Cuardaigh ar fad gov.ie

Treoracha

Aimsir an-fhuar

Moltar do dhaoine céimeanna a ghlacadh anois le hullmhú le haghaidh aimsir an-fhuar, a d’fhéadfadh teochtaí faoi bhun an reophointe, sneachta agus oighear a bheith mar thoradh air.

Is féidir le haimsir fhuar cur isteach ar thithe, ar iompar agus ar sheirbhísí riachtanacha. Is féidir le gníomhartha simplí a dhéantar roimh ré cabhrú le riosca damáiste a laghdú agus tú féin agus do theaghlach a choinneáil slán.

Bí réidh sa bhaile

  • Bíodh soláthar bianna neamh-mhillteacha agus éasca le hullmhú agat.
  • Coinnigh cógais ar oideas cothrom le dáta, nuair is féidir.
  • Bíodh soláthar leordhóthanach breosla agat faoi choinne teas agus cócaireacht agus, más féidir, rogha mhalartach a d'fhéadfaí a úsáid dá dteipfeadh ar an bpríomhsholáthar.
  • Bíodh a fhios agat cén chaoi do sholáthar uisce a chasadh as.
  • Bíodh coimeádán uisce agat le soláthar uisce óil a chinntiú.
  • Bíodh cadhnraí agat le haghaidh tóirsí agus foinsí malartacha solais i gcás gearradh cumhachta.
  • Coinnigh fóin phóca luchtaithe agus bíodh uimhreacha áitiúla éigeandála i do ghuthán.
  • Bíodh sluasaid sneachta oiriúnach agat.
  • Bíodh d'Éirchód ar eolas agat.

Féach Déan plean le haghaidh tuilleadh eolais.

Faigh seirbhís ar do choire

  • Ba cheart pluiméir creidiúnaithe a fháil le seirbhís a dhéanamh ar do choire go rialta le hí a choinneáil ag dul go binn agus le do theach nó do ghnó a choinneáil te teolaí. Mura ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfadh sceitheanna reo agus a bheith ina gcúis le cliseadh a bheadh iontach costasach le deisiú.
Coinnigh do theach teolaí

  • Ach séideáin a íoslaghdú, an teas a fhágáil ar siúl ar leibhéal íseal ar feadh tréimhsí fada agus na doirse a fhágáil ar oscailt le ligean don aer te dul timpeall an tí, cabhróidh sin le reo píobán agus umar uisce a choinneál ó dhoras agus aimsir fhuar ann.
Glanadh sneachta

  • Ní haon dóithín é sneachta a ghlanadh — ná déan iarracht é a dhéanamh ach ar chuntar go bhfuil tú réasúnta aclaí agus nach bhfuil riocht sláinte ort.
  • Cuir ort éadaí oiriúnacha agus buataisí nó bróga a bhfuil greim maith acu.
  • Glan an sneachta go luath sa lá - ná húsáid uisce fiuchta toisc go bhféadfadh sé reo agus a bheith ina ghuais.
Cuir cosc le reo píobán agus cosain do sholáthar uisce

Déan umair uisce agus píopáin a insliú

Déan píopáin (lena n-áirítear iad siúd atá san áiléar) a fhálú nó a chlúdach le tuáillí d'fhonn iad a chosaint in aghaidh reo nó scoilteadh.

Deisigh sconnaí taobh amuigh atá ag sileadh
  • Moltar aon sconna atá ag sileadh a dheisiú i gcónaí, ach tabhair aird ar leith ar sconnaí taobh amuigh atá ag sileadh sa gheimhreadh toisc gur féidir leis an uisce uathu reo ar an talamh. D'fhéadfadh duine sleamhnú ar an oighear ansin agus díobháil a dhéanamh dó nó di féin.
Príomhphíopán uisce reoite

  • Má tá do sholáthar uisce reoite, bí cúramach agus tú ag úsáid córais teasa, meaisíní níocháin nó fearais nó áiseanna eile a bhraitheann ar uisce.
  • Má tá amhras ort, déan teagmháil le pluiméir cáilithe le comhairle a fháil.
Teach a fhágáil gan duine a bheith ina fheighil

  • Má tá tú chun do theach a fhágáil gan duine a bheith ina fheighil go ceann níos mó ná lá nó dhó, ba cheart duit an soláthar uisce don teach a chasadh as ag an mbuacaire seachtrach agus a chinntiú go bhfuil aon fhearais nó áiseanna a bhraitheann ar uisce múchta freisin.
  • Ní fiú faic na sconnaí a fhágáil ag rith toisc nach gcuirfidh sé cosc ar bith ar reo píobán ar aon chuma.
  • Tá sé seo thar a bheith tábhachtach toisc go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le draenacha reoite agus is cinnte go gcuirfeadh sé brú míchuí ar an soláthar uisce ar fud an líonra.

Sceitheadh uisce

  • Ba chóir an soláthar uisce in áitribh fholmha agus i dtithe saoire a chasadh as ag an mbuacaire seachtrach agus a fholmhú mar ullmhú don gheimhreadh.
  • Ba chóir do shealbhóirí eochrach na háitribh a sheiceáil go rialta le haghaidh sceitheanna féideartha.

Má bhraitear sceitheadh:

  • Cas as an soláthar uisce – is gnách go mbíonn an buacaire suite faoi bhun an doirtil sa chistin.
  • Cas air na sconnaí fuara leis an gcóras a fholmhú.
  • Múch an téamh lárnach.
  • Múch an soláthar leictreachais ag an bpríomh-fhiúschlár má tá an sceitheadh gar d'fhearais leictreacha.
  • Cuir glaoch ar pluiméir nó leictreoir cáilithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat