Cuardaigh ar fad gov.ie

Treoracha

Falscaithe

Dá faide triomach is ea is dóichí go mbeidh falscaithe ann. Bagraíonn falscaithe ar phobail tuaithe agus déanann gnáthóga ardtalún a scriosadh. Is iad daoine is cúis le formhór na bhfalscaithe in Éirinn, rud a fhágann go bhféadfaí iad a sheachaint.

Bíodh na rioscaí ar eolas

  • Bí feasach ar an mbaol dóiteáin nuair a bhíonn tréimhsí triomaigh an earraigh agus an tsamhraidh ann.
  • Is gnách gur mó an baol dóiteáin san earrach ná sa samhradh.
  • Ar na cineálacha talún is mó a bhaineann baol falscaithe leo in Éirinn tá tailte portaigh, portaigh mhóna, ceantair ardtalún agus tailte foraoise neamhaibí in aice láimhe.
  • I ndálaí tromchúiseacha triomaigh, is féidir le féar triomaithe agus bairr eile dul trí thine ar raon cineálacha talún feirme, fiú ar thalamh íseal.
  • Is féidir le feirmeoireacht ghníomhach, beostoc a chur ag innilt go cuí agus bearta eile laghdaithe breosla an riosca dóiteáin a laghdú go héifeachtach.
  • Eisítear fógraí contúirte dóiteáin le bainisteoirí talún a chur ar an eolas faoi na dálaí riosca dóiteáin a bhíonn ann idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair agus le go bhféadtar bearta ullmhachta a dhéanamh in am.
Cosain do theach

  • Déan cinnte de go gcoimeádtar fásra inadhainte guaiseach amhail aiteann, raithneach agus féar ag leibhéil ísle le riosca dóiteáin a laghdú.
  • Ba chóir 30m ar a laghad de spás saor ó bhreosla a choinneáil le struchtúir a chosaint
  • Coinnigh saor bealaí rochtana. Déan sainaithint ar fhoinsí uisce, béil tuile agus foinsí uisce oscailte, agus coinnigh saor ó bhacainní iad.
  • Tabhair cúnamh do chomharsana breacaosta nó leochaileacha rioscaí a bhainistiú agus fásra a choinneáil ar leibhéal sábháilte thart ar a n-áit chónaithe.
  • Tuairiscigh rud ar bith atá amhrasach don Gharda Síochána. Tuairiscigh tinte neamhrialaithe nó tinte gan aon duine ina mbun do na seirbhísí éigeandála trí ghlaoch ar 112 nó 999.
Úsáideoirí na tuaithe

  • Ná las beárbaiciú in aon chás i bpáirceanna, i limistéir fiathalún ná in aon suíomh atá gar d'fhásra agus do chrainn.
  • Ná las tine i bhforaoisí, i limistéir áineasa ná in áiseanna eile, ná gar dóibh.
  • Páirceáil go freagrach. Coinnigh saor bealaí rochtana éigeandála.
  • Tabhair aird ar chomharthaí agus ar threoracha ó úinéirí talún agus ó oifigigh údaraithe.
Comhairle sábháilteachta beárbaiciú

Is minic gur bealach iontach iad gníomhaíochtaí lasmuigh le do chuid ama fóillíochta a chaitheamh, ach tá a rioscaí dóiteáin uathúla féin ag baint leo ba chóir a cheart a thabhairt dóibh.

Ba cheart go mbeadh beárbaiciú ina eispéireas sábháilte agus taitneamhach ach is furasta d'aird a bhaint nuair a bhíonn cairde agus teaghlach thart ort agus tú ag cócaireacht. Le gortuithe, nó damáiste do mhaoin, a sheachaint, lean na réamhchúraimí simplí seo:

  • Ná las beárbaiciú riamh ar bhalcóin.
  • Cinntigh go bhfuil do bheárbaiciú ag feidhmiú go maith.
  • Cinntigh go bhfuil an beárbaiciú ar shuíomh cothrom, i bhfad ón teach nó ón árasán, ó chrainn nó ó thoir.
  • Coinnigh leanaí, cluichí gairdín agus peataí i bhfad amach ón limistéar cócaireachta
  • Ná fág an beárbaiciú gan aon duine ina bhun riamh.
  • Coinnigh buicéad uisce nó gainimh in aice láimhe le haghaidh éigeandálaí.
  • Ná las beárbaiciú in aon chás i bpáirceanna, i limistéir fiathalún ná in aon suíomh atá gar d'fhásra, do chrainn.
  • Cinntigh go bhfuil an beárbaiciú fuar sula ndéanann tú iarracht é a bhogadh.
Bí feasach ar riosca dóiteáin ar an bhfeirm

Cuid mhaith de na falscaithe earraigh, tarlaíonn siad tar éis iarrachtaí ciotacha le dó rialaithe a dhéanamh sna hardtailte. Agus drochthriomach ann, is féidir le tinte neamhbheartaithe cur isteach ar ghníomhaíochtaí feirmeoireachta ísealchríche agus, b'fhéidir, ar an bpobal sa cheantar máguaird freisin:

  • Tá sé mídhleathach fásra a dhó idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa.
  • Féadfar fíneálacha, príosúnacht nó laghdú ar an aoníocaíocht feirme a ghearradh ar úinéirí talún a dhónn amhlaidh go mídhleathach.
  • Ní mór d’úinéirí talún ar mian leo dóiteán forordaithe a dhéanamh le linn na tréimhse dleathaí fógra i scríbhinn a thabhairt do gach úinéir foraoise laistigh de mhíle amháin, don tseirbhís dóiteáin agus don Stáisiún Áitiúil Gardaí roimh an oibríocht dóiteáin.
  • Meas cén chaoi a bhféadfadh an deatach cur isteach ar phobail in aice láimhe. Má bhíonn amhras ort, ná dóigh rud ar bith.
  • Déan plean dóiteáin. Ullmhaigh bealaí éalaithe agus pointí tionóil d’oibrithe a oibríonn trealamh. Bíodh fáil ar thancaeir uisce i rith oibríochtaí an fhómhair agus triomach ann.

Foghlaim tuilleadh faoi shrianta ar bhearradh fálta sceach agus ar dhó.

Foraoiseacht

Ba chóir d’úinéirí agus do bhainisteoirí foraoise machnamh a dhéanamh ar na bearta maolaithe dóiteáin is féidir leo a chur i bhfeidhm d'fhonn cailliúint acmhainní agus gnáthóg foraoise agus damáiste dóibh de dheasca dóiteáin a choinneáil ó dhoras:

  • Measúnú riosca: Déan measúnú ar do thalamh maidir le riosca dóiteáin agus fachtóirí maolaithe.
  • Ullmhú: ba cheart pleananna dóiteáin a leagan amach maidir le gach foraois.
  • Bí san airdeall: ba cheart d’úinéirí foraoise a bheith thar a bheith airdeallach i ndiaidh tréimhsí fada tirime.Féach ar an riosca reatha maidir le dóiteáin foraoise.
  • Comhoibriú: Tá comhoibriú idir úinéirí talún ríthábhachtach le dóiteáin a choinneáil ó dhoras do chách. Ba chóir d’úinéirí foraoise dul i gcomhar lena gcuid comharsan maidir le pleanáil dóiteáin agus an fhreagracht as patróil dóiteáin agus faireachas dóiteáin a roinnt.
  • Tuairiscigh tine láithreach: Má fheiceann tú tine, ná cuir ar an méar fhada é; glaoigh ar 112 nó 999. Ná déan talamh slán de go gcuirfidh duine éigin eile an glao.
  • Tuairiscigh gach caillteanas. Má bhíonn damáiste déanta do d'fhoraois nó má scriostar í, cuir an caillteanas sin in iúl a luaithe is féidir do na Gardaí agus don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le bainistíocht dóiteáin agus cosaint i gcoinne falscaithe.

Agus oibríochtaí comhraic dóiteáin ar bun, ná cuir dróin ag eitilt i ngar do thinte ná d’oibríochtaí comhraic dóiteáin toisc go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le rioscaí tromchúiseacha sábháilteachta d’aeroibríochtaí, do chriúnna eitilte agus do dhaoine aonair ar an talamh. Is guais thromchúiseach iad dróin atá ag eitilt i ngar d'aerárthaí agus is féidir leo cur isteach ar iarrachtaí comhraic dóiteáin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat