An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascáil Deiridh ar Athbhreithniú ar Úsáid Talún Chéim 2 foilsithe
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá 'Talamh Bheo', an tuarascáil deiridh do chéim 2 den Athbhreithniú Náisiúnta ar Úsáid Talún, foilsithe anois. Comhlíonann sé sin gealltanas i gClár an Rialtais 2025: 'Todhchaí na hÉireann a dhaingniú' – inar leagadh amach ‘an dara céim den Athbhreithniú ar Úsáid Talún a chomhlánú, arb é is aidhm dó cothromaíocht a bhaint amach idir cúinsí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha.' Dhírigh an chéad chéim den Athbhreithniú ar Úsáid Talún ar bhailiú fianaise agus tugadh chun críche í i mí an Mhárta 2023, faoi stiúir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).
Bhí Grúpa Maoirseachta i gceannas ar Chéim 2 den athbhreithniú, faoi chathaoirleacht neamhspleách Geraldine Tallon. Seoladh an tuarascáil chríochnaitheach ón nGrúpa Maoirseachta – dar teideal ‘Talamh Bheo’ – chuig an triúr Airí freagracha, is é sin le rá: an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon; agus an tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Christopher O'Sullivan. Tar éis don triúr Airí an tuarascáil a bhreithniú agus tuilleadh machnaimh a dhéanamh uirthi ar leibhéal an rialtais i gcoitinne, tá an tuarascáil foilsithe anois.
Déanann ‘Talamh Bheo’ cur síos ar phatrúin maidir le húsáid talún atá ann faoi láthair, agus ar na héilimh éagsúla ar thalamh chun ár ngealltanais náisiúnta chomhshaoil a chomhlíonadh, go háirithe i gcomhthéacs geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de in 2050. Is é is cuspóir dó bonn fianaise a chur ar fáil don rialtas, d’fhonn tacú le lucht ceaptha beartas agus le sealbhóirí talún i gcinnteoireacht chasta - maidir le héilimh iomaíocha ar úsáid talún sa todhchaí i gcomhthéacs cuspóirí talmhaíochta, socheacnamaíocha, aeráide, cáilíochta uisce agus comhshaoil na hÉireann a bhaint amach.
Ní léiriú é ar bheartas an rialtais ná ar straitéis nua maidir le húsáid talún, ná níor ghlac an rialtas leis.
Léiríonn 'Talamh Bheo' samhlacha acadúla maidir le conas a d’fhéadfadh Éire aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Léiríonn na 'conairí' múnlaithe seo fairsinge na bpatrún úsáide talún a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus cuimsíonn siad raon cásanna dúshlánacha.
Tá úsáid talún mar bhonn agus mar thaca ag ár n-earnáil agraibhia den chéad scoth, le honnmhairí ar fiú €21 billiún iad do gheilleagar na hÉireann chomh maith le go leor buntáistí neamheacnamaíocha, lena n-áirítear féiniúlacht chultúrtha, bithéagsúlacht agus oidhreacht. Cé go gcuirtear chun suntais le 'Talamh Bheo' gur gá cleachtais bainistíochta talún a fhorbairt a thuilleadh chun deiseanna, cuspóirí agus gealltanais idirnasctha na hÉireann maidir le húsáid talún a bhaint amach go hiomlán, cuirtear in iúl freisin leis freisin go leor samplaí atá ann cheana de dhea-chleachtas agus de cheannaireacht rialtais in Éirinn.
Ag labhairt ar an tuarascáil, dúirt an tAire O'Brien:
"Fáiltím roimh fhoilsiú 'Talamh Bheo'. Cuireann an tuarascáil seo go mór leis an gcomhrá náisiúnta maidir leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as talamh in Éirinn, rud a chabhraíonn linn ár gcuspóirí aeráide agus eacnamaíocha araon a bhaint amach."
Dúirt an tAire Martin Heydon:
"Tá an talamh ar cheann de na hacmhainní is mó atá againn ach tá sé ar cheann de na cinn is teoranta. Chuaigh feirmeoirí, mar choimeádaithe na talún, i mbun oibre ar ár son i dtéarmaí táirgeadh bia agus seirbhísí éiceachórais níos leithne; is fearr a thuigeann siad an tábhacht a bhaineann le húsáid ilfheidhmeach talún. Léirítear é sin trí Chomhar ACRES agus trí shamplaí eile dea-chleachtais atá doiciméadaithe sa tuarascáil."
Creat rialachais náisiúnta maidir le húsáid talún
Moltar sa tuarascáil gur cheart d’Éirinn creat rialachais náisiúnta maidir le húsáid talún a fhorbairt. Cuireann sé sin deis thábhachtach ar fáil don rialtas chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartais atá ann cheana a bhfuil gné úsáide talún ag baint leo, chun a oibleagáidí comhshaoil a chomhlíonadh, agus chun sealbhóirí talún poiblí agus príobháidí a chomhordú agus a dhreasú chun bainistiú a dhéanamh ar acmhainneacht talún buntáistí iomadúla sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a sholáthar. Molann sé gur cheart go ngníomhódh Tascfhórsa um Úsáid Talún, a ndéanfaidh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara comhchathaoirleacht air, chun ionadaithe sinsearacha ón Roinn Tithíochta agus ó ranna agus comhlachtaí ábhartha eile a chur san áireamh.
Leis an gcreat sin, scrúdófaí conas is féidir leis an Stát an úsáid is fearr is féidir a bhaint as talamh chun freastal ar riachtanais éagsúla sochaí, lena n-áirítear táirgeadh inbhuanaithe bia, agus buntáistí socheacnamaíocha á gcur ar fáil ag an am céanna, an dúlra a athbhunú, cáilíocht an uisce a fheabhsú, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide a fheabhsú. Oibreoidh sé go dlúth freisin leis an Tascfhórsa um Oiriúnú.
Is féidir breathnú ar 'Talamh Bheo' ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/department-of-climate-energy-and-the-environment/publications/land-use-review-phase-2/
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Le 4 thuarascáil/dhoiciméad tacaíochta, cuireadh bonn eolais faoi Talamh Bheo agus foilsíodh iad in éineacht le 'Talamh Bheo'. Is iad seo:
- Tuarascáil Mearchonaire i dtreo Beartais ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) maidir le 'Ról na dTailte Poiblí chun Cuspóir an Rialtais a bhaint amach maidir le Feabhas a chur ar Thorthaí Socheacnamaíocha, Aeráide, Bithéagsúlachta, agus Cáilíochta Uisce agus Aeir'.
- Tuarascáil Mearchonaire i dtreo Beartais GCC ar ról an Airgeadais Phríobháidigh: 'Torthaí Úsáide Talún a Bharrfheabhsú: Ról an Airgeadais Phríobháidigh'.
- Tuarascáil Mearchonaire i dtreo Beartais de chuid GCC maidir leis na Bacainní a bhíonn roimh úinéirí talún maidir le hathrú ar úsáid talún dar teideal: 'Athrú ar Úsáid Talún Talmhaíochta agus Idirghabhálacha le haghaidh Torthaí Ilfheidhmeacha Úsáide Talún'.
- Tuarascáil arna coimisiúnú ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ar 'Stair Úsáide Talún in Éirinn'.