Comhairliúchán ar Rialacháin um an Scéim Chlibeála Bradán Fiáin agus Breac Geal, 2021 agus Bearta Caomhnaithe le haghaidh Sheasúr 2022
- Foilsithe: 10 Samhain 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 10 Samhain 2021
- dúnadh na haighneachtaí: 9 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
Tugann Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fógra reachtúil go bhfuil sé i gceist aige na Rialacháin um an Scéim Chlibeála Bradán Fiáin agus Breac Geal, 2021 a dhéanamh, chun foráil a dhéanamh le haghaidh bhainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal fiáin ag Iascach Intíre Éireann ón 1 Eanáir 2022.
Tá cóip de na dréachtrialacháin ar oscailt le haghaidh iniúchadh poiblí ag oifigí na Roinne sa Chabhán.
Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha. Foilseofar gach aighneacht bhailí a gheofar anseo.
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí ná 9ú Nollaig 2021.
Más mian leat tuairimí ar na dréachtrialacháin nó agóidí ina gcoinne a chur isteach, is féidir leat iad a sheoladh chugainn tríd an ríomhphost IFDPublicConsultations@decc.gov.ie nó sa phost:
Rannóg an Iascaigh Intíre
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Leamháin
Bóthar Ghleann an Iarla
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Éire
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach a bheidh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a sheoltar chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra um Príobháideacht Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.