An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Comhairliúchán Poiblí ar an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2026-2028
- Foilsithe:
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 10 Iúil 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 4 Meán Fómhair 2026
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Comhairliúchán dúnta
Forbhreathnú ar chomhairliúchán
Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo ná aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara chun eolas a dhéanamh d’ullmhú Threochlár na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2026-2028.
Cúlra
I gcomhréir leis an ngealltanas i Straitéis Uile-Rialtais na hÉireann don Gheilleagar Ciorclach 2026-2028, tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag ullmhú na dara leagain de Threochlár na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia. Tá sé mar aidhm ag an Treochlár a chinntiú go bhfuil Éire ar an mbealach ceart chun na spriocanna faoin Treoir Réime Dramhaíola athbhreithnithe a bhaint amach maidir le laghdú ar dhramhbhia, agus chun caillteanas bia agus dramhbhia a laghdú i gcomhréir le Sprioc Forbairt Inbhuanaithe 12.3 de chuid na Náisiún Aontaithe.
Is fadhb dhomhanda é dramhbhia a bhfuil iarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha aige. Tá dul i ngleic le caillteanas bia agus dramhbhia ar cheann de na príomhchéimeanna is féidir linn a glacadh chun inbhuanaitheacht a bhaint amach, cabhrú dul i ngleic leis an athrú aeráide agus tacú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach agus bithgheilleagar.
Sa chéad Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025 d’Éirinn, bunaíodh gníomhaíochtaí tosaíochta chun dramhbhia a laghdú thar phríomhearnálacha i slabhra an tsoláthair bia. Ó foilsíodh an chéad Treochlár, tá athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir Réime Dramhaíola tar éis teacht i bhfeidhm, ina n-áirítear bearta sonracha coisc atá le glacadh ag Ballstáit chun dramhbhia a laghdú, chomh maith leis na spriocanna ceangailteacha seo a leanas maidir le dramhbhia a laghdú atá le baint amach ar leibhéal náisiúnta faoi 2030:
- laghdú 10% ar ghiniúint dramhbhia i bpróiseáil agus i ndéantúsaíocht i gcomparáid le méid an dramhbhia a gineadh mar mheán bliantúil idir 2021 agus 2023
- laghdú 30% ar ghiniúint dramhbhia in aghaidh an duine, i miondíol agus i ndáileadh eile bia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh, i gcomparáid le méid an dramhbhia a gineadh mar mheán bliantúil idir 2021 agus 2023
Tá na spriocanna ceangailteacha maidir le dramhbhia a laghdú atá le baint amach agus na riachtanais nua atá sa Treoir Réime Dramhaíola athbhreithnithe, an-tábhachtach chun an chéad Treochlár eile a mhúnlú. Chomh maith leis sin, tá príomhthorthaí Thionscadal an Chiorcail Bia ó FoodCloud, a bhfuil tuarascálacha ina bhfuil moltaí ar athdháileadh agus deonú bia barrachais san áireamh iontu, ag déanamh eolais freisin d’fhorbairt an chéad Treoirchlár eile.
Is féidir rochtain a fháil ar na tuarascálacha ar shuíomh gréasáin FoodCloud ag an nasc seo a leanas: https://www.food.cloud/foodcircle
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5:00pm Dé hAoine, 4 Meán Fómhair 2026 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí
Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh trí fhreagraí a thabhairt ar na ceisteanna sa suirbhé atá ar fáil tríd an nasc suirbhé ar líne seo a leanas:https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/NFWPRSurvey2026
Mura bhfuil tú in ann an suirbhé atá nasctha thuas a chomhlánú, is féidir leagan PDF a iarraidh.
Is féidir an suirbhé a chur isteach trí ríomhphost chuig foodwaste@dcee.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán ar an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia
Rannóg Beartais Straitéisigh an Gheilleagair Chiorclaigh
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Y35 AP90
Cosaint sonraí
Táimid tiomanta do phlé le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó le haon eagraíocht aighneacht a chur chugainn maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí agus an t-aiseolas go léir sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2026-2028.
Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (SF)
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007-2018 (RFC)
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Foilsiú freagraí
Tá sé ar intinn againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a fhaightear le haghaidh ár gcomhairliúchán a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin. Déanfaimid sonraí pearsanta a leasú (a bhaint) sula bhfoilseofar iad.
Sonraigh aon fhaisnéis íogair le do thoil
Agus tú ag freagairt don chomhairliúchán seo, sonraigh go soiléir áit ar bith i do fhreagra ina bhfuil aon fhaisnéis nach mian leat a eisiúint faoi SF, RFC nó a fhoilsiú ar shlí eile.
D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra um Príobháideacht Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra um Príobháideacht Sonraíina mínítear:
- conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a ndéanaimid amhlaidh
- conas a láimhseálaimid na sonraí seo
- do chearta maidir le bailiú sonraí pearsanta
- conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú