Cuardaigh ar fad gov.ie

Treoracha

Do shláinte a choinneáil go maith an geimhreadh seo

Is féidir le hionfhabhtuithe víreasacha a bhíonn coitianta sa gheimhreadh a bheith contúirteach má tá tú os cionn 60 bliain d'aois nó má tá galar ainsealach ort.

I measc na n-ionfhabhtuithe víreasacha sin tá:

Ní mór duit a bheith aireach freisin faoin mbaol a bhaineann le COVID19 go fóill.

Daoine atá i mbaol ionfhabhtuithe

Tá gach duine os cionn 60 bliain d'aois i mbaol ionfhabhtuithe sa gheimhreadh.

Tá tú i mbaol freisin má tá ceann de na galair ainsealacha seo a leanas ort:

  • Fadhbanna ainsealacha scamhóige (COPD, asma).
  • Diaibéiteas.
  • Galar ainsealach croí.
  • Galar ainsealach duáin nó ae.
  • Ailse.
  • Riochtaí nó cóireálacha lena lagaítear an córas imdhíonachta.
  • Laige (droch-chothú agus droch-shoghluaisteacht).

Tuilleadh faoi ghalair ainsealacha a bhainistiú i rith an gheimhridh.

Níl antaibheathach ag teastáil uait má tá ionfhabhtú víreasach ort. Ní fiú faic antaibheathaigh in aghaidh víreas.

Má tá tú aclaí agus sláintiúil, is iondúil go dtiocfaidh tú chugat féin as na hionfhabhtuithe sin ach:

  • Scíth a ligean
  • Neart uisce a ól
  • Cógais leighis gan oideas a ghlacadh, ar féidir iad a cheannach i gcógaslann nó i siopa

Bíonn ionfhabhtuithe víreasacha an-tógálach. Is féidir leo scaipeadh go gasta sula dtugann tú na comharthaí faoi deara. Bíonn sé iontach deacair daoine leochaileacha a chosaint orthu.

Tú féin agus daoine eile a chosaint ar ionfhabhtú

Le hionfhabhtú a sheachaint, ba chóir duit:

  • Vacsaín i gcoinne fliú agus Covid19 a fháil.
  • Masc aghaidhe a chaitheamh in áiteanna plódaithe, ach fútsa féin atá sé sin.
  • Casachtaí nó sraothanna a chlúdach le fíochán nó le do mhuinchille – cuir fíocháin úsáidte i mbosca bruscair.
  • Rudaí agus dromchlaí a ghlanadh a leagann daoine eile lámh orthu.
  • Fanacht glan ar dhaoine a bhfuil comharthaí soiléire ionfhabhtaithe orthu.
  • Do lámha a ní i gceart agus go minic.
A bhfuil le déanamh má éiríonn tú tinn

Seo a leanas na comharthaí is minice sonrú i gcás ionfhabhtú coitianta ar nós an fhliú:

  • Mothú an-tuirseach.
  • Easpa goile.
  • Tinneas agus pianta.

Seans nach mbeidh teocht ná crithfhuacht ort.

Is dócha go bhfuil galar víreasach ort. Ní bheidh antaibheathaigh ina gcuidiú agat. Coinnigh ort ag ól uisce, déan do mhún go rialta agus glac am le do scíth a ligean agus teacht chugat féin arís.

Mura bhfuil an tinneas ag dul in olcas, is iondúil gur féidir leat cóir leighis a chur ort féin sa bhaile. Tabharfaidh cógais atá ar fáil gan oideas faoiseamh éigin duit ó na comharthaí atá ort.

Labhair le cógaiseoir nó le dochtúir teaghlaigh má tá riocht sláinte ort nó má tá imní ort faoi na comharthaí atá ort.

Má tá tú i do chónaí leat féin, déan cinnte de go bhfuil a fhios ag duine éigin go bhfuil tú tinn. Is féidir leis an té sin a chinntiú nach bhfuil tú ag dul in olcas agus soláthairtí a fháil duit.

Mura bhfuil cuid de do chorp ag obair i gceart de dheasca ionfhabhtú, beidh ort labhairt le dochtúir.

Vacsaíní a fháil

Is é an vacsaíniú an bealach is éifeachtaí le hionfhabhtuithe a chosc. Múintear do do chóras imdhíonachta cén chaoi antasubstaintí a tháirgeadh le troid in aghaidh an ghalair.

Ní ann d'aon vacsaín in aghaidh na fríde urlacain geimhridh.

Vacsaín fliú

Vacsaín shlán shábháilte agus éifeachtach í an vacsaín fliú a chuirtear ar fáil saor in aisce do ghrúpaí áirithe daoine. Cuirtear ar fáil gach bliain í le daoine a chosaint atá i mbaol tinneas tromchúiseach ón bhfliú.

B’fhéidir go mbeifeá ag aireachtáil beagán tinn go ceann tamaillín tar éis an vacsaín a fháil. Tá sé saor in aisce má tá tú 60 bliain d'aois nó os a chionn, má tá tú ag iompar clainne, más oibrí cúraim sláinte thú nó má tá riocht fadtéarmach sláinte ort. Is féidir le leanaí idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois vacsaín fliú a fháil saor in aisce mar sprae sróine freisin.

Vacsaín niúmacocúil

Moltar an vacsaín niúmacocúil dóibh siúd a bhfuil galair ainsealacha orthu, amhail riocht croí nó ae.

Cosnaíonn sé thú ar ionfhabhtuithe niúmacocúla tromchúiseacha a mbaineann baol báis leo, amhail niúmóine nó meiningíteas. Tugtar an vacsaín niúmóine air freisin.

Cuirtear ar fáil saor in aisce í dóibh siúd atá 65 bliain d’aois agus os a chionn agus do dhaoine a bhfuil riochtaí áirithe orthu.

Vacsaín in aghaidh Covid-19

Tugann vacsaíní Covid-19 cosaint duit in aghaidh breoiteacht thromchúiseach ó Covid19. Ba cheart duit vacsaín Covid19 saor in aisce a fháil an fómhar nó an geimhreadh seo má tá:

  • 60 Bliain d'aois slánaithe agat
  • Cónaí ort i saoráid cúraim fhadtéarmaigh agus 18 mbliana d’aois slánaithe agat
  • Córas lag imdhíonachta agat
  • Riocht sláinte ort a fhágann go bhfuil riosca níos airde ann go mbeadh breoiteacht thromchúiseach ort dá dtolgfá Covid-19.

Is féidir leat an vacsaín Covid-19 a fháil freisin:

  • Más oibrí cúraim sláinte thú
  • Má tá tú ag iompar clainne agus córas lag imdhíonachta agat
  • Mura bhfuair tú vacsaín Covid-19 riamh

Tá an vacsaíniú in aghaidh Covid-19 slán sábháilte agus éifeachtach. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le cógaslann rannpháirteach faoi na vacsaíní a mholtar duitse. Is féidir leat glao a chur ar HSE Live freisin lena fháil amach cén áit i do cheantar a bhfuil na vacsaíní á dtairiscint. Saorghlao: 1800 700 700.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat