An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh fhógra Bhanc na hÉireann maidir le scairsheilbh an Stáit
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Fáiltíonn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, roimh fhógra Bhanc na hÉireann inniu nach é an Stát an scairshealbhóir is mó atá aige.
Ag labhairt faoin nuacht, dúirt an tAire Donohoe:
“Mar gheall ar oibriú ár bplean trádála atá ag díol scaireanna an Stáit isteach sa mhargadh de réir a chéile, tá ár scairsheilbh i mBanc na hÉireann tite faoi bhun 7%. Mar thoradh, ní an Stát scairshealbhóir is mó an bhainc a thuilleadh. Is forbairt an-dearfach é seo do Stát na hÉireann agus do Bhanc na hÉireann araon.
Creideann Rialtas na hÉireann gur gníomhaíocht í an bhaincéireacht ar cheart don earnáil phríobháideach a chur ar fáil agus gur cheart cistí cáiníocóra a úsáideadh chun na bainc a tharrtháil a aisghabháil agus a úsáid chun críocha níos táirgiúla. Mar a léiríonn nuacht an lae inniu, leanaimid orainn ag déanamh dul chun cinn chun maidir leis an sprioc sin a bhaint amach.”
Críoch