Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá fíneálacha breise bruscair agus ciste €250,000 do phobail níos glaine fógartha ag an Aire Dillon

  • Léiríonn torthaí an tSuirbhé Náisiúnta go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh i ndáil le bruscar
  • Léirítear sna torthaí go bhfuil difear á dhéanamh ag iarrachtaí comhchoiteanna, ach cuirtear i dtábhacht freisin an gá maidir le gníomhaíocht leanúnach
  • Le ciste nua, tacófar le húdaráis áitiúla limistéir phoiblí, páirceanna, tránna agus glasbhealaí a choinneáil glan, agus béim á leagan ar dhúshláin amhail salú madraí

D'fhógair an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir leis an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon, pacáiste beart inniu le tacú le pobail níos glaine, lena n-áirítear ciste nua €250,000 d’údaráis áitiúla agus méadú ar fhíneálacha bruscair ó €150 go €250 ón 1 Meán Fómhair 2026.

Tagann an fógra i gcomhthráth le foilsiú thorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar (CNMTB) 2025, ina léirítear feabhsuithe leanúnacha ar leibhéil bhruscair ar fud na hÉireann.

Leis an gciste nua, arna mhaoiniú trí Chiste an Gheilleagair Chiorclaigh, tacaítear le húdaráis áitiúla chun boscaí bruscair dramhaíola madraí, dáileoirí málaí sa bhreis agus bonneagar gaolmhar a cheannach i bpáirceanna, tránna, glasbhealaí agus áiteanna eile a úsáideann úinéirí madraí go rialta. Eiseofar ciorclán chuig údaráis áitiúla in am trátha ina mbeidh na sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh ar an maoiniú sin.

Dúirt an tAire:

"Tá daoine bródúil, mar is ceart, as a bpobail áitiúla, ach fadhb amháin a gcloisim fúithi go mion minic is ea bruscar, lena n-áirítear salú madraí. Leis an gciste nua €250,000 seo, cuidítear le húdaráis áitiúla boscaí bruscair sa bhreis do mhadraí agus bonneagar gaolmhar a chur ar fáil sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo. Is mian linn rudaí a dhéanamh níos éasca d’úinéirí freagracha madraí an rud ceart a dhéanamh agus cabhrú lenár bpáirceanna, ár dtránna agus ár spásanna poiblí a choinneáil glan."

Dhearbhaigh an tAire Dillon freisin gur shínigh sé an t-ordú tosaithe lena bhforáiltear do mhéadú suntasach ar fhíneálacha bruscair. Ón 1 Meán Fómhair 2026, ardóidh an fhíneáil íocaíochta seasta ar an láthair as bruscar a chaitheamh ó €150 go €250.

Chuir an tAire an méid seo a leanas leis:

"Ní mór iarmhairtí a bheith ann le caitheamh bruscair. Iad siúd a chaitheann bruscar, gearrann siad costais ar phobail, ar údaráis áitiúla agus ar cháiníocóirí. Leis an méadú ar fhíneálacha, tugtar teachtaireacht shoiléir nach féidir glacadh leis an mbruscar agus nach mór d’údar an truaillithe íoc as. Déanann an chuid is mó daoine a gcuid bruscair a dhiúscairt go freagrach. Tá sé éagórach gur féidir le gníomhartha de chuid mionlach beag spásanna poiblí a mhilleadh ar gach duine eile."

'Cuir sa bhruscar é nó beir abhaile leat é'

Chuir an tAire Dillon fáilte freisin roimh sheoladh feachtais feasachta frithbhruscair ar fud na tíre – 'Cuir sa bhruscar é nó beir abhaile leat é' – ag na hOifigí Réigiúnacha Pleanála um Bainistiú Dramhaíola, le tacaíocht ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.

Mhínigh an tAire:

"Tá an forfheidhmiú tábhachtach, ach tá an t-oideachas agus an fheasacht chomh tábhachtach céanna. Tá an teachtaireacht simplí: Mura bhfuil bosca bruscair in aice láimhe, beir do bhruscar abhaile leat. Baineann an rud céanna le dramhaíl madraí. Tá ról le himirt ag gach duine againn chun Éire a choimeád glan."

Léiríonn an Suirbhé Náisiúnta Bruscair go bhfuil rudaí á bhfeabhsú go leanúnach

Léiríonn an Córas Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, lena ndearnadh monatóireacht ar leibhéil bhruscair ar fud na tíre ó 1999 i leith, tuilleadh dul chun cinn in 2025.

Aimsíodh an méid seo a leanas sa suirbhé:

  • Aicmíodh níos mó ná suíomh amháin as gach cúig shuíomh a ndearnadh suirbhé orthu (20.6 %) mar shuíomh neamhthruaillithe, suas ó 19.2% in 2024
  • Thit na limistéir atá truaillithe go measartha go suntasach ó 17.4% go 13.3%
  • Tháinig laghdú ar limistéir atá truaillithe go suntasach freisin, titim ó 3.0% go 2.6%

Leagtar béim sna torthaí freisin ar an ngá atá le gníomh leanúnach. Is iad coisithe atá ag dul thar bráid fós an fhoinse truaillithe bruscair is mó, agus iad is cúis le 39 % den bhruscar go náisiúnta, agus is iad tiománaithe atá ag dul thar bráid is cúis le beagnach aon chúigiú den truailliú bruscair.

Dúirt an tAire:

"Léiríonn na torthaí go bhfuil difríocht á déanamh ag ár n-iarrachtaí comhchoiteanna, ach cuireann siad i gcuimhne dúinn freisin gur fadhb iompraíochta fós é an bruscar den chuid is mó. Tagann formhór an bhruscair ó ghníomhaíochtaí laethúla atá inseachanta go hiomlán. Ní tharlaíonn pobail níos glaine trí thimpiste. Tarlaíonn siad toisc go nglacann daoine freagracht as a gcuid gníomhaíochtaí agus toisc go n-oibríonn údaráis áitiúla, pobail agus rialtas le chéile."

Tacú le pobail níos glaine

Dúirt an tAire Dillon le meascán d'fhorfheidhmiú níos láidre, infheistíocht spriocdhírithe agus feasacht an phobail go gcabhrófar le tuilleadh feabhsuithe a bhrú chun cinn ó thaobh leibhéal bruscair de agus go dtacófar le cuspóirí níos leithne an rialtais maidir leis an ngeilleagar ciorclach. Thug sé faoi deara go gcuireann sráideanna, páirceanna agus tránna níos glaine feabhas ar cháilíocht na beatha, go dtacaíonn siad leis an turasóireacht, go gcosnaíonn siad an bhithéagsúlacht agus go neartaíonn siad bród an phobail.

Mar fhocal scoir, dúirt sé:

"Trí fhíneálacha níos airde, bonneagar feabhsaithe agus feasacht leanúnach an phobail, tá céimeanna praiticiúla á nglacadh againn chun pobail níos glaine, níos sláintiúla agus níos tarraingtí a thógáil ar fud na hÉireann."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Shínigh an tAire Dillon an t-ordú tosaithe d'Alt 36 den Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha 2022 ar an 17 Meitheamh 2026.

  • Tiocfaidh an fhíneáil bhreise maidir le bruscar €250 i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2026
  • Cuirfear suas le €250,000 ar fáil ó Chiste an Gheilleagair Chiorclaigh in 2026 chun tacú le húdaráis áitiúla bonneagar i ndáil le salú madraí a cheannach
  • Tá an Córas Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar (CNMTB) ag feidhmiú ó 1999 agus soláthraíonn sé sonraí bliantúla ar threochtaí truaillithe bruscair ar fud na tíre
  • Le CNMTB, gintear, trí shuirbhéanna údaráis áitiúil (breis is 5,000 in 2025), sonraí iontaofa chun cur ar chumas gach údaráis áitiúil athruithe ar mhéid agus ar chomhdhéanamh an truaillithe bruscair ina limistéir feidhme a thomhas go cruinn le himeacht ama, rud a fhágfaidh go mbeidh pleanáil bainistíochta bruscair níos éifeachtaí ann

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat