Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire O'Brien faoi Pháipéar Bán tábhachtach – ina leagtar amach fís fhadtéarmach d’earnáil na cumhachta

  • Leagfar amach sa Pháipéar Bán ár gconair i dtreo todhchaí fuinnimh leictrithe – bunaithe ar leictreachas glan, slán, inacmhainne
  • Cuirfidh Páipéar Bán na hEarnála Cumhachta creat ar fáil do bheartas, reachtaíocht agus infheistíocht amach anseo

D'fhógair an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, inniu go bhfuil tús curtha le Páipéar Bán nua ar earnáil cumhachta na hÉireann – lena gcuimsítear giniúint, tarchur, dáileadh agus rialáil leictreachais. Leagfar amach sa Pháipéar Bán sin an fhís fhadtéarmach d’earnáil cumhachta na hÉireann go dtí 2050. Cuirfidh sé creat ar fáil d’fhorbairt beartais, do reachtaíocht agus d’infheistíocht amach anseo – i dtreo oibleagáid shonraithe na hÉireann maidir le haeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050.

Is é straitéis fuinnimh na hÉireann le fada an lá ná an geilleagar a leictriú. Is é seo an tsamhail trína bhféachfaidh Éire le fuinneamh glan, slán, inacmhainne a bhaint amach faoi 2050. Tabharfar aghaidh sa Pháipéar Bán ar shaincheisteanna straitéiseacha agus ar chomhbhabhtálacha in earnáil na cumhachta agus leagfar amach ann conas is féidir linn córas fuinnimh a fhorbairt amach anseo a bheidh bunaithe ar leictreachas glan, ar níos mó slándála fuinnimh agus ar inacmhainneacht do chách. Beidh sé bunaithe ar anailís ardcháilíochta ar leibhéal na gcóras lena scrúdófar rioscaí; cásanna; soláthar agus éileamh; an eangach agus rialachas. Déanfaidh sé na roghanna beartais atá ar fáil don rialtas a shainaithint agus a mheas – thar an tréimhse go dtí 2050.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Is deis iontach é aistriú fuinnimh na hÉireann dúinn go léir, chun cabhrú lenár ngeilleagar agus lenár dtionscail a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche, chun deiseanna nua a chur ar fáil do ghnólachtaí, agus chun buntáistí inbhraite a chruthú dár bpobail ar fud na hÉireann.

"Beidh an Páipéar Bán seo ina chuid lárnach den aistriú fuinnimh chuig leictreachas glan, slán, inacmhainne a threorú. Leagfaidh sé bealach amach chun beart a dhéanamh – don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht.

"Beidh gá le comhrá agus comhoibriú náisiúnta chuige sin. Ag tosú inniu, iarraim ar na páirtithe leasmhara go léir ar fud an rialtais agus sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus deonacha oibriú linn ar an tionscnamh seo."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Mar chuid den phróiseas ina gcinnteofar go bhfuil ár mbeartas fuinnimh láidir, d’fhostaigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (GIF) in 2024 chun staidéar iomlánaíoch slándála fuinnimh a dhéanamh d’Éirinn. Bhí sé sin i gcomhthéacs na moltaí in Athbhreithniú Mhic Chárthaigh ar Shlándáil an tSoláthair Leictreachais, in Athbhreithniú Beartais GIF 2024 ar Éirinn (IDR) agus i gcomhthéacs thuarascáil na Roinne maidir le Slándáil Fuinnimh in Éirinn go dtí 2030.

Chuir GIF tuarascáil maidir le 'Cumhachtú Thodhchaí Fuinnimh na hÉireann' i dtoll a chéile, ina ndearnadh athbhreithniú agus measúnú cuimsitheach ar an ionchas do shlándáil fuinnimh na hÉireann. Sainaithníodh sa tuarascáil gur gá straitéis fuinnimh trasearnála aontaithe a bhunú chun fís a leagan síos chun an t-aistriú a threorú, agus staidéar mionsonraithe slándála ar an meascán soláthair leictreachais mar thaca leis.

Féachfar sa Pháipéar Bán le hoibriú laistigh de chreataí atá ann cheana agus trasna na gcreataí sin, amhail an Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an Straitéis Náisiúnta um Éileamh ar Fhuinneamh.

Áireofar i bhforbairt an Pháipéir Bháin seo rannpháirtíocht rialta agus leanúnach le páirtithe leasmhara. Úsáidfear struchtúr rialachais chun tacú le forbairt an Pháipéir Bháin, lena mbaineann rannpháirtíocht thras-rannach agus earnála. Beidh saineolaithe seachtracha ó earnálacha an fhuinnimh agus na fiontraíochta sa ghrúpa comhairleach seachtrach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat