Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Dréachtstraitéis Bhithgheilleagair 2026-2030

Tá an Comhairliúchán dúnta


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

Fáiltíonn an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC), agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) roimh aighneachtaí maidir leis an Dréachtstraitéis Náisiúnta Bithgheilleagair 2026-2030.

Leagtar amach sa Dréachtstraitéis fís na hÉireann maidir le bithgheilleagar inbhuanaithe agus iomaíoch a fhorbairt a thacaíonn le gníomhú ar son na haeráide, a neartaíonn forbairt réigiúnach agus tuaithe, a fheabhsaíonn éifeachtúlacht acmhainní, a chruthaíonn deiseanna eacnamaíocha nua agus a chosnaíonn bithéagsúlacht agus éiceachórais nádúrtha.

Cabhróidh do thuairimí leis an Straitéis dheiridh a mhúnlú.

Dréachtstraitéis Bhithgheilleagair 2026-2030
Amharc amharc

Cúlra

Sa Straitéis seo, is éard atá i gceist leis an mbithgheilleagar ná na gníomhaíochtaí a úsáideann acmhainní bitheolaíocha chun luach inbhuanaithe, atá dearfach don dúlra, a sholáthar trí tháirgí, seirbhísí, eolaíocht agus teicneolaíocht. Baineann sé le táirgeadh príomhúil (talmhaíocht, foraoiseacht, iascaigh agus dobharshaothrú) agus bainistíocht (aschur, dramhaíl), chun bithmhais a chlaochlú trí phróiseáil, bith-dhéantúsaíocht agus bith-theicneolaíocht le haghaidh bia agus beatha, sláinte, fuinnimh, tionscail, ábhair, tógáil agus seirbhísí éiceachórais. Ailíníonn sé seo le Straitéis Bhithgheilleagair an AE agus léiríonn sé nádúr trasearnála an bhithgheilleagair mar thiománaí don nuálaíocht, inbhuanaitheachta agus claochlaithe bith-thionsclaíoch.

Soláthraíonn an Straitéis Náisiúnta Bithgheilleagair 2026–2030 creat straitéiseach chun tacú le forbairt leanúnach bhithgheilleagar na hÉireann sna cúig bliana amach romhainn.

Ag tógáil ar bheartas náisiúnta roimhe seo agus ag léiriú tosaíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn, tá sé mar aidhm ag an Straitéis:

  • dlús a chur leis an aistriú chuig bithgheilleagar ciorclach agus inbhuanaithe
  • tacú le nuálaíocht, taighde agus tráchtálú réitigh bhithbhunaithe
  • úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite a chur chun cinn
  • forbairt eacnamaíoch réigiúnach agus tuaithe a neartú
  • cur le cuspóirí aeráide, bithéagsúlachta agus comhshaoil na hÉireann
  • comhoibriú a spreagadh ar fud an rialtais, an tionscail, an saol acadúil agus pobail
  • feasacht agus tuiscint an phobail ar na deiseanna a chuireann an bithgheilleagar i láthair a mhéadú

An fáth a bhfuil tábhacht le do thuairimí

Bíonn tionchar ag an mbithgheilleagar ar go leor gnéithe de shochaí na hÉireann agus den gheilleagar. Cuireann sé deiseanna ar fáil chun poist inbhuanaithe a chruthú, dramhaíl a laghdú, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, tacú le feirmeoirí, foraoiseoirí agus pobail chósta, éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú agus cur le huaillmhianta aeráide na hÉireann.

Fáiltímid roimh aighneachtaí ó gach duine a bhfuil spéis acu i mbithgheilleagar na hÉireann amach anseo, lena n-áirítear:

  • baill den phobal
  • feirmeoirí, foraoiseoirí agus iascairí
  • gnólachtaí agus ionadaithe tionscail
  • taighdeoirí agus institiúidí acadúla
  • údaráis áitiúla
  • eagraíochtaí pobail agus deonacha
  • eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil
  • comhlachtaí poiblí, agus
  • aon pháirtithe leasmhara eile

Conas aighneacht a dhéanamh

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5pm Dé hAoine, an 28 Lúnasa 2026.

Déan d’aighneacht, le do thoil, tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú: https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/NationalBioeconomyStrategyPublicConsultationGaeilge

Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?

Nuair a bheidh an comhairliúchán dúnta, déanfaidh RAFC agus RTBM athbhreithniú agus breithniú ar na haighneachtaí go léir agus an Straitéis Náisiúnta Bithgheilleagair 2026–2030 á tabhairt chun críche.

Foilseofar tuarascáil chomhairliúcháin ina ndéanfar achoimre ar an aiseolas a fuarthas tar éis an próiseas comhairliúcháin a bheith críochnaithe.

Cosaint sonraí

Táimid tiomanta plé le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach.

Is féidir le haon duine nó le haon eagraíocht aighneacht a chur chugainn maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfaimid gach aighneacht agus an t-aiseolas go léir a mheas sula bhfoilseoimid na leaganacha deireanacha den Straitéis Bhithgheilleagair 2026-2030

Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (SF)
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007-2018 (RFC)
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Foilsiú freagraí

Tá sé ar intinn againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a fhaightear le haghaidh ár gcomhairliúchán a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Déanfaimid sonraí pearsanta a leasú (a bhaint) sula bhfoilseofar iad.

Léirigh aon fhaisnéis íogair le do thoil

Agus tú ag freagairt don chomhairliúchán seo, léirigh go soiléir má tá aon

fhaisnéis i do fhreagra nach mbeadh tú ag iarraidh go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó go bhfoilseofaí ar bhealach eile í.

D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra um Príobháideacht Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra um Príobháideachas Sonraí ina mínítear:

  • conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a ndéanaimid amhlaidh
  • conas a láimhseálaimid na sonraí seo
  • do chearta maidir le bailiú sonraí pearsanta
  • conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú

Is féidir breathnú ar an Fógra um Príobháideachas Sonraí ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-aer%C3%A1ide-fuinnimh-agus-comhshaoil/eolas-eagraiochta/data-protection/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat