Ráiteas ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD ar thuarascáil EPA/SEAI ar Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD ar thuarascáil EPA/SEAI ar Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa

  • Féadann Infheistíocht Ghlas Téarnamh Eacnamaíoch a Spreagadh agus Cabhrú Linn Ár Spriocanna Aeráide a Bhaint Amach

Meastar i gcomhfhoilseachán an EPA agus SEAI an lae inniu go raibh laghdú beagnach 6% ar astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa na hÉireann in 2020, i gcomparáid le leibhéil 2019. Is léir go bhfuil cuid mhaith den laghdú ar astaíochtaí mar thoradh ar an bpaindéim agus ar a héifeachtaí ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí, go háirithe sa limistéar iompair inar thit astaíochtaí beagnach 17%.

Tháinig laghdú 14% ar astaíochtaí ón earnáil fuinnimh trí ról níos mó a bheith ag fuinneamh in-athnuaite seachas gual agus móin. San earnáil seo táimid ar an mbealach chun ár gcuspóir 70% in-athnuaite a bhaint amach faoi 2030. Ní dhearna astaíochtaí ón talmhaíocht laghdú 2019 arís agus is léir go mbeidh ar an earnáil seo níos mó a dhéanamh chun ár n-uaillmhian náisiúnta athbhreithnithe a chomhlíonadh.

Ar an iomlán, léiríonn na torthaí seo scála an dúshláin maidir le gealltanais ár gClár Rialtais a chomhlíonadh, is é sin laghdú 7% in aghaidh na bliana ar astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa ó 2021 go 2030 (laghdú 51% thar deich mbliana) agus glan-astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050 Níor leor gan ach níos lú ná an gnó mar is gnách a dhéanamh; ní mór dúinn athruithe bunúsacha a dhéanamh ar an dóigh a ndéanaimid gnó agus ar an dóigh a gcaithimid ár saol.

Agus an dúshlán seo á chomhlíonadh againn, ní mór dúinn téarnamh eacnamaíoch glas a chinntiú dár saoránaigh. Caithfidh ár gcinntí infheistíochta poiblí, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta agus oibriú an chiste Téarnaimh agus Athléimneachta a bheith bunaithe ar an aeráid. Trí infheistíocht a dhéanamh i siúl, rothaíocht agus iompar poiblí, fuinneamh in-athnuaite, tithe níos teo, éagsúlú sa talmhaíocht, agus geilleagar ciorclach a thógáil beimid in inmhe ár spriocanna a bhaint amach agus na poist nua a theastaíonn uainn a chruthú agus muid ag teacht amach ón bpaindéim.

Leagann an Bille Aeráide athbhreithnithe amach an creat maidir leis an dóigh a ndéanfaimid na hathruithe seo, agus tiocfaidh spriocanna astaíochtaí earnála ina dhiaidh. Faoi láthair, tá mé i gceannas ar ullmhúchán an chéad Phlean Gníomhaíochta Aeráide eile, a leagfaidh amach gníomhaíochtaí a chaithfear a dhéanamh ar fud gach earnála eacnamaíochta d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaimid ár ngealltanais.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat