An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Leagann an tAire Dooley béim ar ról Uachtaránacht na hÉireann ar AE agus COP17 ag teacht chun críche sa Mhongóil
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Bhí Éire i gceannas ar chomhordú AE le linn coicís idirbheartaíochta
- Tagann COP17 UNCCD ar chomhaontú maidir le buiséad an Choinbhinsiúin agus leantar den obair ar athléimneacht i leith triomaigh
- Athdhearbhaíonn AE a thiomantas do chomhar iltaobhach éifeachtach
D’fháiltigh Timmy Dooley, an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, roimh an dul chun cinn a rinneadh ag deireadh chomhdháil COP17 de chuid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac (UNCCD) in Ulaanbaatar, sa Mhongóil, áit a raibh Éire i gceannas ar chomhordú AE agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici.
Le linn na comhdhála, a mhair 2 sheachtain, d’oibrigh Éire go dlúth le Ballstáit AE agus leis an gCoimisiún Eorpach chun seasaimh choiteanna a chomhordú agus chun tacú le cur chuige láidir cuiditheach AE i leith na hidirbheartaíochta maidir leis an ngaineamhlú, díghrádú talún agus triomach.
Agus é ag labhairt tar éis dheireadh an 17ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP17), dúirt an tAire Dooley:
"Bhí freagracht thábhachtach ar Éirinn ag COP17 as a bheith i gceannas ar an Aontas Eorpach agus é a chomhordú.
"D'oibrigh ár bhfoireann go dlúth leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún Eorpach le linn idirbheartaíocht chasta, rud a chuidigh le seasamh láidir aontaithe Eorpach a choinneáil ar bun. Táim bródúil as an ngairmiúlacht agus as an tiomantas a léirigh foireann na hÉireann, anseo in Ulaanbaatar agus sna míonna ullmhúcháin roimh an COP seo."
Thángthas ar chomhaontú ag COP17 maidir le buiséad an Choinbhinsiúin, agus chomhaontaigh na Páirtithe leanúint den obair ar ghníomhaíocht idirnáisiúnta amach anseo maidir le bainistiú réamhghníomhach triomaigh.
Dúirt an tAire Dooley freisin:
"Tá na dúshláin a bhaineann le triomach agus díghrádú talún ag éirí níos práinní ar fud an domhain. Rinneadh dul chun cinn ag COP17 i réimsí tábhachtacha, ach is léir go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh. Leanfaidh Éire agus AE dá rannpháirtíocht chuiditheach, de chomhthuiscint a chothú agus de thacú le gníomhaíocht idirnáisiúnta atá uaillmhianach agus praiticiúil."
Bhí AE ag súil le tuilleadh dul chun cinn i réimsí áirithe, lena n-áirítear comhionannas inscne, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus comhar níos láidre idir na 3 Choinbhinsiún Rio maidir le talamh, aeráid agus bithéagsúlacht. D’athdhearbhaigh sé a thiomantas don obair sin a thabhairt chun cinn roimh COP18.
Ba é COP17 an chéad COP mór comhshaoil le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Leis an gcomhdháil, cuireadh taithí luachmhar ar fáil roimh an idirbheartaíocht idirnáisiúnta bhreise maidir leis an gcomhshaol a dhéanfar níos déanaí i mbliana.
Ghabh AE agus a Bhallstáit buíochas freisin le hUachtaránacht na Mongóile ar COP17 as a ceannaireacht agus le muintir na Mongóile as a bhfáilteachas le linn na comhdhála.
Reáchtáladh COP17 UNCCD in Ulaanbaatar ón 17 go dtí an 28 Lúnasa 2026.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ghlac Éire le ceann de na róil is mó tionchair san Aontas Eorpach – agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici (ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026).
Go dtí deireadh na bliana, beidh Éire i gcroílár chinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ag stiúradh idirbheartaíochta casta a mhúnlaíonn dlíthe agus beartais do thart ar 450 milliún duine. Tagann sé seo ag tráth dúshlánach don Aontas, agus cogadh na Rúise san Úcráin fós ar siúl, an imirce fós ina hábhar íogair ó thaobh polaitíochta de, brú ar iomaíochas, agus an gá le spriocanna aeráide a bhaint amach ag dul i méid. D’éirigh le hÉirinn an Uachtaránacht a shealbhú go rathúil, 7 n-uaire cheana féin, go minic le linn tréimhsí ina raibh athruithe suntasacha ar siúl. Tugann téarma 2026 deis eile don tír ceannaireacht a dhéanamh ar an Aontas, ag brath ar thaithí agus ar thaidhleoireacht, agus le tiomantas láidir don chomhpháirtíocht.
Seo an t-ochtú uair d’Éirinn, Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacadh uirthi féin, ó ghlac sí le ballraíocht san AE. Is é an nath cainte Gaeilge, "Ní neart go cur le chéile", mana Uachtaránacht na hÉireann.
Tá 3 phríomhcholún i gceist le hUachtaránacht na hÉireann: iomaíochas – rathúnas agus folláine a chur chun cinn; luachanna – cloí le bunchloch riachtanach ár nAontais; agus slándáil – ár saoránaigh a chosaint.