Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An t-eolas is deireanaí ar sholáthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda - Deireadh Fómhair 2022


Na buaicphointí is déanaí faoin gclár

Príomhéachtaí

Amhail an 30 Meán Fómhair, tá breis agus 20,000 áitreabh ar fud na tíre nasctha anois le leathanbhanda ardluais faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Agus breis agus 85,000 áitreabh in-nasctha ag deireadh mhí Mheán Fómhair, tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar an mbóthar ceart chun an sprioc atá aige a chomhlíonadh, is é sin go mbeidh breis agus 100,000 áitreabh in-nasctha faoi dheireadh an tríú bliain dá chonradh (deireadh mhí Eanáir 2023).

Nascphointí Leathanbhanda

Soláthraítear le Nascphointí Leathanbhanda nascacht gan sreang chun tacú le hobair chianda agus le pobail nasctha trí rochtain phoiblí a thabhairt ar leathanbhanda ardluais saor in aisce roimh an bpríomh-imscaradh snáithín faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Amhail an 30 Meán Fómhair:

  • tá beagnach 280 ceann de Nascphointí Leathanbhanda Poiblí suiteáilte ar Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, agus iad réidh lena nascadh
  • tá nasc suiteáilte ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann i 470 Scoil Náisiúnta laistigh den limistéar idirghabhála, agus iad réidh lena nascadh le Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (faoi réir iad a bheith á nascadh ag an Roinn Oideachais)

An tEolas is Deireanaí ar Chur i bhFeidhm Leathanbhanda Náisiúnta Éireann

  • Cáblú Snáithín: tá 14.4 km de chábla snáithín suiteáilte ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar fud na tíre
  • Dearaí: tá dearaí snáithín curtha i gcrích do 338,000 Áitreabh
  • Oibreacha Tógála: tá 46,000 Cuaille uasghrádaithe ag Openeir nó suiteáilte ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
  • Áitribh In-nasctha: tá 85,411 Áitreabh in-nasctha anois ag Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar fud 25 Chontae
  • Naisc: tá 20,512 Nasc curtha i gcrích ag Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
  • 94,539 nÁitreabh ar fáil lena réamhordú/lena n-ordú **ar fud 25 Chontae*

Foinsíodh na sonraí uile ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, mar a bhí an scéal ag an 30 Meán Fómhair 2022. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann. Is féidir faisnéis faoi na staitisticí Príomhtháscaire reatha a fháil ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.

Ceisteanna

Seasann an limistéar Gorm ar léarscáil an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda do limistéir atá cumhdaithe cheana féin ag oibritheoirí tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí leathanbhanda ardluais. Ní thagann na limistéir sin faoi Limistéar Idirghabhála Stáit an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Aon tomhaltóir sa limistéar Gorm a bhíonn ag teacht ar dheacrachtaí i ndáil le leathanbhanda ardluais a fháil, rud atá sainmhínithe mar íosluas íoslódála 30 Mbps agus mar íosluas uaslódála 6 Mbps, ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh lena s(h)oláthraí seirbhíse leathanbhanda chun an tsaincheist a imscrúdú agus chun a fháil amach cén fáth a bhfuil na luasanna leathanbhanda mall nó cén fáth nach féidir an tseirbhís sin a sholáthar.

Teagmháil a dhéanamh le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann

Seoladh ríomhphoist ginearálta - contactus@nbi.ie

Seoladh ríomhphoist le haghaidh ionadaithe tofa - reps@nbi.ie

Thar an teileafón: 0818 624 624

Teagmháil a dhéanamh leis an Roinn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trínár bhfoirm ceiste don tseirbhís do chustaiméirí.

An Plean Náisiúnta Leathanbhanda

Tá an idirghabháil atá faoi stiúir an Stáit faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda á déanamh ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann faoi chonradh chun líonra leathanbhanda ardluais a sheasfaidh an aimsir a chur i bhfeidhm laistigh den limistéar idirghabhála, rud ina gcumhdaítear 1.1 milliún duine a chónaíonn nó a oibríonn i mbreis agus 560,000 áitreabh. Áirítear leo sin 100,000 ceann, beagnach, de ghnólachtaí agus d’fheirmeacha agus thart ar 679 scoil.

Tá an próiseas chun snáithín a sholáthar do gach teach sa Limistéar Idirghabhála ag bailiú nirt, agus measann Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go mbeidh rochtain ag breis agus 100,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí ar bhonneagar leathanbhanda den chéad scoth faoi dheireadh na bliana 2022.

Tagann an Plean Náisiúnta Leathanbhanda faoi shainchúram na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat