An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Coinnigh soláthairtí riachtanacha sa bhaile i gcás briseadh cumhachta nó uisce nó aslonnú.
Gearradh Cumhachta
- Coinnigh raidió ceallraí, tochrais, gréine agus cadhnraí breise, nó bain úsáid as an raidió sa charr mar chúltaca.
- Coinnigh fón póca in aice láimhe agus cinntigh go bhfuil sé luchtaithe.
- Bíodh bainc chumhachta réidh agat le haghaidh fóin a athluchtú.
- Bíodh tóirse nó lampa le cadhnraí breise agat.
- Coinnigh lasáin nó lastóir in áit shábháilte.
- Bíodh foinse mhalartach theasa agat amhail blaincéid, málaí codlata nó blaincéid theirmeacha éigeandála.
- Dún na fuinneoga agus na doirse; fan in aon seomra amháin leis an teas a choinneáil istigh.
- Bíodh a fhios agat cá bhfuil pointí múchta gáis agus leictreachais - bíodh a fhios agat d’Uimhir Thagartha Méadarphointe (MPRN) agus do Chlárúimhir Gásphointe (GPRN) ó do bhille.
Comhairle faoi aonocsaíd charbóin
Má bhíonn do chumhacht múchta, is féidir go mbeadh sé mealltach bealaí eile cócaireachta agus téimh a aimsiú, ach is féidir leis na fearais sin méideanna móra aonocsaíde carbóin a tháirgeadh agus níor cheart iad a úsáid ach amháin lasmuigh i limistéar dea-aeráilte.
- Ná rith gineadóirí ná trealamh eile peitril nó díosail laistigh, faoi chlúdach ná gar do phointí rochtana sa teach amhail doirse, fuinneoga nó pointí aerála in aon chás.
- Ná húsáid barbeiciú, téitheoirí paitió ná trealamh dóite breosla taobh amuigh eile riamh taobh istigh ná faoi chlúdach.
- Ná húsáid fearas cócaireachta taobh istigh riamh chun iarracht a dhéanamh seomra a théamh.
- Má tá tú ag lasadh tine sa ghráta, déan cinnte go bhfuil do shimléar scuabtha agus nach bhfuil sé blocáilte agus déan cinnte go bhfuil an seomra aeráilte i gceart.
Le comhairle agus eolas a fháil maidir le haonocsaíd charbóin, glaoigh ar 1800 89 89 89 nó téigh chuig suíomh gréasáin maidir le haonocsaíd charbóin.
Tuilleadh eolais
Le tuairiscí chun dáta a fháil ó ESB Networks maidir le gearrthacha cumhachta in Éirinn, téigh chuig PowerCheck.ie le haghaidh faisnéis fíor-ama agus le lochtanna a thuairisciú.
Cur Isteach ar an Soláthar Uisce
- Teastaíonn 2–3 lítear uisce óil ó gach duine gach lá agus 10 lítear le haghaidh riachtanais bhunúsacha cócaireachta agus sláinteachais.
- Ba cheart go mbeadh uisce óil glan, gan dath, agus gnáthbholadh air, gan aon athruithe neamhghnácha air.
- Bíodh roinnt buidéil uisce agat agus stóráil in áit fhionnuar, dhorcha iad go dtí an dáta éaga.
- Ná fág sconnaí ag rith agus deisigh aon sconnaí atá ag sileadh taobh istigh agus taobh amuigh de d'áitreabh.
Tuilleadh eolais
Cláraigh le haghaidh foláirimh téacs saor in aisce ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann le haghaidh nuashonruithe ar bhristeacha.