An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Athdhearbhaíonn an tAire Stáit Dooley tiomantas AE do chomhar maidir le saincheisteanna núicléacha
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Labhraíonn an tAire ag seisiún iomlánach oscailte Chomhdháil Ghinearálta IAEA i Vín
Labhair Timmy Dooley, an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, thar ceann an Aontais Eorpaigh inniu (Dé Luain) le linn seisiún iomlánach oscailte Chomhdháil Ghinearálta na bliana seo de chuid na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) i Vín. Tá ról bunúsach ag IAEA maidir le sábháilteacht agus slándáil núicléach dhomhanda a chur chun cinn, a chothú agus a fheabhsú.
Is ócáid bhliantúil í an Chomhdháil Ghinearálta agus tá sí ar cheann den dá chomhlacht ceaptha beartais de chuid IAEA. Is cloch mhíle shuntasach i stair na Gníomhaireachta í an bhliain seo – an 70ú cruinniú bliantúil as a chéile de Bhallstáit IAEA. Ós í Éire sealbhóir reatha Uachtaránacht AE, thug an tAire Dooley Ráiteas AE le linn sheisiún oscailte na Comhdhála Ginearálta.
Tacaíonn Éire le IAEA agus leis an saineolas tábhachtach agus leis an neamhchlaontacht a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil. I gcaitheamh na seachtaine, pléifear ag an gcomhdháil príomh-shaincheisteanna maidir le sábháilteacht agus slándáil núicléach, lena n-áirítear cúrsaí ag saoráidí núicléacha na hÚcráine, clár núicléach na hIaráine, agus tábhacht coimircí núicléacha agus na sábháilteachta núicléiche.
Dúirt an tAire Dooley:
"Tá áthas orm a bheith anseo inniu ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach i Vín agus mé ag comhlíonadh fhreagracht Uachtaránacht AE na hÉireann labhairt thar ceann an Aontais Eorpaigh chun tacú le hobair thábhachtach IAEA.
"Tá ról bunúsach ag IAEA maidir le sábháilteacht agus slándáil núicléach dhomhanda a chur chun cinn, a chothú agus a fheabhsú. Tacaíonn Éire le IAEA agus leis an saineolas tábhachtach agus leis an neamhchlaontacht a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil. Tá Éire tiomanta don tsábháilteacht núicléach agus don chosaint ar radaíocht, i gcomhréir le caighdeáin IAEA.
"Cuireann an Ghníomhaireacht tacaíocht ríthábhachtach ar fáil freisin d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm na heolaíochta agus na teicneolaíochta núicléiche, rud atá i gcomhréir le cláir forbartha dhomhanda na hÉireann agus a chuidíonn leis an gcomh-iarracht Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
"Ag an tráth seo ina bhfuil dúshláin agus teannas domhanda ag dul i méid, tá gá níos mó ná riamh le hiltaobhachas éifeachtach chun dul i ngleic le dúshláin na huaire. Tá dualgas tábhachtach ar Éirinn labhairt thar ceann AE faoi láthair, agus táimid tiomanta do ról AE mar ghníomhaí idirnáisiúnta prionsabálta a neartú."
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chomhdháil Ghinearálta IAEA, cliceáil ar an nasc seo a leanas: https://www.iaea.org/about/governance/general-conference
CRÍOCH