An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Comhairliúchán ar thograí maidir le bainistiú bhradán fiáin an Atlantaigh in Éirinn ó 2027 ar aghaidh
- Foilsithe:
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 30 Meán Fómhair 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 30 Deireadh Fómhair 2026
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Nuashonrú an 6 Deireadh Fómhair 2026
- Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
- Cúlra
- Conas aighneacht a dhéanamh
- Cosaint Sonraí
Nuashonrú an 6 Deireadh Fómhair 2026
Tá tuarascáil breise agus ceisteanna coitianta curtha leis an gcomhairliúchán.
Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
Is é is aidhm don chomhairliúchán seo tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal maidir leis an gcaoi ar cheart stoic bradán fiáin Atlantach na hÉireann a bhainistiú agus a chosaint mar fhreagairt ar an meath leanúnach atá ag teacht orthu.
Tar éis d'Iascach Intíre Éireann athbhreithniú a dhéanamh ar Chreat Bainistíochta Bradán na hÉireann, tá tuairimí á lorg ag an Roinn maidir le pacáiste beart níos réamhchúramaí chun saothrú bradán a bhainistiú, d’fhonn bonn eolais a chur faoi shocruithe do shéasúr iascaireachta 2027.
Cúlra
Tá meath tromchúiseach ag teacht ar stoic bhradán fiáin an Atlantaigh in Éirinn. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na mbradán atá ag filleadh ar aibhneacha na hÉireann le blianta beaga anuas agus tá ag méadú ar líon na stoc abhann aonair nach bhfuil ag baint amach na leibhéil is gá chun tacú leis an mbuaint. Léiríonn an meath sin meascán de bhrúnna ar feadh shaolré an bhradáin agus is cuid é de mheath níos leithne ar stoic bradán go hidirnáisiúnta.
Ar iarratas ón Aire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le hIascaigh agus an Mhuir, Timmy Dooley TD, thug an IFI faoi athbhreithniú ar Chreat Bainistíochta Bradán na hÉireann chun a mheas an bhfuil an creat reatha fós oiriúnach dá fheidhm agus chun roghanna a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar an meath leanúnach ar stoic bradán.
Fuarthas amach san athbhreithniú go bhfuil an creat bainistíochta eolaíochtbhunaithe de réir abhann atá ann cheana fós iomchuí mar bhonn chun iascaigh bhradán a bhainistiú ach sainaithníodh ann go bhfuil gá le cur chuige níos réamhchúramaí agus le béim níos láidre ar stoic bhradán a chosaint agus a athshlánú. Sainaithnítear san athbhreithniú raon beart a d’fhéadfadh a bheith ann chun bainistiú agus cosaint bhradán fiáin an Atlantaigh a neartú. Chuir sé sin bonn eolais faoi na tograí agus na saincheisteanna níos leithne a bhfuil do thuairimí á lorg ina leith tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí seo.
Cuirfidh an comhairliúchán seo bonn eolais faoi bhreithniú an Aire ar aon bhearta atá le tabhairt isteach ó shéasúr 2027 tríd an gcreat agus na rialacháin bainistíochta iascaigh atá ann cheana. Tá an Roinn, i gcomhar le hIIÉ agus comhlachtaí eile, dírithe freisin ar dheiseanna a aithint chun cosaint agus téarnamh níos fadtéarmaí bradán fiáin a neartú agus, dá bhrí sin, tá tuairimí á lorg ag an gcomhairliúchán seo maidir leis na tosaíochtaí agus na gníomhartha ba cheart a bheith mar bhonn eolais don obair níos fadtéarmaí seo.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo ar cheachtar de na bealaí seo a leanas:
An suirbhé comhairliúcháin ar líne a chomhlánú, ina bhfuil ceisteanna maidir leis na bearta sonracha atá á mbreithniú chun iascaigh bhradán a bhainistiú ó 2027 ar aghaidh.
Tá an suirbhé ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://forms.gov.ie/ga/6abb9f8c1d4e0fe76aa11dc0-public-consultation-proposals
Déan aighneacht i scríbhinn trí ríomhphost, ina leagtar amach do thuairimí maidir le haon ábhar a chumhdaítear leis an gcomhairliúchán seo.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig IFDPublicConsultations@dcee.gov.ie. nó postáil chuig:
Creat Bainistíochta Bradán
An Rannóg Iascaigh Intíre
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Teach Elm
Bóthar Earlsvale
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Éire
Is é 5.30pm Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Ní chuirfear aighneachtaí déanacha san áireamh.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid gach aighneacht agus aiseolas sula ndréachtófar an Rialachán.
Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:
- An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI)
- Na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE)
- An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Féadfaidh an Roinn ábhar gach aighneachta a fhaightear chuig ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Déanfaimid sonraí pearsanta a fholú (a bhaint) sula bhfoilseofar iad.
Sonraigh aon fhaisnéis íogair
Agus tú ag freagairt don chomhairliúchán seo, cuir in iúl go soiléir cá bhfuil aon fhaisnéis i do fhreagra nár mhaith leat a scaoileadh faoi SF, AIE nó a fhoilsiú ar shlí eile.
D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachais Sonraí
Ba mhaith linn d'aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachais Sonraí ina mínítear an méid seo a leanas:
- conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a ndéanaimid amhlaidh
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo
- do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta
- conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú