
Téigh chuig suíomh gréasáin Be Media Smart le haghaidh tuilleadh treorach agus eolais a fháil.