Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá aersuirbhé geoifisiceach curtha i gcrích ag Éirinn – an tír ar fad mapáilte

Tá Éire ar cheann den bheagán tíortha ar domhan a chuir aersuirbhé geoifisiceach mionsonraithe i gcrích

I ndiaidh 16 bliana agus níos mó ná 440,000 km, tá an eitilt dheireanach déanta anois ag Clár Tellus


Tá Éire ar cheann den bheagán tíortha ar domhan a chuir aersuirbhé geoifisiceach mionsonraithe i gcrích. I ndiaidh 16 bliain agus breis agus 440,000 km d'eitilt, tá an eitilt dheireanach déanta ag Clár Tellus.

Cuireadh tús leis an aersuirbhé in 2011 i réigiún na teorann, le maoiniú trasteorann ón gClár Eorpach Interreg. Ansin, tháinig an Clár Tellus, faoi bhainistíocht Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (cuid den Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comshaoil), chun bheith ina shuirbhé náisiúnta arna mhaoiniú ag an bPlean Forbartha Náisiúnta. Cinntíonn an eitilt dheireanach seo go bhfuil sonraí bailithe ó gach cearn den tír. Fágann sé sin go bhfuil Éire ar cheann den bheagán tíortha is fearr ó thaobh mapáil gheolaíochta ar domhan, agus ina cheannaire maidir le sonraí suirbhéireachta geoifisiceacha san Eoraip.

Bailíonn an t-aersuirbhé – arna oibriú ag an sainchomhlacht Ceanadach, Sander Geophysics Ltd – sonraí maighnéadacha, leictreamaighnéadacha agus sonraí faoi radaighníomhaíocht nádúrtha ó na carraigeacha agus an ithir faoinár gcosa. Déantar na sonraí a thiontú ina léarscáileanna agus úsáidtear iad chun tacú le bainistiú ár n-acmhainní nádúrtha, chun cuidiú le monatóireacht chomhshaoil, chun réimsí riosca radóin a sainaithint, chomh maith le mapáil gheolaíochta a fheabhsú.

Dúirt Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, Koen Verbruggen:

"Tar éis 16 bliana, tá lúcháir orm an eitilt shuirbhéireachta dheireanach agus críoch aershuirbhé gheoifisiceach Tellus a fheiceáil. Tá tuilleadh dian-oibre le teacht maidir leis na sonraí a imscrúdú, a shamhaltú agus a mhapáil. Mar sin féin, is nóiméad thar a bheith suntasach é seo d’Éirinn mar go mbeidh sonraí eolaíochta níos fearr againn chun cabhrú le cinntí a dhéanamh maidir leis an gcaoi is fearr lenár n-acmhainní nádúrtha a bhainistiú. Cuirfimid na sonraí seo ar fáil saor in aisce, agus táim ag súil go mór lena fheiceáil ag tacú le polasaí, leis an tionscal agus le taighde i réimsí éagsúla. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa tionscadal iontach seo."

Tá na sonraí próiseáilte agus ar fáil faoi láthair le híoslódáil ó shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann do thart ar 80% den tír. Cumascfar na sonraí deireanacha leis an gcuid eile de shonraí an tsuirbhé agus beidh siad ar fáil in 2027. Tá gach sonra agus léarscáil saor in aisce le híoslódáil.

Mar gheall ar an eitilt íseal a bhí i gceist leis an aerárthach, ag eitilt ag airde 60m, rinneadh clár cuimsitheach cumarsáide oibríochtúla.

Ba mhaith le Suirbhéireacht Gheolaíochta na Éireann buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ar fad, chomh maith leis na húinéirí talún agus na geallsealbhóirí as a gcabhair agus a gcomhoibriú le 16 bliana anuas. Chomh maith leis sin, tá meas ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann ar scil agus ar dhíograis na bpíolótaí, ar dócha go bhfaca siad níos mó d’Éirinn ná aon duine eile. Mar gheall ar leochaileacht na n-uirlisí ar bord agus an riachtanas teicniúil gan eitilt i mbáisteach, i ngaoth nó i gceo, bhí foighne mhór ag teastáil ó na geallsealbhóirí go léir a bhí páirteach. Mar sin féin, tá luach saothair faighte ar an bhfoighne sin agus beidh na tacair sonraí náisiúnta a táirgeadh thar a bheith tairbheach don Stát amach anseo.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta Eolaíochta Cruinne in Éirinn. Tá sí freagrach as comhairle agus faisnéis gheolaíoch a sholáthar, agus as sonraí a fháil chun na críche seo. Táirgeann sí raon táirgí, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair shonraí, agus feidhmíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg de chuid na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC) í Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann.

Is féidir a suíomh gréasáin a fháil ag an nasc seo a leanas: https://www.gsi.ie/ga-ie/pages/default.aspx

Ba í 'Tellus' bandia na talún sa mhiotaseolaíocht Rómhánach, tugtar 'Terra Mater' uirthi chomh maith.

Rinneadh an t-aersuirbhé geoifisiceach i gcomhthráth le suirbhé geo-cheimiceach ithreach náisiúnta, áit a raibh samplóirí ag bailiú samplaí fisiceacha ar fud na hÉireann.

Tá na sonraí ó na suirbhéanna geoifisiceacha agus geo-cheimiceacha ar fáil go saor in aisce do chách a luaithe agus a dhéantar iad a phróiseáil agus a sheiceáil.

Is féidir na sonraí a fháil ag an nasc seo a leanas: https://www.gsi.ie/ga-ie/programmes-and-projects/tellus/pages/data-and-maps.aspx.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat