Cuardaigh ar fad gov.ie

Treoracha

Comhairle do dhaoine leochaileacha

I gcásanna éigeandála, d’fhéadfadh sé a bheith deacair dul amach agus b’fhéidir go mbeadh ort dul ar foscadh sa bhaile go ceann tamaill.

Cuimhnigh:

  • Bíodh d'Éirchód ar eolas agat.
  • Bíodh sonraí teagmhála do dhochtúra teaghlaigh ar eolas agat.
  • Caith aláram pearsanta.
  • Coinnigh teolaí, ith go maith agus seachain taisteal gan ghá.
Coinnigh teolaí

  • Coinnigh teolaí, ith go maith agus seachain taisteal gan ghá. Ith béilí teo go rialta agus ól neart uisce. Coinneoidh sé sin teolaí thú agus tabharfaidh an fuinneamh duit a bheidh ag teastáil uait le coinneáil gníomhach.
  • Déan cinnte de go bhfuil dóthain bia agat, mar aon le haon chógas ar oideas a ghlacann tú.
  • Coinnigh gníomhach taobh istigh.
  • Bíodh dóthain breosla agat le teas leordhóthanach a choinneáil i do theach.
  • Iarr cabhair ar ghaolta nó ar chomharsana más gá. Sábháil a n-uimhreacha gutháin.
Bí sábháilte

  • Déan iarracht gan dul amach ag siúl agus an aimsir fuar.
  • Mura bhfuil an dara rogha agat ach dul amach agus oighear ann, caith bróga neamhsciorracha a oireann go maith duit.
  • Smaoinigh ar aláram pearsanta a chaitheamh le go gcuirfear do mhuintir nó do chomharsana ar an eolas má bhaintear tuisle asat.
  • Má bhaintear tuisle asat, fiú ceann beag, déan cinnte de go labhróidh tú le do dhochtúir teaghlaigh lena chinntiú go bhfuil gach rud i gceart.
Tuislí a choinneáil ó dhoras i do theach féin

  • Fág solas ísealfhuinnimh ar siúl san oíche, ceann a chuireann amach an-chuid solais más féidir.
  • Bain úsáid as mata neamhsciorrach cithfholcadáin nó folcadáin.
  • Déan cinnte de nach bhfuil sreanga ná cáblaí ó lampaí, teileafóin, srl. ina nguaiseacha tuisle sna háiteanna a mbíonn tú ag siúl.
  • Leag amach troscán sa chaoi gur féidir leat bogadh go héasca thart ar na seomraí go léir.
  • Faigh réidh le rugaí nó bain úsáid as téip nó taca neamhsciorrach le nach mbeidh siad ag sleamhnú thart.
  • Smaoinigh ar ráillí láimhe a chur suas ar an dá thaobh den staighre.
Slaghdáin agus Fliú

Iarr ar dhaoine a bhfuil slaghdáin nó fliú orthu fanacht amach go dtí go mbeidh siad ag mothú níos fearr. Le scaipeadh na bhfrídíní fliú a sheachaint, déan casacht agus sraothartach i bhfíochán, caith an fíochán sa bhosca bruscair láithreach agus nigh do lámha le gallúnach agus uisce ina dhiaidh sin. Tá glóthacha láimhe alcóil éifeachtach freisin. Mura bhfuil fíochán agat is féidir leat casacht nó sraothartach a dhéanamh isteach i d’uillinn.

Do chúramóirí daoine leochaileacha

Fan i dteagmháil

  • Coinnigh súil ar chomharsana agus ar ghaolta, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí leo féin. D'fhéadfá é sin a dhéanamh duine le duine nó ar an bhfón, go háirithe agus drochaimsir ann.

Déan measúnú ar riachtanais

  • Fiafraigh díobh cén chaoi ar féidir leat cabhrú leo agus déan cinnte de go bhfuil dóthain bia, cógais agus breosla teasa acu.

Tabhair tús áite don tsláinte

  • Mol dóibh béilí teo a ithe, neart uisce a ól, agus fanacht chomh gníomhach agus is féidir leo laistigh.

Cuir cosc ar thitim

  • Cuir i gcuimhne dóibh uimhreacha fóin a choinneáil ar liosta in aice leis an bhfón agus bróga neamhsciorracha a chaitheamh má bhíonn orthu dul amach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat