An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
An Plean Náisiúnta um Nochtaí Éigeandála Núicléacha agus Raideolaíocha nuashonraithe ag an Roinn
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Pleananna, agus freachnaimh ghaolmhara, a thabhairt cothrom le dáta mar chuid de phleanáil theagmhasach leanúnach agus stuama
D’fhoilsigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, an Plean Náisiúnta nuashonraithe um Nochtadh Éigeandála Núicléach agus Raideolaíoch. Is é seo an ceathrú plean náisiúnta den sórt sin de chuid na hÉireann.
Déantar pleananna den sórt sin, agus freachnaimh ghaolmhara, a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus go minic – chun tástáil struis a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil an rialtas, gníomhaireachtaí Stáit agus an tionscal ullamh chun raon cásanna hipitéiseacha féideartha a bhainistiú go héifeachtach. Tá ról lárnach ag pleananna den sórt sin maidir le freagairt chomhordaithe a áirithiú ar theagmhais shuntasacha i gcás go dtarlódh a leithéid, is cuma cé chomh neamhdhóchúil nó neamhchoitianta is tá sé sin, agus tá siad i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Leagtar amach sa phlean na céimeanna le haghaidh freagairt náisiúnta ar thionóisc nó teagmhas nochta éigeandála den sórt sin ón gcoigríoch, agus an t-aistriú ina dhiaidh sin chuig cás nochta bainistithe reatha. Déantar foráil sa phlean maidir le húsáid struchtúir bhunaithe an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála (GNCÉ), dá bhforáiltear faoi Chreat Bainistíochta Straitéisí Éigeandála (BSÉ) an rialtais. Leagtar amach sna struchtúir sin na céimeanna, na freagrachtaí agus na nósanna imeachta iomchuí d’aon imeacht den sórt sin.
Tar éis plean náisiúnta 2019 a fheidhmiú i mí Mheán Fómhair 2022, rinneadh an plean a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta – bunaithe ar obair a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí ón bhfreachnamh; I ndiaidh samhaltú scaipthe atmaisféaraigh a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a fhíorú agus i gcomhréir le critéir chineálacha le haghaidh gníomhaíochtaí cosanta arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, meastar nach bhfuil an moladh maidir le foscadh in Éirinn infheidhme a thuilleadh agus baineadh an teachtaireacht 'Téigh isteach, Fan Istigh, Tiúnáil Isteach' den phlean nuashonraithe.
Rannpháirtíocht fhorleathan le ranna tacaíochta agus le príomhghníomhaireachtaí
Thug an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, mar aon le GCC, faoi rannpháirtíocht fhorleathan le ranna tacaíochta agus le príomhghníomhaireachtaí a bhfuil róil agus freagrachtaí acu le linn timpiste náisiúnta nochta éigeandála ó thar lear. Chuaigh an Roinn agus GCC i gcomhairle freisin leis an Oifig Pleanála Éigeandála maidir leis an bPlean Náisiúnta nuashonraithe a thabhairt cothrom le dáta agus chuaigh siad i dteagmháil le Tascfhórsa an Rialtais um Pleanáil Éigeandála. Áirithítear leis an ról atá ag na comhlachtaí sin freagairt chomhordaithe ar mhórtheagmhais, dá dtarlóidís.
Cé go bhfuil teagmhas den chineál seo thar a bheith neamhdhóchúil, tá an rialtas ar an eolas faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus tá sé tiomanta a chinntiú go n-íoslaghdófar aon rioscaí den sórt sin agus go dtabharfar aghaidh ar theagmhais. Tá an plean náisiúnta nuashonraithe, mar aon le grafaic faisnéise agus faisnéis phoiblí, ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-aeráide-fuinnimh-agus-comhshaoil/foilseachain/an-plean-náisiúnta-le-haghaidh-nochtaí-éigeandála-núicléiche-agus-raideolaíche
Coinneofar an plean náisiúnta faoi athbhreithniú, chun athruithe nó ceachtanna a aithníodh ó fhreachnaimh agus imeachtaí, agus athruithe ar thírdhreacha núicléacha thíortha comharsanacha na hÉireann a chur san áireamh.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tar éis Plean Náisiúnta 2019 maidir le Nochtaí Éigeandála Núicléacha agus Raideolaíocha a fheidhmiú i mí Mheán Fómhair 2022, rinneadh an plean náisiúnta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear aiseolas agus moltaí a eascraíonn as an bhfreachnamh, samhaltú a fíoraíodh go neamhspleách a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus dea-chleachtas idirnáisiúnta i ndáil le gníomhaíochtaí cosanta.
Ina theannta sin, tá athruithe tagtha ar an tírdhreach núicléach le roinnt blianta anuas agus imoibreoirí núicléacha sa Ríocht Aontaithe dúnta anois agus an t-athrú ar oibríochtaí ar shuíomh Sellafield. Mar thoradh ar na hathruithe seo tá athrú tagtha ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag aon timpiste núicléach sa Ríocht Aontaithe ar Éirinn.
Ullmhaíodh an Plean Náisiúnta um Nochtaí Éigeandála Núicléacha agus Raideolaíocha i gcomhréir le forálacha ullmhachta agus freagartha éigeandála Threoir Euratom maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (CBS) – Treoir ón gComhairle 2013/59/Euratom agus cuireann sé leis na pleananna roimhe seo, leis an taithí sa réimse sin agus leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Tá bonn reachtúil ag an bplean seo sna Rialacháin fán Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991 (An Radaíocht Ianúcháin), 2019 – I.R. Uimh. 30 de 2019 – Rialachán 55. Soláthraíonn GCC saineolas eolaíoch agus teicniúil ar chúrsaí cosanta raideolaíochta agus tá freagracht reachtach air faoi I.R. Uimh. 30 de 2019 chun éifeachtacht na mbeart cosanta atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta a thástáil.