Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fianaise ar theacht aniar in earnáil gheo-eolaíochta na hÉireann ó éifeachtaí COVID-19

  • Torthaí an tsuirbhé airgeadais ar líonra gnó Gheo-Eolaíocht Éireann
  • Láimhdeachas láidir €1.23 billiún in 2019
  • Gnóthachan glan níos ísle ó thaobh post de sa chéad leath de 2020 mar gheall ar COVID-19

Tá torthaí suirbhé airgeadais 2019 agus eolas ar líon na bpost sa chéad leath de 2020 á bhfógairt inniu ag Geo-Eolaíocht Éireann, ar líonra gnó de 40 cuideachta é a fheidhmíonn i mbreis agus 70 tír agus a fhaigheann cúnamh ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus ó Fhiontraíocht Éireann.

Ba é €1.23 billiún láimhdeachas cuideachtaí Gheo-Eolaíocht Éireann in 2019, an méid is mó riamh agus méadú 20% le hais 2018. Bhain €362 milliún, nó 27%, de sin le hearnáil na bhfiontar beag agus meánmhéide; €496 milliún an tuilleamh ó mhargaí taobh amuigh d’Éirinn, méadú 4% le hais 2018.

Tá éifeachtaí COVID-19 le sonrú sa líon post a tuairiscíodh maidir leis an gcéad shé mhí in 2020; níor cláraíodh ach méadú glan beag 51 post. Is sainchomhairleachtaí agus déantúsóirí nach raibh in ann tionscadail thar sáile a sheirbhísiú is mó a chaill poist. Bhain 50% de na baill leas as an Scéim um Fhóirdheontas Pá Sealadach ag an tús, ach níl ach 5% páirteach sa scéim anois. Bhí diantionchar ag na srianta sláinte poiblí a d’éirigh as COVID-19 ar bhaill Gheo-Eolaíocht Éireann ag an tús, ach tá maolú air sin ó bhí lár na Bealtaine ann agus obair foirgníochta agus forbairt bonneagair ar siúl arís i bhformhór na margaí.

Tá an laghdú géar ar fhorbairt bonneagair i ndiaidh an chúlú eacnamaíochta dheireanaigh go fóill ag imirt tionchair ar an ngeilleagar, agus fáiltíonn Geo-Eolaíocht Éireann roimh an ngealltanas sa Chlár don Rialtas caiteachas ar bhonneagar riachtanach a chothabháil. Is údar misnigh freisin é go bhfuil gealltanas déanta tacú le tionscadail shuntasacha bhonneagair trí Threoracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus trí Threoracha Idirnáisiúnta Airgeadais.

Is í an chonstaic is mó ar theacht aniar bhaill Gheo-Eolaíocht Éireann a dheacra atá sé ag oibrithe taisteal go háiteanna thar lear chun tacaíocht a chur ar fáil agus maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail. Cúis mhór imní eile atá ag baill Gheo-Eolaíocht Éireann go laghdóidh Rialtas na hÉireann an caiteachas bonneagair a beartaíodh mar gheall ar COVID-19.

Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann:

“Is dea-scéal é an fás agus forbairt leanúnach ar chnuasach gnó Gheo-Eolaíocht Éireann, agus tá na sonraí go maith le hais na sonraí a d’fhoilsigh Fiontraíocht Éireann ar na mallaibh, a léirigh gur tháinig méadú 15% ar easpórtálacha ag a cliantchuideachtaí anuraidh.

Tá cuideachtaí Gheo-Eolaíocht Éireann ag dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann leis an éiginnteacht leanúnach mar gheall ar COVID-19 agus ar an mBreatimeacht. Leanfaidh Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann lena tacaíocht do Gheo-Eolaíocht Éireann, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.”

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Sheán Finlay, Geo-Eolaíocht Éireann, 087 2575017, sean.finlay@gsi.ie

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

  • Is cnuasach gnó le 40 cuideachta é Geo-Eolaíocht Éireann a chuireann saineolas comhtháite ar fáil maidir le forbairt uisce, mianraí, comhshaoil agus bonneagair do chliaint i mbreis agus 75 tír. Bunaíodh in 2012 é agus faigheann sé cúnamh ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus ó Fiontraíocht Éireann. Cuireann an cnuasach seirbhísí deartha, sainchomhairleoireachta agus conartha ar fáil do ghníomhaireachtaí iltaobhacha, do rialtais agus don earnáil phríobháideach.
  • Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann Gníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta na hÉireann agus is rannóg de chuid na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil í. Tá an t-eagras freagrach as comhairle agus eolas geolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Déanann an tSuirbhéireacht réimse táirgí, ina measc mapaí, tuarascálacha agus bunachair shonraí. Bíonn sé ag feidhmiú mar lárionad faisnéise agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach réimse de gheolaíocht na hÉireann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat