An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Leagann an tAire O'Brien béim ar an dul chun cinn ollmhór atá déanta maidir le córais ceallraí ar scála eangaí, ag comhdháil Energy Storage Ireland
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Tá os cionn 800 MW (meigeavatanna) de stóráil ceallraí ar scála eangaí suiteáilte ar fud na hÉireann ó 2018 i leith
- Cuireann stóráil leictreachais brú anuas ar chostais tomhaltóirí, tríd an ngá atá le hoibriú gléasraí cumhachta gásadhainte ar chostas níos airde a laghdú
Leag Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, béim inniu ar an dul chun cinn ollmhór atá déanta maidir le córais stórála leictreachais a chomhtháthú le heangach leictreachais na hÉireann.
Tá ról lárnach ag na córais stórála sin maidir le solúbthacht a sholáthar, 'aga neamhfhónaimh' foinsí in-athnuaite fuinnimh a laghdú (is é sin, amanna nach féidir leictreachas in-athnuaite a úsáid) agus barrachas leictreachais in-athnuaite a aistriú go tráth éilimh níos airde, rud a chuireann brú anuas ar chostais. Cuirfidh sé sin le todhchaí inacmhainne fuinnimh – do na glúine atá le teacht.
Ag labhairt dó ag comhdháil Stóráil Fuinnimh Éireann inniu i mBaile Átha Cliath, leag an tAire béim ar an obair thábhachtach a rinne an tionscal agus Stóráil Leictreachais Éireann chun 800 MW (meigeavata) de stóráil ar scála eangaí (scála fóntais) a sholáthar agus a nascadh leis an eangach leictreachais le blianta beaga anuas (ó 2018 i leith).
Thug an tAire dá aire freisin gur fhoilsigh Energy Storage Ireland tuarascáil inniu – dar teideal 'Coigilteoir Airgid: Conas a Íslíonn Stóráil Costais Fuinnimh'. Chuala toscairí agus lucht freastail na comhdhála go maítear sa tuarascáil, a d’ullmhaigh an chomhairleoireacht idirnáisiúnta fuinnimh AFRY, go bhféadfadh stóráil "os cionn €102 milliún de choigilteas bliantúil a sholáthar do thomhaltóirí, agus astaíochtaí á laghdú agus úsáid níos fearr á baint as acmhainní fuinnimh in-athnuaite na hÉireann".
D’athdhearbhaigh an tAire tiomantas an rialtais do stóráil leictreachais agus leag sé amach gníomhartha (do phríomhranna rialtais, do chomhlachtaí agus do pháirtithe leasmhara) chun tacú le stóráil leictreachais a sholáthar go leanúnach.
Leagfaidh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil conair faoileoireachta amach maidir le stóráil leictreachais go dtí 2040. Tá an chonair faoileoireachta sin dírithe ar sprioc fhadtéarmach a bhaint amach maidir le stóráil leictreachais agus ar an gcinnteacht ioncaim chun an sprioc sin a bhaint amach – trí phíblíne láidir stórála leictreachais.
Dúirt an tAire O’Brien:
"Ós rud é gur tugadh rochtain iomlán ar na margaí leictreachais i mí na Samhna seo caite, tá buaiceanna aschuir nua de bheagnach 500 MW nach bhfacthas riamh roimhe bainte amach ag an stóráil leictreachais cheana féin. Tá an buaicsheachadadh sin inchurtha le buaicstáisiún mór cumhachta gáis agus chuir sé le laghdú measta suas le 7 % ar aga neamhfhónaimh fuinnimh in-athnuaite.
"Leis an gcinneadh a rinne an Coimisiún um Rialáil Fóntais [CRF] le déanaí i ndáil le taraifí stórála, táthar ag súil go gcuirfear rannpháirtíocht mhéadaithe stórála chun cinn sna margaí leictreachais, rud a laghdóidh costais do thomhaltóirí."
"Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil 2.3 GW (gigeavata) stórála eile ann le cead pleanála agus conarthaí nasctha sa phíblíne. Tacaím go hiomlán leis an bpíblíne láidir sin – chun leictreachas níos glaine, níos inacmhainne, a chur ar fáil do thomhaltóirí na hÉireann."
D’athdhearbhaigh an tAire go gcreideann sé go láidir go soláthrófar leis an obair atá á déanamh ag an tionscal, ag an rialtas agus ag príomhpháirtithe leasmhara na córais stórála leictreachais a theastaíonn chun tacú le haistriú fuinnimh na hÉireann, ar bhealach tráthúil agus cost-éifeachtúil.
CRÍOCH