Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire O'Brien béim ar an 'dul chun cinn suntasach atá déanta ag Éirinn maidir le leictreachas in-athnuaite' ag comhdháil Solar Ireland

  • Is í an ghrian anois an tríú soláthróir leictreachais is mó a ghintear go dúchasach don eangach náisiúnta
  • Tá an ghrian anois ina croí dár soláthar leictreachais, ó shuiteálacha ar dhíonta go feirmeacha gréine ar scála fóntais
  • Beagán os cionn 10 mbliana ó shin, ní raibh ach 2 MW (meigeavatanna) de chumhacht gréine in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá breis agus 2.5 GW (gigeavatanna) ann

Inniu, leag an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, béim ar an bhfás leanúnach suntasach atá ag teacht ar úsáid an fhuinnimh ghréine ar fud na hÉireann, agus ar an ról atá aige maidir le todhchaí fuinnimh atá slán, inbhuanaithe agus inacmhainne a chinntiú do na glúnta atá le teacht.

Agus é ag labhairt i ndiaidh chomhdháil Solar Ireland i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt an tAire go bhfuil Éire ag baint tairbhe as gníomhaíocht leanúnach chun dlús a chur le giniúint leictreachais in-athnuaite. Tá leathnú tapa ag teacht ar úsáid an fhuinnimh ghréine, i dteannta dul chun cinn suntasach san fhuinneamh gaoithe.

D’fhoilsigh Solar Ireland a thuarascáil 'Scale of Solar' chomh maith inniu, a leagann béim ar ról méadaitheach na hearnála gréine maidir le slándáil fuinnimh a neartú, astuithe carbóin a laghdú, agus infheistíocht a mhealladh ar fud na tíre.

Ag trácht air seo, dúirt an tAire O'Brien:

"Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Éirinn agus dlús á chur againn lenár leictreachas in-athnuaite. Ar fud na tíre, tá tionscadail in-athnuaite á seachadadh ar scála mór, agus tá pobail ag glacadh páirt inár n-aistriú fuinnimh. Tá réabhlóid na ndíonta faoi lán seoil, agus teaghlaigh ag baint leasa as deontais rialtais chun painéil ghréine a shuiteáil ar a ndíonta.

"Tá os cionn 8 GW d’acmhainneacht ghiniúna leictreachais in-athnuaite nasctha leis an eangach againn i láthair na huaire. Chun é sin a chur i gcomhthéacs, tá thart ar 5 GW d’acmhainneacht nua ghiniúna leictreachais in-athnuaite curtha againn leis taobh istigh de deich mbliana. Áirítear leis sin go bhfuil ár gcumas fuinnimh gaoithe dúbailte againn, mar aon le soláthar láidir fuinnimh gréine a bheith bunaithe againn. Beagán os cionn 10 mbliana ó shin, ní raibh ach 2 MW (meigeavatanna) de chumhacht gréine in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá breis agus 2.5 GW (gigeavatanna) ann.

"Léiríonn tuarascáil 'Scale of Solar' – a d’fhoilsigh Solar Ireland inniu – an chaoi a bhfuil fuinneamh na gréine bunaithe go daingean anois mar chroí dár soláthar leictreachais, ó shuiteálacha ar dhíonta go feirmeacha gréine ar scála fóntais. Le blianta beaga anuas, tá an fuinneamh gréine tar éis éirí ó bheith ina fhoinse nach raibh mórán cainte uirthi go dtí a bheith ina chomhpháirt mhór dár soláthar leictreachais, agus is é anois an tríú soláthraí is mó de leictreachas a ghintear go dúchasach don eangach leictreachais.

"Trí laghdú a dhéanamh ar an éileamh ar an eangach le linn uaireanta an lae, cuidíonn an fuinneamh gréine le brú a mhaolú ar fhoinsí fuinnimh eile ag amanna ríthábhachtacha – tacaíonn sé seo le córas fuinnimh atá níos athléimní. Léiríonn fianaise go bhfuil giniúint gréine, idir shuiteálacha ar dhíonta agus fheirmeacha ar scála fóntais, ag cur as áit na giniúna gáis níos mó agus níos mó le linn uaireanta an mheán lae, go háirithe ag an am seo den bhliain nuair a bhíonn an fuinneamh gréine ar an leibhéal is láidre. Cabhróidh sé seo, sa deireadh thiar, le costais leictreachais a ísliú do theaghlaigh agus do ghnóthaí."

Tá réimse beart tugtha isteach ag an rialtas chun tacú le himscaradh na gréine, lena n-áirítear an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (STM), an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS), agus an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS). Tá na scéimeanna seo ag cabhrú le teaghlaigh, gnólachtaí, feirmeacha, agus pobail páirt a ghlacadh in aistriú leictreachais in-athnuaite na hÉireann.

Chuir an tAire an méid seo a leanas leis:

"Tá an fás rathúil atá tagtha ar an bhfuinneamh gréine in Éirinn bunaithe ar bheartas soiléir ón rialtas agus ar scéimeanna agus bearta tacaíochta spriocdhírithe. Trí thionscnaimh amhail an deontas PV gréine, agus ár scéimeanna éagsúla tacaíochta leictreachais in-athnuaite, tá tacaíocht ann d’úsáid gréine ar gach scála. Táimid tiomanta do mhaoiniú a chur ar fáil don deontas do ghrianchórais fhótaivoltacha fad a bheidh an rialtas seo i gcumhacht, suas go dtí 2030.

"Cuireann na dúshláin mhéadaitheacha maidir le hinacmhainneacht – a eascraíonn as imeachtaí domhanda le déanaí – béim ar an tábhacht a bhaineann leis an aistriú fuinnimh a leanúint agus dlús a chur leis. Cabhraíonn gach meigeavata de leictreachas in-athnuaite a chuirtear lenár gcóras lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú; déanfaidh sé seo praghsanna a chobhsú san fhadtéarma agus cinnteoidh sé soláthar slán inacmhainne de leictreachas a ghintear go dúchasach do theaghlaigh agus do ghnóthaí na hÉireann.

"Cuidíonn meascán éagsúlaithe de leictreachas in-athnuaite le soláthar leictreachais níos seasmhaí agus níos iontaofa a chinntiú. Comhlánaíonn an ghaoth agus an ghrian a chéile trí leictreachas a ghiniúint ag amanna éagsúla, faoi dhálaí aimsire éagsúla."

Táthar ag súil go dtosóidh an chéad cheant eile den Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar talamh, RESS 6, níos déanaí i mbliana. Táthar ag súil go mbeidh iomaíocht láidir ann agus go gcuirfidh sé brú anuas ar phraghsanna.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS)

Is é an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) príomhscéim tacaíochta na hÉireann do ghineadóirí leictreachais in-athnuaite ar scála fóntais, agus tá sé ina phríomhspreagthóir ar scéal ratha fuinnimh in-athnuaite na hÉireann go dtí seo.

Bhí ról lárnach ag RESS i dtimpeallacht bheartais thacúil a chur ar fáil d'earnáil athnuaiteán na hÉireann, earnáil atá ag fás, ó reáchtáladh an chéad cheant in 2020. Tá an scéim ailínithe go dlúth leis an obair atá á déanamh ag an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh tríd an raon beart cosanta tomhaltóirí a cuireadh san áireamh i ndearadh an cheant, lena n-áirítear an conradh dhá bhealach don mheicníocht difríochta, agus is ionann í freisin agus an príomh-mhodh chun aistriú fuinnimh fadtéarmach agus chun buntáistí gaolmhara a chur ar fáil do thomhaltóirí.

Tá 5 cheant do thionscadail ar talamh faoi scéim RESS reáchtáilte go dtí seo, agus táthar ag súil go dtosóidh an séú ceant ar talamh níos déanaí i mbliana.

Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS)

Tairgeann an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS) dhá rogha dhifriúla do thionscadail leictreachais in-athnuaite.

Is é an chéad rogha ná deontais SRESS atá ar fáil do fhéin-thomhaltóirí in-athnuaite os cionn 50 kW agus suas le 1 MW, agus é sin á chur ar fáil trí Dheontas Micriginiúna Neamh-Bhaile an SEAI. Tá an deontas seo do na daoine sin ar mian leo painéil ghréine a shuiteáil chun cumhacht a thabhairt dá ngnó, dá bhfoirgneamh pobail nó dá bhfeirm féin. Úsáideann siad an leictreachas a ghintear, agus is féidir aon bhreis leictreachais a tháirgtear a stóráil i gceallraí nó a dhíol ar ais lena soláthraí leictreachais trí Ráthaíocht Easpórtála Glaine.

Tá an dara rogha, céim easpórtála SRESS, deartha do thionscadail ghnó, phobail agus fheirmeoirí atá dírithe ar easpórtáil amháin, idir 50 kW agus 6 MW. Tairgeann SRESS bealach níos simplí chun dul chun margaidh do na grúpaí sin, le taraifí seasta don ghrian agus don ghaoth, gan gá le bannaí feidhmíochta ná ceantanna, rud a thagann níos dlúithe le cumas na n-earnálacha sin. Is féidir le gach tionscadal easpórtála suas le 1 MW iarratas a dhéanamh ar an rud ar a dtugtar taraif easpórtála SRESS, agus ní gá gur tionscadal atá faoi úinéireacht FBM (fiontar beag nó meánmhéide) nó feirmeora é.

Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS)

Soláthraíonn an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS) tacaíocht d’iarratasóirí baile agus neamh-bhaile le haghaidh suiteálacha in-athnuaite trí dheontais a chuireann Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann (SEAI) ar fáil.

Tá na hiarratasóirí seo incháilithe freisin chun leas a bhaint as taraif na Ráthaíochta Easpórtála Glaine (CEG), rud a ligeann dóibh íocaíocht a fháil óna soláthraí leictreachais as an mbreis leictreachais in-athnuaite a easpórtálann siad chuig an eangach, rud a léiríonn luach margaidh an leictreachais. Tá an Roinn ar an eolas faoi tharaifí CEG idir 15c/kWh agus 25c/kWh.

Ó 2018 i leith, tá tacaíocht curtha ar fáil ag an MSS do shuiteáil PV Gréine i mbreis agus 115,000 teach.

Deontas PV Gréine Baile

Chonaic an chéad chéim den MSS tabhairt isteach an Dheontais PV Gréine Baile ar an 16 Feabhra 2022. Is féidir le hiarratasóirí baile iarratas a dhéanamh chuig an UFIÉ ar dheontas i dtreo chostas suiteáil painéal PV gréine.

Tá tuilleadh eolais faoin nDeontas PV Gréine Baile ar fáil ag an nasc seo a leanas: Deontais do Ghrianchumhacht Leictreach PV | Deontais Fuinnimh Tí | SEAI.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat