Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

‘Daoine a Chosaint, Gnó a Chosaint, Éire a Chosaint’: Seolann an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt tionscnamh nua atá ceaptha chun coireacht airgeadais, calaois agus sciúradh airgid a chomhrac

Inniu, sheol an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, agus Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Measúnú Riosca Náisiúnta na hÉireann ar Sciúradh Airgid, Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata, in éineacht le Plean Gníomhaíochta nua 30 Pointe atá deartha chun treisiú le freagairt an Stáit do choireacht airgeadais.

Aithnítear leis an tionscnamh nach coireacht gan íospartach í coireacht airgeadais agus gur taobh thiar de gach oibríocht calaoise, camscéime agus sciúrtha airgid atá fíor-íospartaigh, fíorphobail agus fíor-iarmhairtí eacnamaíocha.

Sainaithnítear sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta raon bagairtí atá ag teacht roimh Éirinn, lena n-áirítear calaois a bhíonn ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí, mí-úsáid cripteashócmhainní, rioscaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, ábhair imní maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta, agus leochaileachtaí a bhaineann le líonraí airgeadais domhanda.

Tá 30 beart praiticiúil sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis, agus iad dírithe ar dhaoine a chosaint, ar thacú le forfheidhmiú an dlí, ar dhul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn, ar fhormhaoirseacht a neartú, agus ar chomhar a fheabhsú ar fud an Rialtais agus na sochaí.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhbhearta: comhroinnt faisnéise níos láidre idir gníomhaireachtaí; coimircí feabhsaithe i leith cripteashócmhainní agus airgeadas digiteach; bearta níos déine chun sciúradh airgid a chomhrac i réimse an chearrbhachais; trédhearcacht mhéadaithe maidir le húinéireacht cuideachtaí; agus comhordú níos fearr idir imscrúduithe coireachta airgeadais, cánach agus custam.

Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh freisin a chinntiú go gcoinníonn freagairt na hÉireann suas le hathruithe teicneolaíocha agus le sofaisticiúlacht mhéadaitheach líonraí coiriúla.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Tánaiste:

“Ní coireacht gan íospartach í coireacht airgeadais. Is taobh thiar de gach oibríocht calaoise, camscéime agus sciúrtha airgid atá fíor-íospartaigh – daoine scothaosta a chaill a gcoigilteas, teaghlaigh a ndearnadh calaois orthu agus pobail a ndearna gníomhaíocht choiriúil dochar dóibh.

“Níos mó agus níos mó, bíonn coirpigh ag éirí níos sofaisticiúla, ag baint leas as an teicneolaíocht, ag oibriú thar theorainneacha agus ag oiriúnú go mear d’athruithe. Is gá don Rialtas gníomhaíocht a dhéanamh i bhfianaise na mbagairtí sin.

“Is é an aidhm atá leis an Measúnú Riosca Náisiúnta seo agus leis an bPlean Gníomhaíochta 30 Pointe daoine a chosaint, gnólachtaí a chosaint, agus ár dtír a chosaint.

“Is é atá i gceist leis sin cur leis an gcumas atá againn coireacht airgeadais a bhrath agus cur isteach uirthi, tacú le forfheidhmiú an dlí, comhar a fheabhsú ar fud an Stáit, agus a chinntiú go mbeidh Éire ina háit iontaofa shlán i gcónaí chun cónaí, obair agus gnó a dhéanamh ann.”

Dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin:

“Tugtar sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta seo léargas cuimsitheach ar na bagairtí atá romhainn agus ar na gníomhartha is gá chun aghaidh a thabhairt orthu.

Leis an bPlean Gníomhaíochta 30 Pointe, neartaítear comhar ar fud an Rialtais, an lucht forfheidhmithe dlí, rialálaithe agus an lucht tionscail, agus soláthraítear treochlár praiticiúil le haghaidh freagairt na hÉireann a choinneáil éifeachtach, comhréireach agus oiriúnach don fheidhm.”

Beidh dlúthchomhar idir Ranna Rialtais, an Garda Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim, an Banc Ceannais, rialálaithe agus geallsealbhóirí eile i gceist le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta.

Leanfaidh an Rialtas le faireachán a dhéanamh ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus lena fhreagairt a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is gá, chun a chinntiú go mbeidh Éire athléimneach i gcónaí in aghaidh timpeallacht mhearathraitheach bagartha.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat