Cuardaigh ar fad gov.ie

Treoracha

Sábháilteacht dóiteáin

Níos mó ná a mhalairt, is é an dóiteán is cúis le cásanna éigeandála, is cuma cé acu ar scála beag i dtithe nó ar scála mór in ionaid oibre agus i bhfoirgnimh phoiblí. I ngach cás, is ionann an chomhairle.

Tóg an gháir

  • Téigh i dteagmháil leis na seirbhísí éigeandála ag 112 nó 999.
A bhfuil le déanamh

  • Tóg an gháir.
  • Déan an foirgneamh a aslonnú chomh tapa agus chomh sábháilte agus is féidir, agus téigh caol díreach go dtí an t-ionad tionóil comhaontaithe.
  • Ná húsáid ardaitheoirí.
  • Má tá deatach timpeall ort, gabh síos ar do lámha agus ar do ghlúine agus bí ag lámhacán go dtí an bealach amach, moltar amhlaidh toisc go rachaidh an deatach, na gáis nimhiúla agus an teas in airde.
  • Más féidir, clúdaigh do shrón agus do bhéal le héadach fliuch, agus cosain aon chraiceann nach bhfuil clúdaithe.
  • Sula n-osclaíonn tú doras, braith le cúl do láimhe é. Má bhíonn sé te, ná hoscail é, toisc go bhféadfadh dóiteán a bheith ar an taobh eile.
  • Mura féidir leat éalú, téigh ar foscadh i seomra atá chomh slán agus is féidir ar an dóiteán. Dún an doras, téigh chuig an bhfuinneog agus tarraing aird na dtarrthálaithe.
  • Cuimhnigh: bíodh aláraim deataigh i do theach agus seiceáil go rialta go bhfuil siad ag obair.
Tuilleadh eolais

Faigh tuilleadh eolais faoi chosc, brath agus aslonnú dóiteáin ar shuíomh gréasáin na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Dhóiteáin agus Éigeandáil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat